Ní raibh mé riamh mar bhall den GPA agus maireann mo mhíshuaimhneas fúthu

Tá diúltaithe ag an GPA uair amháin eile aon aitheantas a thabhairt don iarracht mhór dheonach a chothaíonn agus a spreagann pobal Chumann Lúthchleas Gael

Ní raibh mé riamh mar bhall den GPA agus maireann mo mhíshuaimhneas fúthu

Lúb ar lár is geall go mbeidh sé ina pholl. Tá sé ráite riamh agus glactar leis go bhfuil fírinne leis toisc gur minic a eascraíonn deacrachtaí móra as eolas iomraill, as míthuiscintí agus as easpa cumarsáide.

Easpa cumarsáide nó cosc d’aon ghnó ar chumarsáid is cúis leis an lúb ar lár is déanaí i saol na caide is na hiomána.

Go gairid roimis cluiche Chiarraí agus Mhaigh Eo Dé Sathairn seo caite, tuigeadh dúinn ná beadh imreoirí ag dul i mbun agallaimh roimis ná tar éis na himeartha de bharr aighnis idir Cumann na nImreoirí, an GPA, agus na húdaráis i bPáirc an Chrócaigh maidir le costaisí taistil.

Mar chomhartha dlúthpháirtíochta lena chuid imreoirí, bheartaigh bainisteoirí áirithe, James Horan Mhaigh Eo ina measc, ná beidís siúd leis á gcur féin fé bhráid na meán.

Ná bac leis an ndlúthpháirtíocht a shamhlófá a bheadh ag bainisteoir idirchontae leis na mílte duine a thaistil anuas oíche shalach bháistí chun tacaíocht a thabhairt don bhfoireann contae. Nó leo siúd ar bheagán inniúlachta leis an ríomhaire atá ag dul tríd na húmacha ag iarraidh ticéad a cheannach ar líne na laethanta seo. Dein dearmad chomh maith go bhfuil scata i gCumann Lúthchleas Gael ag déanamh athmhachnaimh ar a ndúthracht i leith na gcluichí tar éis na géarchéime sláinte.

Sea, is tábhachtaí do James Horan, dá chuid imreoirí agus d’imreoirí is bainisteoirí eile breall a chur orthu féin nó go bhfaighid a bhfuil uathu.

Díol spéise do chuid againn sna meáin chumarsáide ná raibh an dlúthpháirtíocht chéanna á léiriú ag gach aon bhainisteoir contae lena gcuid imreoirí ach má táthar chun a bheith fírinneach fé, ní boichte sinn de bharr a dtost.

Leanfaidh an tost tar éis na gcluichí an deireadh seachtaine seo sa mhéid is ná beidh aon ní le rá ag na himreoirí ar laethanta ina mbeidh cluichí ar bun. Beidh rud le rá acu, áfach, ag na hócáidí seo ina mbíonn deis acu a n-ainmneacha a chur le táirge nó imeachtaí tráchtála. Ach sin scéal eile.

Ní rabhas riamh i mo bhall de Chumann na nImreoirí, an GPA. Bhíos liom féin sa mhéid sin toisc go raibh m’iar-chomhghleacaithe go léir ina mbaill. Ní rud é a tháinig eadrainn ag aon uair le linn na mblianta go léir go rabhamar ag imirt le chéile ach d’fhanas go diongbháilte lasmuigh des na ciorcail agus na cuaisneoga sin. Bhí, tá agus beidh ról ag Cumann na nImreoirí sna cluichí Gaelacha.

Tá a maitheasaí féin ag baint leo ach ní fhéadfainn géilleadh go deo don dtuairim gur íobairt a bhí i gceist le himirt led’ chontae ná ní fhéadfainn glacadh leis an dtéarmaíocht a lean an díospóireacht sin. Dar liom gur ceart don imreoir a chuid caide a imirt amhail is gur spórt í agus gur pribhléid a bheith in ann a leithéid a dhéanamh. Sin é an dlí a chruthaíos dom féin agus luífead leis tamall eile.

