Ní raibh an oiread brú ar an Aontas Eorpach ó bunaíodh é gníomh agus beart aontaithe a dhéanamh

Tá an bhagairt is mó ó bunaíodh é ar cholbha thoir an Aontais Eorpaigh faoi láthair

Ní raibh an oiread brú ar an Aontas Eorpach ó bunaíodh é gníomh agus beart aontaithe a dhéanamh

Nuair a d’fhógair Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron a chlár oibre dá thréimhse mar Uachtarán Chomhairle na hEorpa ag tús na bliana chuir sé béim ar leith ar an gcruinniú speisialta mullaigh a reáchtálfaí an tseachtain seo in Versailles.

Roghnaíodh an pálás ársa a thóg Louis XIV, an Roi Soleil, sa seachtú haois déag le neart agus cumhacht na Fraince a léiriú. Tá béim ar leith curtha ag an Uachtarán Macron ó toghadh é ar áit na Fraince go hidirnáisiúnta a dhearbhú in athuair. Bhí sé i gceist aige an deis a thapú leis an bhFrainc a chur i lár n aonaigh agus dá gcuideodh sé leis an dara téarma san Élyséé a fháil bheadh sin ina chabhair freisin. Mar a deir an seanfhocal, ní mar a shíltear a bítear.

Ach in ionad a bheith ag comóradh cumhacht ársa na Fraince agus ag plé téarnamh an Aontais Eorpaigh tar éis géarchéim airgeadais agus paindéime tá muid i lár cogaidh. Ní raibh an oiread brú ar an Aontas Eorpach ó bunaíodh é gníomh agus beart aontaithe a dhéanamh faoi cheisteanna móra achrannacha. Tá teorainneacha thoir an Aontais faoi bhrú agus faoi bhagairt ón Rúis ach níl aon straitéis ag an Eoraip ó thaobh slándála. Tá an cruinniú mullaigh a thosaigh inné agus atá ar siúl arís inniu á dhíriú ar an gceist sin.

Tháinig an tAontas Eorpach chun cinn de bharr iarrachtaí sa gcéad seo caite a chinntiú nach mbeadh an Eoraip i mbaol cogaidh go deo arís. Ní fhéadfadh leithéid an dara cogadh domhanda tarlú arís, a dúradh, agus lena chinntiú nach dtarlódh cuireadh grúpa trádála aontaithe comhtháite le chéile lena chinntiú go mbeadh an Eoraip ina cumhacht dhomhanda.

D’éirigh leis an bhfís a bheag nó a mhór go dtí le tamall anuas. 

Bhíodh troid na mba maol ann ar bhonn rialta faoi cheisteanna a bhain le polasaithe trádála. Níor deineadh aon dul chun cinn aontaithe faoi chúrsaí cosanta agus slándála. Beidh ar an Aontas beart de shaghas éigin a dhéanamh mar thoradh ar an gcruinniú mullaigh seo. Tá an bhagairt is mó ó bunaíodh é ar cholbha thoir an Aontais Eorpaigh faoi láthair. Creideann muintir na Polainne, na Rómáine, an Laitvia, na Liotuáine agus na hEastóine go bhfuil siad féin faoi bhagairt ó Putin. An mbeidh an tAontas Eorpach in ann polasaí aontaithe a mhúnlú? Agus má dhéanann nach amhlaidh a spréachfaidh siad Putin tuilleadh?

Cruthaíonn ceisteanna ar chúrsaí slándála deacrachtaí don tír seo a bhfuil traidisiún aici fanacht glan ar chogaí. Ní baileach go mbíonn muid iomlán neodrach riamh. Tá an díospóireacht ar an gceist tosaithe anseo sa mbaile agus caint ar thionól saoránach. Cuirfidh sin an cheist bhunúsach ó dhoras go ceann tamaill.

Ag an leibhéal Eorpach rinne Macron obair mhór ag iarraidh an cogadh seo a sheachaint agus tús áite a thabhairt don taidhleoireacht. Tá ceisteanna go leor le réiteach anois aige mar thoradh ar na hionsaithe – géarchéim teifeach agus daonnachta i gcroílár na hEorpa, polasaithe an Aontais ó thaobh slándála, cosanta agus fuinnimh agus ceist bhallraíocht na Úcráine.

Beidh brú ar an Aontas ó na tíortha thoir beart a dhéanamh. Beidh na seanbhaill bhunaidh ag iarraidh a bheith stuama tomhaiste ina gcuid cinntí. 

An dúshlán rómhór do Macron é, nó an deis í a thapóidh sé chun a bheith ar an státaire a choinnigh an Eoraip le chéile agus buanseasmhach in am an ghátair? 

Fág freagra ar 'Ní raibh an oiread brú ar an Aontas Eorpach ó bunaíodh é gníomh agus beart aontaithe a dhéanamh'

  • Antóin

    “Tá teorainneacha thoir an Aontais faoi bhrú agus faoi bhagairt ón Rúis” a deir tú ach nach bhfuil teorainn na Rúise faoi bhrú agus faoi bhagairt ó NATO agus ó na Stáit Aontaithe le blianta?

    Tá tionchar polaitíochta agus míleata na Stát Aontaithe anois le feiceáil i mbeagnach gach stát ar bhall den Aontas Soiveadach é roimhe seo. Tá an tionchar sin le brath sna tíortha seo: an Pholainn, Poblacht na Séice agus an Ungáir ó 1999, Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Bhulgáír, an Rómáin, ó 2004, An Albáin, an Chróit ó 2009, Montainéagró, ó 2017, An Mhacadóin Thuaidh ó 2020.

    Agus anois tá súile santacha NATO ar an Úcráin, an tSeoirsia, an Bhosnia agus an Heirseagaivéin agus an tSeirbia. Tá Cónaidhm na Rúise faoi bhagairt mhíleata a chiallódh go mbeadh airm agus bunáiteanna diúracáin fá scread asail dá teorainn. Agus is iontach le daoine gur ábhar imní sin don Rúis! Ní mó na sásta a bhí Kennedy sna seascaidí nuair a rinne an tAontas Sóivéadach iarracht bunáiteanna diúracáin a bhunú i gCúba. An aon iontas é go bhfuil Putin buartha faoi bhunáiteanna diúracáin ar a thairseach i 2022!

  • Eoin Ó Murchú

    Mo léan ach is miotas gan bunús é a rá gur bunaíodh an tAontas Eorpach ar mhaithe le síocháin a chaomhnú. Bunaíodh é ar mhaithe le beatha a shéideach in athuair sna sean impireachtaí a chaill a dtábhacht is a gcumhacht faoi seach sa gcogadh. Sin é an fath go bhfuil tíortha an Aontais gafa leis an sin cogaí thar lear le fiche bliain anuas, ón Afganastáin is eile.