Ní pardún do ghníomhairí an stáit amháin a chuirfidh clabhsúr ar shíorchartadh chréachtaí na dTrioblóidí

Murach an pobal abhus a bheith gafa leis an gcoróinvíreas, nó le faitíos roimhe, bheadh sé ina raic faoi na moltaí is deireanaí chun déileáil le hoidhreacht na dTrioblóidí

Ní pardún do ghníomhairí an stáit amháin a chuirfidh clabhsúr ar shíorchartadh chréachtaí na dTrioblóidí

Is olc an ghaoth nach séideann maith do dhuine éigin, rialtas na Breataine sa gcás seo. Murach an pobal abhus a bheith gafa leis an gcoróinvíreas, nó le faitíos roimhe, bheadh sé ina raic faoi na moltaí is deireanaí chun déileáil le hoidhreacht na dTrioblóidí.

Ba léir le tamall go raibh Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnson, agus a rialtas faoi anáil iarshaighdiúirí a mhaígh gur éagóir é comhaltaí na bhfórsaí slándála a fhiosrú agus a chúiseamh as eachtraí a tharla le linn na dTrioblóidí. Ritheadh feachtas a mhaígh go raibh fiosrú as cuimse á dhéanamh ar iompar saighdiúirí i gcomparáid le hiompar paraimíleataithe agus go raibh na cúisimh cráiteach. Ní raibh na figiúirí oifigiúla abhus ag teacht leis an maíomh sin ach níor tugadh aird orthu in Westminster.

Baineadh croitheadh as go leor de na híobartaigh agus eagraíochtaí a labhraíonn thar a gceann chomh maith le rialtas na hÉireann ar an gCéadaoin nuair a d’fhógair Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Brandon Lewis, cur chuige nua.

Mheas daoine ar dhá thaoibh na deighilte polaitiúla gur tháinig plean an rialtais salach ar shocrú Stormont House a aontaíodh breis is cúig bliana ó shin. Bhí doicheall an Tánaiste, Simon Coveney, roimh an bplean nua soiléir.

Dúirt sé go raibh seasamh rialtas na hÉireann soiléir; ‘ba é socrú Stormont House an bealach chun cinn, aontaíodh é idir an dá rialtas agus na páirtithe agus caithfear é a chur i gcrích’. Bhí sé deimhin de nach bhféadfadh rialtas na Breataine an réiteach a athrú mura n-aontódh rialtas na hÉireann agus páirtithe Stormont. Tá a fhios againn, áfach, go bhfuil na huimhreacha sa Pharlaimint ag Boris Johnson chun a scéim a bhrú chun cinn.

Tugann an plean nua tosaíocht d’íobartaigh, dar le Brandon Lewis ach ba é breithiúnas a bhformhór gurb é a mhalairt a bhí gceist.

Cuirtear béim ar bhailiú eolais agus ar chothú an athmhuintearais, a dúirt an Státrúnaí. Faoin bplean nua ní dhéanfadh na póilíní fiosrú iomlán ar mharuithe le linn na dTrioblóidí mura mbeadh ‘fianaise láidir nua’ ar fáil (roimh an bhfiosrú) agus seans réadúil ann go bhféadfaí duine a chúiseamh. Dhéanfadh foras neamhspleách ‘scrúdú go gasta’ ar na maruithe nár fuasclaíodh riamh. Tá gar do 2,000 cás i gceist agus is scrúdú ar cháipéisí amháin atá beartaithe.

Ina theannta sin, ag teacht le geallúintí Boris Johnson d’fheachtasóirí ar son iarshaighdiúirí ‘chuirfí deireadh leis an síorfhiosrú agus an t-athfhiosrú a theip ar íobartaigh agus iarshaighdiúirí’ agus ‘chinnteofaí go gcaithfí le hiarshaighdiúirí a bhí i dTuaisceart Éireann mar a chaitear lena gcomhghleacaithe a rinne seirbhís thar lear’.

Cothaíonn an pointe deiridh sin míshuaimhneas go forleathan ó tharla pardún is saoirse ó fhiosrú á ghealladh do shaighdiúirí a bhí thar lear.

Is léir go raibh údar imní ag Simon Coveney agus ag na páirtithe is na grúpaí íobartach a cheistigh an plean. Is mór idir é agus socrú Stormont House a bhí sách lochtach ann féin. Rinneadh réiteach Stormont House idir rialtas an Breataine, rialtas na hÉireann agus na mórpháirtithe in Stormont ar an 23 Nollaig 2014. Bhí múnla chun déileáil le hoidhreacht na dTrioblóidí ina chuid lárnach de.

Bhí trí chéim i gceist – bhunófaí aonad fiosraithe, coimisiún neamhspleách a bhaileodh faisnéis agus cartlann nó stair bhéil. Bheadh an t-aonad fiosraithe freagrach as fiosrú cuimsitheach ar eachtraí agus d’fhéadfaí a dhul chun cúirte dá n-aimseofaí dóthain fianaise le haghaidh cúisimh. Sa gcás nach mbeadh ó íobartach ach na fíricí a aimsiú, gan ionchúisimh, dhéanfadh an Coimisiún neamhspleách an tóraíocht ar an bhfírinne. Bheadh saoirse ó chúiseamh ag finnéithe ach bhí amhras riamh ann an inseodh paraimíleataithe ná gníomhairí stáit an fhírinne nó iomlán na fírinne ar aon nós.

Rinneadh faillí iomlán sna socruithe sin le cúig bliana anuas. Thairis sin chúlaigh an DUP ón margadh agus bhí bá ar leith acu leis na hiarshaighdiúirí a mhaígh go rabhthas ag déanamh leatrom orthusan i gcomparáid le paraimíleataithe.

Mar sin féin níor theastaigh pardún ginearálta ó cheannaire an DUP. Bhí a fhios, faoin dlí idirnáisiúnta, nárbh fhéidir maithiúnas ginearálta a thabhairt d’fhórsaí an stáit amháin agus go gcaithfeadh sé gach dream a chlúdach. Ní bheadh ceachtar beart inghlactha ag íobartaigh, na mílte acu atá fós ag fanacht lena gcearta nó fiú le heolas.

Tá an ceart ag Lewis gur gá clabhsúr a chur ar an easaontas agus ar an síorchartadh ar na créachtaí ó aimsir na dTrioblóidí. Ach ní pardún a bheadh fabhrach do ghníomhairí stáit amháin an bealach chun é a dhéanamh. Tá géarghá sa tsochaí seo le leigheas ach ní dhéanfar é le héagothroime nó trína gcearta a cheilt ar na híobartaigh – iad siúd is mó a d’fhulaing agus atá ag fulaingt i gcónaí.

Fág freagra ar 'Ní pardún do ghníomhairí an stáit amháin a chuirfidh clabhsúr ar shíorchartadh chréachtaí na dTrioblóidí'