‘Ní raibh aon rogha agam ach éirí as mar gheall ar an reifreann’ a deir craoltóir ar RTÉ

Thuig Scott de Buitléir dualgas RTÉ maidir le cothromaíocht le linn reifrinn ach níorbh fhéidir leis ‘cailliúint amach ar an gcomhrá is tábhachtaí’ dá lucht éisteachta

 

scott-de-butleir

Tá sé ráite ag an gcraoltóir Scott de Buitléir nár bhraith sé go raibh aon rogha aige ach éirí as a chúraimí mar láithreoir ar an gclár The Cosmo ar RTÉ Pulse de bharr na srianta a bhain le cothromaíocht le linn feachtas an reifrinn. Bhí an clár seachtainiúil dírithe ar an bpobal Leispiach, Aerach, Déghnéasach agus Trasinscneach (LGBT).

Dúirt sé le Tuairisc.ie gur thuig sé an dualgas a bhí ar RTÉ tuairisciú neamhchlaonta a dhéanamh agus go raibh an ceart ag an eagraíocht a bheith ag éileamh go mbeadh cothromaíocht sa díospóireacht. Iarradh air ábhar an reifrinn a sheachaint go hiomlán go dtí an tseachtain roimh an reifreann, tráth a mbeadh deis aige díospóireacht a dhéanamh a thabharfadh cothromaíocht don dá thaobh.

Dúirt sé go mbeadh sé ‘ródheacair dom cailliúint amach ar an gcomhrá is tábhachtaí do lucht éisteachta mo chláir agus domsa go pearsanta’.

Obair dheonach a bhí ar siúl ag Scott de Buitléir mar láithreoir ar an gclár le seacht mbliana anuas. Bhí sé ar cheann de na chéad chláir a chraol RTÉ a bhí dírithe ar an bpobal LGBT agus craoladh idir agallaimh, scéalta nuachta, agus cheol ar an seó i gcaitheamh na mblianta.

Ag scríobh dó ar a bhlag, ghabh de Buitléir a bhuíochas lena lucht éisteachta agus dúirt gur cúis bróid dó gurbh é a láithrigh an t-aon chlár don phobal LGBT ar RTÉ.

Díreoidh sé a aird anois ar an bhfoilseachán digiteach EILE Magazine.

Fág freagra ar '‘Ní raibh aon rogha agam ach éirí as mar gheall ar an reifreann’ a deir craoltóir ar RTÉ'

  • Vótáil Tá

    Ní féidir leis a chuid tuairimí féin a chur chun taoibh mar níl sé sásta a bheith cothrom. Céard a léiríonn sé sin faoi mar dhuine? Tá sé sa ghnó mícheart muna bhfuil sé sásta éisteacht ach le daoine a aontaíonn leis!

  • Shane

    Trua nach bhfuil an rud céine déanta ag Brendan Ó Conor go dtí seo……