Ní raibh m’aintín atá 88 bliain d’aois i bhfad sa mbaile as Meiriceá nuair a leaindeáil mise ar an tairseach

B’iontach a bheith ar an mbóthar agus cuairt a thabhairt ar m’aintín arís

Ní raibh m’aintín atá 88 bliain d’aois i bhfad sa mbaile as Meiriceá nuair a leaindeáil mise ar an tairseach

‘Ar mhaith leat cuairt a thabhairt orainn má bhíonn tú thart sna bólaí seo?’ a dúirt mo chara i gCaisleán a’ Bharraigh liom, ar théacs teileafóin.

‘B’fhéidir go mbeadh fonn ort cuairt a thabhairt ar d’aintín i mBéal Easa,’ arsa sise ag tabhairt nod dom. Is leor nod don té atá ag iarraidh tabhairt faoin mbóthar arís.

Agus cá bhfios nach bpiocfainn suas scéilín nó dhó ar mo camchuairt? Ar fhaitíos go mbeadh éinne ag ceapadh gur díol trua í an aintín (scríobh mé faoi Phyllis agus a suim san ealaín cheana anseo), ní raibh sí i bhfad fillte ó thuras ar Mheiriceá nuair a leaindeáil mise ar an tairseach aici.

Bhí turas casta eitleáin aici féin agus an neacht a chuaigh in éindí léi go Meiriceá roimh an Nollaig – moill sé uair an chloig i mBaile Atha Cliath mar thús.

An raibh sí in ann chuige? Ar éirigh sí tuirseach aon uair ar an turas fada eitleáin agus cúpla uair an chloig sa gcarr ina dhiaidh sin? Beag an baol. Nach raibh sé de chúram uirthi an tiománaí a choinneáil ina dúiseacht agus iad ag taisteal ó Newark go Washington?

Ina dhiaidh sin chaith sí coicís i mbun imeachtaí taitneamhacha – siúlóidí, ag caint le comharsana agus cuairt ar an taispeántas mór faoi Vincent Van Gogh in Washington. Bhí sí ar bís le hinseacht dom faoin taispeántas ealaíne ‘idirghníomhach’ agus súil aici go bhfeicfidh mé an ‘seó’ am éigin.

Ach ar chuma ar bith, nach raibh siamsaíocht na hoíche leagtha amach aici dom i mBéal Easa – agus é marcáilte le peann dearg ar an eolaí teilifíse san Irish Times.

‘An bhfuil BBC 4 agat sa mbaile?’ a d’fhiafraigh sí díom, ag cinntiú nach raibh mé ag déanamh faillí i m’oideachas ealaíne.

Idir sin agus am codlata, bhí Portrait Artist of the Year agus Landscape Artist of the Year againn, agus an tsraith faoi na healaíontóirí ‘impriseanaíocha’ marcáilte don tseachtain seo chugainn. Beidh sí ag ceiliúradh a 89ú lá breithe níos deireanaí i mbliana.

Bhí neart ama againn freisin i gcomhair scéalta faoi chol ceathracha, faoi Mheiriceá, faoina hóige i gContae Shligigh agus faoina cuid pleananna sóisialta don chuid eile den tseachtain. Sochraid amháin an tráthnóna dár gcionn agus sochraid col ceathrar léi an mhaidin ina dhiaidh sin. Bhain an col ceathrar sin 105 bliain amach agus sláinte mhaith aici go dtí an deireadh.

Banaltra a bhí sa gcol ceathrar nuair a mhair sí i Sasana. Go deimhin, banaltra a bhí ina deirfiúr freisin agus chaith sise a saol oibre in Chicago. Ba í an bhean sna Stáit a sheas liomsa nuair a baisteadh mé agus chuile bhliain, gan bhriseadh, chuireadh sí dollar chugam sa bpost do mo lá breithe.

Ach an bhean a fuair bás le gairid, d’iarr uncail liomsa uirthi filleadh ar Éirinn, nuair a chuaigh sí ar pinsean. Theastaigh a cúnamh uaidh san obair a bhí ar siúl aige in Áth Luain. Bráthair le hOrd Creidimh a bhí ann a bhí tar éis tamall fada a chaitheamh sa Nigéir, go háirithe le linn cogaidh ansin. Chonaic sé an gá a bhí le cosa nó géaga saorga do na daoine ar fad a bhí gortaithe agus thosaigh á gcur ar fáil, san Afraic i dtosach agus ansin sa mbaile in Éirinn.

Ina dhiaidh sin, chuir sé tús le scéim cúram leighis d’fhir a bhí gafa le drugaí nó alcóil. Thoiligh sí cuidiú leis an iarracht sna blianta tar éis di dul ar pinsean.

Sna blianta siar, théadh mo sheanathair agus mo sheanmháthair ar cuairt chuig na gaolta sin agus gaolta eile ag an deireadh seachtaine. Bhí carr capaill ag mo Dheaideo agus bhí obair réasúnta mór ag baint le réiteach an chairr agus an chapaill.

Maidin Domhnaigh amháin, chinn siad cuairt a thabhairt ar na gaolta áirithe seo agus thóg sé i bhfad orthu sula raibh siad réidh le n-imeacht. Chaill Phyllis amach ar a bricfeasta – bhí an chlann chomh mór nár shuigh siad uilig chun boird ag an am céanna agus théidís ag Aifrinn ina ngrúpaí beaga. Shíl a máthair (mo sheanmháthair) go raibh bricfeasta (agus Aifreann) faighte aici.

Bhí sceitimíní an domhain uirthi agus iad ag bualadh bóthair ar deireadh. Ach de réir mar a bhí an t-ocras ag dul i gcion uirthi, d’airigh sí an bóthar an-fada. ‘Cén fhad eile atá sé go Cnoc na Sí?’ d’fhiafraigh sí. ‘Chomh fada le bun na spéire,’ arsa mo sheanmháthair.

Nuair a shroicheadar an teach, cuireadh na múrtha fáilte rompu. Thóg bean an tí an friochtán amach agus thosaigh ag réiteach bia do na cuairteoirí. Leag mo sheanmháthair a lámh uirthi ag cur bac uirthi.

‘Ná bac leis an bpan anois, táimidne ceart go leor.’

Ba bheag nár tháinig meirfean ar na cuairteoirí óga (a chaill Aifreann agus bricfeasta) le teann ocrais. Chonaic duine de na col ceathracha a gcruachás agus thosaigh ag caitheamh uibheacha go tapa ar an bhfriochtán.

Agus mhair an col ceathrar sin go dtí an tseachtain seo caite agus an 105 bliain slánaithe aici. Is léir nach ndearna an ‘pan’ mórán dochair di.

Fág freagra ar 'Ní raibh m’aintín atá 88 bliain d’aois i bhfad sa mbaile as Meiriceá nuair a leaindeáil mise ar an tairseach'

  • Fillis Ní Shuirlis

    Is deas an ‘flo’ atá ag Mairéad in a cuid scríbh, agus tá súil ghéar aici comh maith, – Abha na Muaidhe ag cur leis! Buíochas a Mhairéad!