‘Ní raibh mé riamh chomh sásta colscaradh a fheiceáil’ – Páipéar 2 na Gaeilge ‘deas soiléir’

Tháinig deireadh inniu le scrúdú Gaeilge na hArdteiste 2022 agus an chuma ar an scéal go raibh daoine sásta le Páipéar a Dó

‘Ní raibh mé riamh chomh sásta colscaradh a fheiceáil’ – Páipéar 2 na Gaeilge ‘deas soiléir’

Bhí idir mhúinteoirí agus daltaí Ardteiste sásta go maith le Páipéar a Dó na Gaeilge  a bhí ar siúl inniu, mar a raibh píosa léamhthuisceana faoi Mháire Mhac na tSaoi agus ceann eile faoin gceol traidisiúnta.

Ó thaobh na filíochta agus an phróis de ba léir gurb é an rud ba mhó a bhí ag dó na geirbe ag mórán roimh scrúdú an lae inniu ná cé acu an mbeadh nó nach mbeadh an dán ‘Colscaradh’ ar an bpáipéar. Dealraíonn gur ag súil go mbeadh ceisteanna le freagairt faoi dhán Phádraig Mhic Suibhne a bhí formhór na ndaltaí.

Ní haon iontas mar sin go raibh go leor daltaí sásta go raibh ‘Colscaradh’ ar pháipéar na bliana seo.

Dúirt Michelle Caffrey, múinteoir Gaeilge as Pobalscoil Chillín i gcontae Lú, le Tuairisc go raibh sí sásta leis na bpáipéar ardleibhéil agus an páipéar gnáthleibhéil inniu.

“Bhí topaicí deasa sna léamhthuiscintí ar an bpáipéar gnáthleibhéil. Bhí na ceisteanna litríochta indéanta agus bheadh cleachtadh ag na daltaí orthu.

“Bhí ceisteanna deasa soiléire ar an bpáipéar ardleibhéil freisin, bhí seans ag na daltaí a gcuid foghlama a thaispeáint. Is trua nach raibh aon cheist ar ‘An Gnáthrud’ (gearrscéal), ach is gnáthrud é sin um an dtaca seo.

Mheas Edel Nic Giolla, múinteoir Gaeilge  i Meánscoil na Toirbhirte in Uíbh Fhailí, gur chóir go mbeadh lucht na hArdteiste “i bhfad níos sásta ná lucht na sraith sóisearaí lena bpáipéir”.

“I gcas Páipéar 2 don Ghnáthleibhéal, rogha an-féaráilte a bhí ann sna léamhthuiscintí agus sa litríocht. Ní raibh aon rud casta i gcás an phróis ainmnithe nó an fhilíocht. Maidir leis an bhfilíocht tháinig ‘An tEarrach Thiar’ agus ‘Colscaradh’ anuas i mbliana agus ceisteanna sách éasca a bhí gan mórán deacrachta ar chor ar bith ag baint leo,” a deir sí.

Maidir leis an bpáipéar ardleibhéil, deir Edel Nic Giolla go raibh “cothrom na Féinne” le fáil ar an bpáipéar sin freisin.

“Ní dóigh liom go raibh aon rud neamhghnách nó míchothrom ann ó thaobh na gceisteanna de,” ar sí. “Bhí na léamhthuiscintí maith go leor, go háirithe na ceisteanna gramadaí a bhí réasúnta éasca.”

“Sílím go raibh na ceisteanna próis agus filíochta féaráilte agus go raibh seans maith ag scoláirí iad a fhreagairt gan mórán deacrachta. ‘An tEarrach Thiar’ a bhí i gceist san fhilíocht agus bhí an cheist i bhfad níos deise ná in 2016. Maidir leis an litríocht bhreise, ceisteanna réasúnta a bhí iontu. B’fhéidir go raibh an cheist faoi ‘An Triail’ sách casta i gcomparáid le ‘A Thig ná Tit Orm’ agus ‘Tóraíocht Dhiarmada agus Gráinne’.

“Tríd is tríd bhí cothrom na Féinne ann do na scoláirí agus don Ghaeilge i mo thuairimse,” arsa Edel Nic Giolla le Tuairisc.

 

Fág freagra ar '‘Ní raibh mé riamh chomh sásta colscaradh a fheiceáil’ – Páipéar 2 na Gaeilge ‘deas soiléir’'