Ní raibh aon Byzantium i ndán d’aon bhean sa Stát seo inar lú smacht acu ar a gcolainn féin i 1970 ná i 1922

Ba cheart an clár No Country for Women a thaispeáint do ghlúin óg an lae inniu mar tá ceachtanna ann dúinn uilig

Ní raibh aon Byzantium i ndán d’aon bhean sa Stát seo inar lú smacht acu ar a gcolainn féin i 1970 ná i 1922

Is beag duine de mo ghlúin féin nach ndearna staidéar ar an dán Sailing to Byzantium ar scoil agus Yeats ina Oisín sleabhctha i dtír a bhí lán le macnas na hóige.

Nuair a scríobh sé an dán sin i 1926, is beag den mhacnas sin a bhí le feiceáil sa stát nua agus mar a léiríodh sa chlár faisnéise No Country for Women ar RTE1 aréir níorbh iad an seanfhir ba mhó ar leagadh an bhróg orthu. Ní raibh aon rún ag an státchóras nua seo aon Byzantium a shamhlú ná a cheadú d’aon bhean. Ba lú smacht a bhí ag bean ar a colainn féin i 1970 ná a bhí aici i 1922.

6 Feabhra 1918 tugadh ceart vótála do chuid bheag de mhná na hÉireann, na mná sin a bhí 30 bliain d’aois agus a raibh sealúchas nó céim ollscoile acu. An lá céanna sin tugadh an vóta do gach fear a bhí os cionn bliain is fiche, beag beann ar a mhaoin, a mheabhair ná a chuid oideachais.

Is léir ón idirdhealú agus an leatrom sin gur glacadh leis gur ainmhí guagach í an bhean a bhí á rialú ag a broinn agus a cíocha agus nár mhór do na fir a bhí i gceannas sa mbaile, san íoclann, sa gcúirt, sa séipéal agus sa Dáil smacht a choinneáil uirthi.

Ní fhéadfaí bean a chur ar ghiúiré i gcás ina raibh fear cúisithe in éigniú, na mothúcháin fhiáine sin tá a fhios agat, agus bhí na seachtóidí againn sula raibh cead ag aon bhean a bhí gan sealúchas a bheith ar ghiúiré.

Is beag bean sa tír seo nach dtuigeann go maith nach ionann a cearta féin agus cearta fear éigin ar a haithne agus go mbíonn uirthi a dhá dícheall a dhéanamh le go n-aithneofaí í mar chomhshaoránach.

Sa chlár seo aréir tugadh deis do mhná a dtaithí féin nó taithí a máithreacha sa stát seo le 100 bliain anuas a insint agus ba bhrónach scanrúil iad mar scéalta. Mná ar fad a bhí ar an gclár seachas an staraí Diarmuid Ferriter agus an síciatraí Brendan Kelly. Meiriceánach mná, Anne Roper, a rinne a seacht gcion ar son mhná agus pháistí na tíre seo le leathchéad bliain anuas, a léirigh.

Samantha Long ag fiosrú saol a seanmháthar in ospidéal meabhairghalair. Julia Carter Devaney a chaith os cionn dhá scór bliain ag sclábhaíocht in Áras na Máithreacha agus na Leanaí i dTuaim agus a bhfuil a scéal ar téip ag Catherine Corless. An t-iriseoir Justine McCarthy ar bhuail galar na bréagmhoráltachta buille ar a teaghlach féin. Mary chróga McGee a throid ar son ceart cosanta a sláinte agus ceart rialaithe a clainne sna seachtóidí. Lavinia Kerwick a throid sa chúirt ionas go gciontófaí a héignitheoir, d’ainneoin constaicí dlí agus sláinte.

Agus na mná seo ag breathnú ar leatrom an tsaoil sin agus iad ag tóraíocht saol ceilte a máithreacha, ar na púcaí a bhí ag foluain go danartha ina dtimpeall a bhí mise ag smaoineamh– aithreacha, comharsana, sagairt, easpaig, dlíodóirí, lucht an sparáin, na cumhachta, agus an údaráis a chuir mná faoi chois sa leaba, sa gcistin, ina bpostanna, ar a bpinsean agus i seomra an dochtúra.

An cheist a bhíonn do mo chrá-sa, céard is siocair leis an bhfuath nó an dímheas seo ar mhná? Cén fáth go roghnódh teaghlach bean a chur i ngéibheann ar feadh a saoil toisc í a bheith ag súil le páiste? Cén fáth go bhfágfadh athair a iníon ag geata Theach Maigdiléana le luí sa leaba a chóirigh duine éigin eile di – an t-athair féin, deartháir, comharsa, fostóir nó sagart? Lena béal a dhúnadh, leis an mbochtanas agus an t-ocras sa mbaile a mhaolú, le hí a chosaint ar ainriantacht na bhfear nó le rún na muintire a cheilt?

An bhfuil an brat ar fad bainte anois den chos ar bolg seo 100 bliain ó fuair roinnt ban cead vótála? An bhfuil oideachas á chur ar fáil dár ndaoine óga faoi chead a thabhairt nó a iarraidh i gcúrsaí collaíochta? An gcuirtear ar a súile go soiléir do dhaoine óga gur éigniú é i gcás neamhthola? An bhfuil sé éasca ag bean cás éignithe a throid sa gcúirt? An bhfuil aon bhaint ag cumas iomána ná freastal aifrinn an chúisí le cás cúirte? An bhfuil páistí óga sábháilte i seomraí plódaithe óstáin? An bhfuil eolas faoina sláinte á cheilt ar mhná faoi láthair?

Chaith No Country for Women solaisín beag ar an gcéad bliain sin agus an obair a rinne mná cróga agus corrfhear le dlíthe agus struchtúir a athrú. Fianaise atá sna scéalta seo gur in aghaidh a dtola a scaoileann lucht na cumhachta greim agus gur dlíodóirí, breithiúna, staraithe agus polaiteoirí ban an seans is fearr atá againn ar chothrom na Féinne a bhaint amach.

Beidh cuid a dó den chlár No Country for Women ar RTE1 anocht mar a gcloisfimid scéalta eile ó mhná eile a thuilleann meas agus áit sa stair. Ba cheart an clár seo a thaispeáint do ghlúin óg an lae inniu sula vótálfaidh siad sa chéad olltoghchán eile agus údar machnaimh a thabhairt dóibh faoin gcúis nach bhfuil ach 22% de chleas na Dála baineann.

Is fiú go mór breathnú ar an gclár tábhachtach réabhlóideach seo a thugann guth don dream faoi chois agus a bhfuil ceachtanna ann dúinn uilig.

Fág freagra ar 'Ní raibh aon Byzantium i ndán d’aon bhean sa Stát seo inar lú smacht acu ar a gcolainn féin i 1970 ná i 1922'