Ní raibh aon cheardchumann acu, ach bhí a fhios ag leithéidí Jack Surlis cén chaoi le lá a bhaint amach

Ábhar iontais i gcónaí is ea an obair chrua a chuir daoine isteach san obair láimhe, rud a meabhraíodh dár gcolúnaí agus í ar cuairt ar mhúsaem le dénaí

Ní raibh aon cheardchumann acu, ach bhí a fhios ag leithéidí Jack Surlis cén chaoi le lá a bhaint amach

De réir seanchas sa chlann s’againne, tháinig seanuncail dár gcuid abhaile as Meiriceá uair amháin chuig an seanteach i gcontae Shligigh, agus tháinig sé ar dhuine den chlann ag cur aoldath ar an teach.

‘How’s the other guy gonna live?’ a d’fhógair sé don chomhluadar. Fear mór ceardchumainn i Nua-Eabhrac a bhí ann ag an am agus cé nach raibh mórán de mhaoin an tsaoil ag daoine in Éirinn, ba mhó a shuim i gcearta na bpéintéirí agus an deis a bheadh acu cúpla punt a shaothrú.

Bhí tábhacht nach beag le lucht na gceardchumann i Meiriceá siar sna blianta. I 1960, bhuaigh an seanadóir óg as Boston, Jack Kennedy toghchán na hUachtaránachta le cabhair cheannairí na gceardchumann i Meiriceá. San am sin, bhí cuid mhór Éireannach ag obair mar thógálaithe, mar phóilíní, mar oibrithe cruach agus mar fhir dhóiteán- poist a bhí eagraithe go láidir ag na ceardchumainn. Agus rinneadar mar a dúradh leo, thángadar amach ina sluaite ar son an tseanadóra Kennedy.

Is dócha go raibh cuid den údarás sin le braistint i nglór an fhir a bhuail bleid ar fhear na scuaibe péinte.

Bhí mé ag smaoineamh ar an gclann sin uilig nuair a thug mé mo chéad chuairt le gairid ar Mhúsaem Náisiúnta Shaol na Tuaithe gar do Chaisleán an Bharraigh. Ag siúl thart ar iarsmaí shaol na tuaithe sna seanlaethanta – troscán, éadaí, maisiúcháin, soithí agus mar sin, cé a d’fheicfinn os mo chomhair amach ach seanuncail eile liom, m’uncail Jack Surlis.

Ar fhístéip sa mhúsaem, tá clár sa tsraith ‘Hands’ ar taispeáint agus Jack ansin i mbun oibre ar chathaoir adhmaid. Deartháir leis an uncail eile a tháinig ar cuairt as Meiriceá ab ea Jack. Ach i dtús an chéid seo caite, thart ar an am a raibh an Chéad Chogadh Domhanda tar éis briseadh amach, thug Jack féin aghaidh ar an mbád bán. Thug scata as Mainistir Aodáin, Co Shligigh aghaidh ar Mheiriceá in éindí ach d’fhill roinnt acu abhaile, mo sheanathair agus mo sheanmháthair ina measc. Tar éis na mblianta ag cur uaireanta fada isteach i siopa bia thall – an lá ar fad go dtí meán oíche ar an Satharn – chinn Jack ar fhilleadh abhaile agus an ‘cailín a d’fhág sé ina dhiaidh’, mar a dúradh san amhrán, a phósadh.

Agus é ag scríobh faoi, blianta fada ina dhiaidh sin, dúirt Jack gur chuimhneach leis na ‘hungry thirties’. Droch-am a bhí ann le gnó a bhunú. Cúipéir a bhí ann, ar nós a athar agus a sheanathar roimhe. Ach d’imigh gnó an chúipéara i léig nuair nach raibh gá a thuilleadh le bairillí ná feircíní, le teacht na n-uachtarlann.

Thosaigh Jack ag táirgeadh troscáin – stólta, dréimirí, bréagáin adhmaid, agus go háirithe an chathaoir chistine a dtugadh sé ‘Cathaoir Liatroma,’ uirthi. Ba as Liatroim a mhuintir agus chuaigh an cheird siar seacht nglúin roimhe, dar leis.

Nuair a chuir an Dr Muriel Gahan bonn nua faoin lámhcheardaíocht in Éirinn, tháinig borradh faoina cheird. Thug sí go dtí Taispeántas an Earraigh san RDS é sa bhliain 1951. As sin, fuair sé cuireadh go dtí an Taispeántas Domhanda Ceardaíochta in Ontario. Agus as 700 iarratas domhanda, fuair Jack an duais mhór dá ‘Chathaoir Liatroma’.

I 1982, rinne sé an clár teilifíse le David Shaw-Smith, atá ar taispeáint sa mhúsaem. Gach píosa troscáin a rinne sé, rinne sé iad gan aon tairne a úsáid. Rinne sé gach rud ó thús deireadh. Thosódh sé leis an gcrann a leagan, thabharfadh sé cuairt ansin ar an muileann adhmaid i Mainistir na Buaille agus abhaile leis ansin chuig a chuid seanuirlisí – an ‘greymare’, an tál (adze), an tua, an scian (drawknife) agus an spócphlána (spokeshave).

Nuair a bhí mé ag cur cláracha ar fáil do TG4 as RTÉ roinnt blianta ó shin, chinn mo chomhghleacaí Mary O’Riordan ar leagan Gaeilge den tsraith a chur fáil dóibh faoin teideal ‘Croí na Ceirde’, agus d’éirigh thar cionn leis.

Agus Jack 85 bliain d’aois, bhí sé fós i mbun ceardaíochta i Mainistir Aodáin. Chailleamar cuntas ar an uncail a bhí láidir sa cheardchumann. Ní raibh aon chaitheamh i ndiaidh Mheiriceá ag Jack riamh. Thóg sé páirc bheag spraoi do ghasúir ina raibh gach rud déanta as adhmad sa tsráidbhaile. Tá sé sin le feiceáil sa chlár teilifíse freisin.

Ba chóir dúinn ar fad a bheith buíoch do David Shaw-Smith as an smaoineamh a bhí aige, na seancheirdeanna a thaifeadadh sular imigh siad ar fad. Níor cheapamar go n-imeoidís. Ach is fiú cuairt a thabhairt ar an músaem agus iontas a dhéanamh den obair chrua a chuir daoine isteach san obair láimhe – an chniotáil, an chróiseáil agus an lása san áireamh.

B’fhéidir nach raibh aon cheardchumann acu, ach bhí a fios ag leithéidí Jack Surlis cén chaoi le lá a bhaint amach san áit ab ansa leo.

Fág freagra ar 'Ní raibh aon cheardchumann acu, ach bhí a fhios ag leithéidí Jack Surlis cén chaoi le lá a bhaint amach'

  • Phyllis Surlis

    Comhgairdeas a Mhairead as an giota scriobhnoireachta sin, ag insint sceil m’uncail, mo sheanathair agus m’athar fein, ag a raibh na scileanna sin gan dabht! Chleacht m’athair i monarcha long i mBrooklyn i dtus a shaoil i Meircea agus bhi se an bhroduil as. Buiochas a Mhairead! D’aintin Phyllis ar saoire i Maryland le mo leath cheann cupla Aidan!