‘Ní plean teanga atá ag teastáil sa Ghaeltacht ach plean slánaithe pobal teanga’ – Ó Tuathaigh

Sa dara gála den tsraith Gaeltacht 2020, a chraolfar ar TG4 anocht, deir an staraí Gearóid Ó Tuathaigh nach bhfuil aitheantas ceart á thabhairt ag an státchóras do ghéarchéim na Gaeltachta

‘Ní plean teanga atá ag teastáil sa Ghaeltacht ach plean slánaithe pobal teanga’ – Ó Tuathaigh

Deir an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh nach bhfuil aitheantas ceart á thabhairt ag an státchóras don éigeandáil sa Ghaeltacht.

Dar leis an staraí agus tráchtaire aitheanta go bhfuil údarás a bhfuil cumhachtaí éigeandála agus baill thofa aige ag teastáil chun plean comhtháite a chur le chéile le pobal agus teanga na Gaeltachta a shlánú agus a athnuachan.

Agus é faoi agallamh sa dara gála den chlár Gaeltacht 2020, a bheidh ar siúl ar TG4 anocht, deir sé go gcaithfear na hacmhainní cuí a chur ar fáil seachas a bheith ag tógaint pinginí ó phóca amháin le cur i bpóca eile.

Dar leis nach leor na pleananna teanga leis an taoide a chasadh.

“Ní plean teanga atá ag teastáil ach plean slánaithe agus athnuachana pobal teanga.”

Ina dhiaidh sin féin, níl aon chinnteacht go dtiocfadh an Ghaeilge slán, a deir sé. 

Sa chlár céanna deir an fiontraí aitheanta Gaeltachta agus iarSheanadóir Pádraig Ó Céidigh as Conamara nach bhfuil suim dá laghad ag an státchóras sa Ghaeltacht agus go gcaitear leis an nGaeltacht amhail is gur ‘Indian reservation’ é. An meon atá acu, dar leis, nach bhfuil le déanamh ach cúpla pingin a chaitheamh chuig muintir na Gaeltachta len iad a choinneáil ciúin agus tic a chur i mbosca.

Lena chois sin ar fad, measann sé go bhfuil na maidí “ligthe le sruth” ag muintir na Gaeltachta.

Deir an craoltóir Dáithí de Mórdha ó Dhún Chaoin go bhfuil 190 tigh agus 180 duine sa pharóiste sin agus go raibh 112 tigh  folamh oíche an Daonáirimh in 2016. Maíonn sé go dtagann an dlús tithíochta seo salach ar mhuintir na háite agus iad ag iarraidh cead pleanála a fháil. Dar leis nach dtuigeann lucht pleanála saol na tuaithe agus ná cíonn siad ach línte ar mhapaí agus polasaithe.

Déanfar trácht chomh maith ar an gcur isteach atá déanta ag Ceantair Speisialta Chaomhnaithe agus na seacht mbealach éagsúil atá ann do bhóthar Chonamara ar iarrachtaí phobal Chois Fharraige cead pleanála a fháil ar an bhfód dúchais. Deir an t-iar-chomhairleoir contae agus Feisire Eorpach Seán Ó Neachtain go mba cheart fiosrú dlí a dhéanamh faoi conas a cuireadh an dlí maidir le ceantair speisialta chaomhnaithe i bhfeidhm sa tír seo.

Fág freagra ar '‘Ní plean teanga atá ag teastáil sa Ghaeltacht ach plean slánaithe pobal teanga’ – Ó Tuathaigh'

  • Tuairisg

    Bhfuil iontas ar aon duine faoin gcuma atá fágtha ar an nGaeltacht nuair nach bhfuil i gceist ag Údarás na Gaeltachta ach a bheith ag tarraingt béarlóirí isteach le dhul i mbun gnó? Nil tada ach béarla dhá bhrú ar dhaoine le Páirc Mara Chill Chiaráin! Níl sa bpleanáil teanga ach leithscéal a bheith ag caitheamh airgead fánach agus ag tweetáil agus ag zoomáil – cén cúnamh atá an tseafóid seo ag tabhairt do ghnáth mhuintir na Gaeltachta atá ag iarraidh tithe a thógáil, clann a bheith acu..?

  • Proinnsias O hUrmoltaigh

    Aontaíom le gach atá ráite ag an t-Uasal Ó Tuathaigh agus tá mé féin an-bhuartha faoin scéal seo.
    Ní féidir linn fanacht ina shuígh ar ár gcuid láimhe, mar a deartar go minic. Cad ba chóir dúinn a dhéanamh sula mbeigh sé ródhéanach???

  • Bríd

    Ceart ar fad maidir le Comhairle stuama amháin leis an mhaoiniú ceart do na Ceantair Ghaeltachta a bhrú ar aghaidh. Faightear réidh leis na heagrais Ghaeilge nach bhfuil pioc fiúntais iontu don teanga ar leibhéal ar bith. Ag caint faoi chaint mar a dúradh. Oscailt súl atá sa chlár seo faoin gcur i gcéill atá ar siúl acu & ag Rannóga Stáit nach dtuigeann dúchas, cultúr, traidisiún, teanga ní áirím Mhuintir na Gaeltachta.
    Coinnítear na súile oscailte anois ar an gcur i gcéill. Tugann Gaeltacht 2020 dóchas agus fuinneamh dúinn.

  • Colin Ryan

    Is léir anois nach bhfuil sa Ghaeltacht Oifigiúil anois (nó riamh, b’fhéidir) ach ‘tógán coincheapúil’. Mura bhfuil formhór mór na ndaoine óga ag labhairt na teanga eatarthu féin, níl slánú i ndán don Ghaeilge sna ceantair sin. Is é is mó a chuirfeadh ionadh ort tuairim a bheith ag daoine gur féidir an teanga a ‘shábháil’ ag an bpointe seo. Dúnadh an dorais tar éis na foghla. Is mó an bheocht atá sna tob-Ghaeltachtaí cathrach ná i nGaeltacht a fáisceadh as idé-eolaíocht chulturtha.