‘Ní raibh an méid a dúirt an tAire cruinn’ – maíomh gur Roinn na Gaeltachta ba chúis le moill tarraingthe siar 

Bhí ar an Roinn Tithíochta soiléiriú a dhéanamh tar éis gur dhúirt an tAire Darragh O’Brien go rabhthas ag fanacht ar Roinn na Gaeltachta ‘a cuid oibre a chríochnú’ ar threoirlínte pleanála nua 

‘Ní raibh an méid a dúirt an tAire cruinn’ – maíomh gur Roinn na Gaeltachta ba chúis le moill tarraingthe siar 

Bhí ar an Roinn Tithiochta soiléiriú a eisiúint inné tar éis don Aire Darragh O’Brien a rá gur ar Roinn na Gaeltachta a bhí an locht maidir leis an moill atá ar threoirlínte pleanála don Ghaeltacht.

Agus é ag labhairt i nGaillimh inné, dúirt an tAire Tithíochta go raibh an obair a bhí le déanamh ag a Roinn féin ar na treoirlíonte críochnaithe agus go rabhthas ag fanacht ar Roinn na Gaeltachta “a cuid oibre a chríochnú”.

I ráiteas a chuir an Roinn Tithíochta ar fáil do RTÉ Raidió na Gaeltachta níos déanaí inné, áfach, dúradh nach raibh an méid a dúirt an tAire O’Brien faoi Roinn na Gaeltachta cruinn.

Dúradh “nach raibh an t-eolas is deireanaí” ag an Aire sula ndearna sé agallamh don chlár Adhmhaidin. Dúirt urlabhraí ón Roinn Tithíochta go raibh dréacht de na treoirlínte curtha ar fáil ag Roinn na Gaeltachta mí Bealtaine agus go raibh cruinniú eile le bheith ann idir an dá Roinn Dé Luain seo chugainn.

Tá díomá léirithe ag polaiteoirí agus ag Conradh na Gaeilge maidir leis an easpa dul chun cinn atá déanta maidir le foilsiú na dtreoirlínte pleanála do cheantair Ghaeltachta.

Dúirt an tAire O’Brien anuraidh go n-eiseodh a Roinn treoirlínte nua do na ceantair Ghaeltachta roimh dheireadh 2021 agus dúirt sé arís mí Aibreáin na bliana seo go mbeadh fáil orthu roimh dheireadh mhí na Bealtaine. Tá imní ann anois nach bhfoilseofar iad go dtí an bhliain seo chugainn.

moladh déanta ag Coiste Oireachtais go dtabharfadh an tAire O’Brien isteach na treoirlínte roimh dheireadh na bliana seo.

Agus é ag labhairt ar Adhmhaidin, dúirt an tAire O’Brien go mbeadh na treoirlínte réidh go luath ach, nuair a fiafraíodh de cén uair go díreach a bhí i gceist, dúirt sé: “Cuir ceist ar Roinn na Gaeltachta”.

Dúirt an tAire O’Brien go raibh a chuid oibre agus obair a Roinne críochnaithe anois. “Tá mé ag fanacht ar Roinn na Gaeltachta fós chun a cuid oibre a chríochnú,” ar sé.

Dúirt sé go raibh súil aige go mbeadh an obair sin curtha i gcrích ag Roinn na Gaeltachta faoin am go mbeadh sé i nGaillimh arís an mhí seo chugainn mar gur mhaith leis na hathruithe atá de dhíth “ar mhuintir na Gaeltachta” a chur i bhfeidhm.

Is le linn cuairte ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe a rinne an tAire a chud cainte agus dúirt sé go raibh sé an-sásta leis an bplean tithíochta atá leagtha amach ag an gComhairle don tréimhse idir seo agus 2026.

Dúirt sé go raibh dóthain i mbuiséad na Comhairle lena plean a chur i bhfeidhm ach go ndéanfadh sé iarracht breis mhaoinithe a fháil don údarás áitiúil sa Bhuiséad. Meastar gur thart ar €20m breise atá Comhairle Chontae na Gaillimhe a éileamh agus dúirt an tAire O’Brien go raibh sé “cinnte” go mbeadh sé in ann an fhadhb sin a réiteach.

Fág freagra ar '‘Ní raibh an méid a dúirt an tAire cruinn’ – maíomh gur Roinn na Gaeltachta ba chúis le moill tarraingthe siar '

  • Kevin Ó Tuathaigh

    An eaglais, Roinn na Gaeltachta… tá an locht ar gach éinne sa tír ach an t-aire, is dócha!
    Níl tú ag cur an dallamullóg ar duine ar bith a Dharraigh! Mo náire thú!