‘Ní rachaidh Sinn Féin i mbun roinnt na cumhachta gan Acht Gaeilge’

Tá geallta ag duine d’iarrthóirí toghcháin de chuid Shinn Féin nach ngabhfaidh a pháirtí i mbun roinnt na cumhachta leis an DUP d’uireasa geallúint faoi Acht Gaeilge

‘Ní rachaidh Sinn Féin i mbun roinnt na cumhachta gan Acht Gaeilge’

Den chéad uair tá geallta ag duine d’iarrthóirí toghcháin de chuid Shinn Féin nach ngabhfaidh a pháirtí i mbun roinnt na cumhachta leis an DUP gan aontú a bheith ann faoi Acht Gaeilge.

Ag labhairt dó ag ócáid don aos óg in iarthar Bhéal Feirste aréir, dúirt Pat Sheehan nach ngabhfaidh Sinn Féin isteach i dTionól Stormont arís mura mbíonn trí ní aontaithe — Bille na gCeart, comhaontú faoi oidhreacht na dTrioblóidí, agus Acht Gaeilge. Thug sé geallúint nach ngabhfadh a pháirtí isteach sa Rialtas mura mbíonn na ceisteanna sin réitithe roimh ré.

Bá é an craoltóir aitheanta ón BBC, Stephen Nolan, a bhí ina chathaoirleach ar an ócáid, ag a raibh polaiteoirí ó pháirtithe éagsúla an Tuaiscirt i láthair. Dúirt Nolan gur thug Sheehan an gheallúint uaidh trí huaire ar a laghad, agus gur ag labhairt ag an ócáid thar ceann a pháirtí a bhí sé.

Tá diúltaithe ag baill eile an pháirtí, ceannaire Shinn Féin ó thuaidh, Michelle O’Neill, ina measc, a rá cé acu an ngabhfaidh nó nach ngabhfadh Sinn Féin i mbun roinnt na cumhachta gan Acht Gaeilge.

An tseachtain seo caite, dhiúltaigh Conor Murphy, atá ag seasamh do Shinn Féin, 13 uair le linn agallamh raidió le Stephen Nolan a rá gur ‘red line issue’ nó bunphrionsabal margála ag a pháirtí í ceist an Achta Teanga.

Agus Murphy faoi agallamh ar an gclár The Nolan Show ar BBC Radio Ulster, thug Nolan deis 13 uair dó “geallúint” a thabhairt do lucht vótála nach rachadh Sinn Féin i mbun roinnt na cumhachta leis an DUP d’uireasa geallúint a bheith tugtha go dtabharfaí Acht Teanga isteach.

Dúirt Murphy go bhfuil geallúint tugtha i gComhaontú Chill Rímhin maidir le hAcht Teanga a thabhairt isteach agus go raibh Sinn Féin ar son gach geallúint dá leithéid a chomhlíonadh.

Dúirt sé gur “ceist thábhachtach” nó “key issue” í ceist an Achta Teanga do Shinn Féin, ach dhiúltaigh sé arís agus arís eile a rá nach rachadh Sinn Féin i mbun roinnt na cumhachta leis an DUP d’uireasa geallúint ón bpáirtí sin faoin ábhar seo.

Dúirt ceannaire Shinn Féin ó thuaidh Michelle O’Neill cúpla lá roimhe sin go mbeadh geallúint faoin Acht Gaeilge ina “ceist thábhachtach” in aon chainteanna a bheadh ar bun i ndiaidh thoghchán Stormont na míosa seo chugainn, ach ní raibh sí sásta a rá go gcuirfí margadh leis an DUP ó mhaith d’ uireasa a leithéid de gheallúint.

Tá ceist an Achta Gaeilge ina cnámh spairne agus an feachtas toghcháin faoi lán seoil ó thuaidh. Tá ráite go neamhbhalbh ag Arlene Foster, ceannaire an DUP, nach nglacfaidh a páirtí choíche le hAcht Gaeilge. Chuir sí Sinn Féin i gcomparáid le crogaill nach bhféadfaí a shásamh agus í ag tagairt d’éileamh an pháirtí phoblachtánaigh ar Acht.

Tá iarrachtaí déanta ag Tuairisc.ie deimhniú a fháil ó Shinn Féin faoin gceist seo, ach níor éirigh leis na hiarrachtaí sin go fóill.

Fág freagra ar '‘Ní rachaidh Sinn Féin i mbun roinnt na cumhachta gan Acht Gaeilge’'