Ní raibh glór ar bith le cloisteáil sa Dáil ag comhairliú faichill ná foighne roimh Nollaig

Níl saoi gan locht ná níl páirtí gan locht nuair is é an víreas atá i gceist

Ní raibh glór ar bith le cloisteáil sa Dáil ag comhairliú faichill ná foighne roimh Nollaig

Tá an rialtas á cháineadh go géar ag páirtithe an fhreasúra agus ag go leor daoine eile mar gheall ar lagfheidhmiú na lagrialacha a bhain le taisteal idirnáisiúnta.

Thuill an córas a bhí ann roimhe seo cáineadh, mar a thuill na rialacha nua a gheall an Taoiseach Dé Máirt, rialacha faoina mbeidh ‘coraintín éigeantach’ do thaistealaithe ann.

Ba léir láithreach nach coraintín dáiríre atá beartaithe don mhóramh na ndaoine thagann go hÉirinn – is é sin le rá córas faoina gcoinnítear daoine scartha amach ó dhaoine eile, mar atá i bhfeidhm, mar shampla, san Astráil.

Cuirfear iachall ar phaisinéirí nach dtaispeánann toradh diúltach ar thástáil PCR a rinneadh laistigh de 72 uair roimh thaisteal dóibh, agus ar phaisinéirí ón Afraic Theas agus ón mBrasaíl, coicís a chaitheamh ar coraintín in óstán. Níl sonraí ná túsdáta an tsocraithe seo fógartha fós. Ní chuirfear srian dá leithéid ar thaistealaí ar bith eile.

   Ba léir ó chur síos an Taoisigh, agus ón gcomhairle nua-eisithe a thugtar ar shuíomh gréasáin na Roinne Gnóthaí Eachtracha nach coraintín ach féin-aonrú a bheas éigeantach. “Fan i do sheomra” a thugtar mar shainmhíniú ar fhéin-aonrú. Beidh cead a gcinn ag daoine láthair a seomraí féin a roghnú agus glactar leis gur i dtithe cónaithe nó in árasáin a bheidh siad.

Arís, níl sonraí an chórais ar fáil ach is léir mar sin féin laigí an chórais atá beartaithe:

  1. Ní in óstán ná i bhfoirgneamh ina gcoinneofaí daoine ó dhul in aice le daoine eile ach i dtithe/árasáin ina mbeidh daoine eile cóngarach dóibh a chaithfidh móramh na dtaistealaithe 14 lá tar éis teacht go hÉirinn dóibh.
  2. Ní ar coraintín mar sin, de réir ghnáthchiall an fhocail sin, a chaithfidh an móramh a thiocfaidh go hÉirinn 14 lá ach ag féin-aonrú i seomraí gan aon tsúil leanúnach á coimeád orthu (mar a bheadh dá rachaidís chun na hAstráile).
  3. Fiú má chuirtear córas dáiríre seiceála ar bun a dheimhneodh comhlíonadh na rialach nua (má nach beag) ní féidir a bheith cinnte gur féidir cumhacht dhlíthiúil sách láidir a thabhairt do na Gardaí lena dheimhniú dáiríre.

Gheofar amach ar ball an mbeidh an rialtas toilteanach na laigí seo a leigheas sula seasfaidh an Taoiseach ar chéimeanna Thithe an Rialtais arís agus treisiú eile ar na rialacha á fhógairt aige.

Mar is léir don saol faoin tráth seo, is é an maolú místuama ar na srianta in aghaidh an víris roimh an Nollaig ba chúis lena leathadh as cuimse ó shin i leith. Gan dabht is ar an rialtas atá an milleán polaitiúil go bhfuil an scéal amhlaidh. Ní foláir a admháil mar sin féin go bhfuil roghanna boga nó roghanna místuama déanta ag gach páirtí i dTeach Laighean.

Nuair a d’fhógair an rialtas maolú ar shrianta ó thús mhí na Nollag (cé go raibh 200-300 cás nua den ghalar fós á thuairisciú gach lá) ní raibh glór ar bith le cloisteáil sa Dáil ag moladh faichill ná foighne. 

D’fháiltigh ceannaire an fhreasúra Mary Lou McDonald roimh chinneadh an rialtais a thabharfadh “faoiseamh” dar léi do mhórán. Dúirt sí ar an 26 Samhain gur tráth speisialta do theaghlaigh í an Nollaig agus go gcaithfí deis a thabhairt do theaghlaigh teacht le chéile.

Léiríonn a ndúirt ceannaire Shinn Féin an uair sin, mar aon le scata ráiteas eile a rinne polaiteoirí eile ar chaon taobh ina dhiaidh sin, rud nár chóir a ligean i ndearmad nuair a bheidh maolú ar an dianghlasáil reatha á mholadh. 

Is breá le polaiteoirí roghanna boga.

Roimh an Nollaig, dúradar go léir go raibh rud ar ar thug an Taoiseach “Nollaig fhiúntach” (meaningful Christmas) tuillte ag daoine.

Sea, is breá le polaiteoirí roghanna boga. 

Bíonn cathú orthu go léir, bídís sa rialtas nó sa bhfreasúra, roghanna deasa a dhéanamh. B’fhearr leo ná a mhalairt a bheith cineálta, flaithiúil agus tuisceanach.

Ach ní bhíonn víreas cineálta ná flaithiúil ná tuisceanach. 

Riamh.

Fág freagra ar 'Ní raibh glór ar bith le cloisteáil sa Dáil ag comhairliú faichill ná foighne roimh Nollaig'

  • Pádraic

    Ba cheart rialacha níos déine a bheith i bhfeidhm (mar atá san Astráil) do dhaoine a thagann isteach go dtí an tír. Ba cheart go gcabhródh sé linn an víreas a choinneáil faoi smacht gur oileán muid (fiú agus an chastacht a bhaineann leis an teorainn curtha san áireamh). Níor cheart d’aon duine a bheith ag taisteal faoi láthair ach amháin má tá fíorghá leis. Tháinig tréithchineál nua an víris ón mBreatain isteach go dtí an tír faoi Nollaig mar gheall ar dhaoine a bheith ag teacht abhaile don Nollaig.

  • Antóin

    “Ní bhíonn víreas cineálta ná flaithiúil ná tuisceanach”

    Ach is cosúil nach bhfuil sé marfach ach an oiread. Má tá an víreas ort tá seans maith agat teacht slán. Amharc ar an ráta marthanais de réir aoise.

    0-19: 99.997%
    20-49: 99.98%
    50-69: 99.5%
    70 + 94.6%

    Agus sin gan aon chóireáil.

    Ach fos tá an tír faoi ghlas! Tá daoine in ísle brí ag an síorbholscaireacht ó ná meáin, tá oibrithe gan obair, tá déagóirí ina seomraí ag foghlaim ar líne gan an teagbháil sóisialta is gá ag an aois sin, tá mic léinn ag déanamh an rud céanna gan an comhluadar sóisialta a shíl siad a bheadh acu, tá daoine fásta ag obair ón bhaile agus ag obair sa bhaile ag an am céanna agus tá ár mbaile gan chroí.

    Agus anois tá siad uilig – na polaiteoirí, an eaglais agus na meáin – ag brú vacsaíní ar dhaoine. Vacsaíní trialacha. Bíodh sé sin ar eolas ag daoine. Vacsaíní trialacha iad seo.