Ní raibh ‘masla’ ag baint le caint Dháithí Uí Sé faoin Eocairist ag Féile Rós Thrá Lí – cinneadh BAI

Rinneadh cúig ghearán éagsúla le hÚdarás Craolacháin na hÉireann faoi jóc a rinne fear Chorca Dhuibhne faoin Aifreann ar an gclár ‘Rós Thrá Lí’, ach diúltaíodh do na gearáin ar fad

Ní raibh ‘masla’ ag baint le caint Dháithí Uí Sé faoin Eocairist ag Féile Rós Thrá Lí – cinneadh BAI

Rinneadh cúig ghearán le hÚdarás Craolacháin na hÉireann faoi jóc a rinne Dáithí Ó Sé faoin Eocairist agus comórtas Rós Thrá Lí á chur i láthair anuraidh aige, ach dhiúltaigh an BAI do na gearáin sin.

Bhí Rós North Carolina, Maigan Kennedy, faoi agallamh ag fear Chorca Dhuibhne nuair a d’inis sí scéal faoin Aifreann. D’fhreastail an Rós Meiriceánach ar Aifreann Caitliceach den chéad uair agus í in Éirinn don chomórtas idirnáisiúnta. Dúirt sí go raibh an tAifreann cosúil le seisiún sa spórtlann mar gheall ar an suí agus éirí ar fad a bhíonn ar siúl lena linn, agus mar go mbronntar ‘briosca’ ort ag an deireadh.

“Was it gluten-free?” a d’fhiafraigh Ó Sé di.

Chuir an jóc sin isteach ar chúigear den lucht féachana a rinne gearán oifigiúil le hÚdarás Craolacháin na hÉireann.

Dúirt duine amháin gur léirigh an mhír  ‘dímheas’ RTÉ ar an gcreideamh Caitliceach agus go raibh an chuid sin den chlár ‘maslach, aineolach agus gránna’ agus díspeagúil faoin ‘Aifreann Naofa Caitliceach’.

Dúirt gearánaí eile go raibh sé mícheart ‘briosca’ a thabhairt ar an abhlann agus nár chóir go ndéanfaí a leithéid. Dúirt sé nárbh fhéidir aon leithscéal a dhéanamh faoin gceist a chuir Dáithí Ó Sé faoin nglútan, agus gur maith ab eol do Ó Sé “an phian agus an fhulaingt a chuir ár sinsir díobh le saoirse creidimh a bhaint amach”.

Chuir gearánaí eile “mí-úsáid ar shaoirse cainte” i leith Dháithí Uí Shé agus dúirt gur masla a bhí ina chuid cainte do na “Caitlicigh Éireannacha a chreideann i dteagasc Dé”.

Rinne duine eile gearán faoin ngeáitsíocht a bhí ar bun ag Ó Sé agus an cheist faoi ghlútan á cur aige agus dúirt sé go ndearna an láithreoir “ceap magaidh amach is amach” de rud a dtugann Caitlicigh urraim dó, agus gur “mhasla do Dhia Uilechumhachtach” an méid sin.

Mhaígh an cúigiú gearánaí gur léir nach “jóc a dúirt sé as a sheasamh” a bhí i gceist Uí Shé agus go raibh an chaint faoin Aifreann réamhshocraithe. Dúirt an gearánaí gur thuig sé go mb’fhéidir go raibh an chaint in ainm is a bheith greannmhar, agus gur bhain níos mó den mhasla agus den dímheas léi ná mar a bhain den ghreann.

Shéan RTÉ go raibh sé i gceist ag Maigan Kennedy, Ó Sé ná ag an eagraíocht féin Caitlicigh na hÉireann a mhaslú agus gur le teann grinn a insíodh an scéal agus a cuireadh an cheist.

“The exchange between the North Carolina Rose and the presenter involved the contestant giving a light-hearted, humorous and respectful account of her attendance at Mass, coming from the perspective of a member of the Protestant faith. To describe the brief conversation between the presenter and the Rose as offensive is not a fair description,” a dúradh.

Dhiúltaigh Údarás Craolacháin na hÉireann do gach aon cheann de na cúig ghearán a rinneadh faoi jóc Uí Shé agus caint an Róis Mheiriceánaigh faoi “bhriosca”.

“The Committee found that her comments were those of a visitor to Ireland whose experience of a religious celebration as a Protestant in the US was very different to the Irish Catholic Mass. While noting that her comments were irreverent and humorous and that some audience members may have been offended, participants in a programme have the right to their views and the right to frame their own experiences in their own words.

“What is of concern to the Committee is whether the comments were such that they would be likely to cause widespread offence or to cause harm. In this regard, the Committee did not believe that her comments (or those of the presenter) were of a nature that they would cause widespread offence and could be considered to stigmatise, support or condone discrimination against people on the basis of their religion,” a dúradh i mbreith an BAI.

Rinneadh gearáin eile leis an Údarás faoi Chomórtas Rós Thrá Lí a bhain le caint Rós Sydney, Brianna Parkins, faoin Ochtú Leasú ar an mBunreacht. Dhiúltaigh an tÚdarás do na gearáin sin freisin.

Fág freagra ar 'Ní raibh ‘masla’ ag baint le caint Dháithí Uí Sé faoin Eocairist ag Féile Rós Thrá Lí – cinneadh BAI'

  • Pól Ó Meadhra

    Mar Chaitliceach is maslach, aineolach agus gránna an sórt chainte seo domsa. An mbeadh sé de mhisneach acu labhairt i dtaobh Ioslam sa chaoi céanna? ach dar ndóigh tá go leor taithí againn anois den sórt sotalachta seo ag teacht ó RTÉ is gan rogha againn ach tacú leis le h-íocaíocht an cheadúnais teilifíse