‘Ní raibh ionam ach déagóir, ach d’aithin mé ionracas, uaisleacht agus fírinne John Hume’

25 bliain ó shin, ar an 10 Aibreán 1998, a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta. Sa tsraith seo tugann daoine an tréimhse chinniúnach sin chun cuimhne

‘Ní raibh ionam ach déagóir, ach d’aithin mé ionracas, uaisleacht agus fírinne John Hume’

Bhí mé 17 bliain, mé ró-óg le vóta a chaitheamh ach san aois cheart le bheith faoi gheasa ag dóchas agus dearfacht na tréimhse sin

Bhí mo thuismitheoirí gníomhach i bpáirtí an SDLP agus ba chuid de shaol an teaghlaigh a bhíodh sna feachtais toghcháin. Toghadh mo mháthair in Balmoral ar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste i 1997, agus d’éirigh léi a comhghleacaí a thoghadh ina teannta. Ba é an suíochán breise sin a d’fhág gur toghadh fear an SDLP, Alban Maginness ina Mhéara ar Bhéal Feirste, an chéad uair sna 300 bliain a raibh an Chomhairle sin ann a raibh náisiúnach ina Mhéara. Comhartha beag a bhí ansin go raibh cúrsaí ag athrú chun feabhais.

Bhí an chosúlacht ar chúrsaí go raibh na cainteanna fadálacha idir na páirtithe ag dul ar aghaidh leis an tsíoraíocht, agus cáipéisí polasaí á seoladh sall agus anall gan stad. D’ainneoin an anonn is anall sin go léir, gruama go maith a bhí cúrsaí ar an 25 Márta nuair a d’fhógair cathaoirleach na gcainteanna, an Seanadóir George Mitchell, go gcaithfí na cainteanna a chur i gcrích agus teacht ar réiteach i gceann coicíse.

Ar ndóigh tá a fhios ag an saol mór céard a tharla ansin.

An 18 Aibreán, ocht lá i ndiaidh do na cainteanna críochnú, cuireadh mise i mbun cúraimí tae agus caife ag comhdháil ar an Daonlathas Sóisialta agus Comóradh 200 bliain na nÉireannach Aontaithe, comhdháil a raibh baint ag mo thuismitheoirí lena heagrú. Cuid de ghnáthshaol an déagóra.

Ba é John Hume an príomhchainteoir an lá sin agus bhí sé in ardghiúmar agus rud nár mhinic leis, bhí sé ar a shuaimhneas ceart. Ba é an Comhaontú buaic a shaothair is a shaoil a bhí bunaithe ar an gcomhpháirtíocht, an meas ar a chéile, an sprioc choiteann, agus an comhghéilleadh. Fíorú a bhí sa Chomhaontú ar na tuairimí a bhí ag John faoi na trí chaidreamh sin a bhí comhcheangailte agus dodheighilte agus faoi chothromaíocht measa.

Ina chuid cainte an lá sin mhol John Hume na hÉireannaigh Aontaithe mar gurbh iad an chéad ghluaiseacht shíochánta dhaonlathach a bhí in Éirinn, tír nár chleacht an daonlathas. Chomh maith leis sin grúpa iad a raibh aidhmeanna sóisialta radacacha acu agus dearcadh idirnáisiúnta agus é mar mhórsprioc acu Protastúnaigh, Caitlicigh agus easaontóirí a aontú.

Mar is dual don mhúinteoir, bhí John ag comhrá leis an lucht féachana i ndiaidh na cainte agus bhí sé de dhánacht sa déagóir saonta seo a bhí ag iarraidh tuiscint a fháil ar an saol mór fiafraí de John cad iad na leabhair ba chóir dom a léamh “faoi gach rud”. Cuid dá chuid moltaí an lá sin bhí siad thar mo thuiscint agus cuid eile den liosta tá mé fós ag treabhadh tríothu.

Thug John freagra breá cuimsitheach ar mo cheist. Dúirt sé liom nuair a bhunaigh sé féin agus daoine eile an SDLP i 1970, nár theastaigh uathu focail a spreagfadh aighneas a bheith in ainm an pháirtí, focail amhail ‘Gaelach’, ‘náisiúnta’, ‘poblachtánach’. Bhí an-chion go deo ag John ar an bhFrainc agus luaigh sé Jacques Delors, a raibh an-mheas go deo aige air mar fhear creidimh agus mar shóisialach daonlathach. Mar ba ghnách leis, labhair sé faoin tairbhe a bhain leis an gComhar Creidmheasa agus faoi bheith ag obair ionas go mbeadh saol níos fearr ag na gnáthdhaoine. Dúirt sé gur obair a bhí i bpróiseas na síochána. D’áitigh sé nach dtagann athaontú na hÉireann mar mhian agus forás eacnamaíochta an phobail salach ar a chéile.

 Agus gan mé fós ach 17 bliain, bhí an óráid ar a dtugtaí ‘óráid inaistrithe amháin’ John Hume cloiste cúpla uair cheana agam. An chaint faoi na Gearmánaigh agus na Francaigh a bheith fós ina nGearmánaigh agus ina bhFrancaigh, gur chóir glacadh leis an difríocht eadrainn, nach raibh san fhéiniúlacht ach timpiste do shaolaithe agus gur chóir dúinn ár gcuid allais seachas ár gcuid fola a chur ar son na hÉireann. Má bhí agus go raibh, bhraitheas an lá sin, an 18 Aibreán 1998, go raibh an chaint sin úr agus radacach. Is amhlaidh a bhraithim fúithi go fóill.

Leis an fhírinne a rá, ba é sin an comhrá fada deiridh a bhí agam le John Hume agus ní mór na cuimhní atá agam ar fheachtas an reifrinn sin (arbh é mo chúramsa bileoga feachtais a dháileadh). Ní raibh ionam ach déagóir an lá sin ach d’aithin mé ionracas, uaisleacht agus fírinne an fhir a bhí ag caint liom. Lá dár saol: lá nach ndéanfaidh mé dearmad air le mo bheo. Luachanna iad sin is fiú a cheiliúradh go fóill.

Feisire Parlaiminte de chuid an SDLP in Westminster í Claire Hanna

Fág freagra ar '‘Ní raibh ionam ach déagóir, ach d’aithin mé ionracas, uaisleacht agus fírinne John Hume’'