Ní hionann san is a rá ná fuil aon éagóir á déanamh ar imreoirí an lae inniu. I gcás na gcostaisí atá á n-éileamh acu, níor cheart ná níor chóir d’oiread is imreoir amháin a bheith thíos lena dhúthracht nó lena dúthracht dá rogha spóirt.

Tá sé ag dul dian ar scata imreoirí a gcostaisí a chlúdach i bhfianaise a bhfuil de bhorradh tagtha i bpraghas an bhreosla. Is ceart, is cuí agus is cóir na himreoirí a chúiteamh as a bhfuil caite acu ag taisteal chun na traenála agus na gcluichí. Is trua liom go bhfuil an lá tagtha arís go bhfuil an GPA agus Cumann Lúthchleas Gael i bpíobáin a chéile mar gheall ar chúrsaí airgid ach tá saghas mearathal orm leis an gcúram go léir agus is léir dom go bhfuil cluiche eile á imirt ar chúl an stáitse.

Creidim ionadaithe na n-imreoirí nuair a deirid go dtaibhsítear dóibh go raibh Cumann Lúthchleas Gael ag iarraidh éalú as socrú a bhí déanta trí bliana ó shin a d’fhágfadh ráta níos fearr don mhíle bóthair acu agus a chinnteodh cúinsí níos fearr do bhreis imreoirí istigh leis na painéil chontae.

Tá ceist eile anseo, áfach. Cé acu is fearr atá ag caitheamh leis an imreoir? Cumann Lúthchleas Gael agus iad ag iarraidh teora a chur le líon na seisiún traenála, fiú más go slim claonbheartach féin é, nó an GPA, agus iad siúd ag iarraidh cearta agus costaisí a gcuid imreoirí a chosaint agus a chinntiú ainneoin na n-éileamh atá ag dul i méid bliain i ndiaidh bliana?

Ní dóigh liom gur chabhraigh a bpríomhfheidhmeannach, Tom Parsons, le cás an GPA lena chuid cainte ar an dteilifís oíche Dé Domhnaigh seo caite agus é ag rá nár cheart teora a chur le líon na seisiún traenála a bheadh ar bun ag painéil idirchontae. Muna bhfuil an GPA chun seasamh leis an dtuarascáil a dhein an ESRI – le beannacht an GPA in 2018 – bhuel is seasamh ar mhaide lofa é a bheith ag brath orthu seasamh le haon ní ná lúbann le treo na gaoithe. Léirigh  an tuarascáil an brú ama atá ar imreoirí idirchontae go paiteanta agus go pointeáilte.

Déarfaidh an GPA go mbaineann ceist chrosta na gcostaisí le meas agus le hurraim don imreoir atá ag tabhairt breis ama, breis dúthrachta, breis faid bóthair agus breis na haon rud eile don gcluiche, ach ní théann san go croí na ceiste, dar liom.

Baineann an t-aighneas is déanaí le saoirse is le daoirse. An tsaoirse chun an rogha a dhéanamh idir oiread nó a laghad a thabhairt don gcluiche is geal linn go léir nó bheith fé dhaorsmacht agus fé chuing ag dream eile atá sáite sa chluiche agus nach n-aithníonn an difríocht idir íobairt is pribhléid.

Is dócha gurb é an rud is mó a chuireann as do chosmhuintir CLG ná go bhfuil diúltaithe ag an GPA, uair amháin eile, aon aitheantas a thabhairt don iarracht mhór dheonach a chothaíonn agus a spreagann pobal Chumann Lúthchleas Gael. Ní leor a thuilleadh domsa a chlos uathu gur imreoirí club na himreoirí contae chomh maith.

As a los sin, mo mhíshuaimhneas agus mo mhearathal an tseachtain seo.

Fág freagra ar 'Ní raibh mé riamh mar bhall den GPA agus maireann mo mhíshuaimhneas fúthu'

  • Cluain Sceach

    Ana-alt ó Dhara. Ní hamháin an proifisiúnachas ach an deighilt a chruthaíonn an GPA idir an imreoir condae agus an fear/bean club.