Ní ón ngaoth a thug réalta peile Chiarraí agus Átha Cliath leo é….

Tá an lóchrann fágtha le hoidhreacht ag a gclann mhac ag ochtar a bhí ar an bpáirc sna cluichí idir Ciarraí agus Baile Átha Cliath idir 1975– 1985 – ceathrar Ciarraíoch agus ceathrar Áth Cliathach

Ní ón ngaoth a thug réalta peile Chiarraí agus Átha Cliath leo é….

Dean Rock agus David Moran. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Is minic a deirtear ‘nach ón ngaoth a thug duine rud éicint’ – bíodh sin mar mholadh nó mar cháineadh. Is beag gné den saol nach n-oireann san nath sin dó mar níos minice ná a mhalairt, leanann an mianach an duine ó ghlúin go glúin.

Níl aon laincis ar a bhrí, é chomh fíor ina dtaobh siúd a bhfuil glór binn an smólaigh acu agus atá sé faoi shliocht na bpréachán; fúthu siúd a bhíonn slachtmhar agus an créatúr nach mbíonn; an sprionlóir agus an té atá caifeach; iad siúd a raibh a sinsear ard agus iadsan a raibh a dtóin le talamh; suáilceach agus duáilceach agus na scórtha eile de thréithe an duine.

Is amhlaidh don spórt agus ós rud é gurb iad cluichí Chumann Lúthchleas Gael is treise sna bólaí seo níl cúinne sa tír nach bhfuil sloinnte faoi leith ann atá ag caitheamh geansaí an chontae sin i gcluichí Chumann Lúthchleas Gael le hos cionn céad bliain.  Tá trí ghlúin de Dhomhnallánaigh an Dúin Mhóir i nGaillimh agus trí cinn eile de Lorcánaigh as Cumann an Stiofánaigh i gCill Chainnigh a bhfuil boinn uile-Éireann acu, tuilleadh lena n-ais, b’fhéidir, nár bhuaigh aon rud riamh. Ní ón ngaoth a tháinig a gcumas agus níl luaite agam ach an chuid is lú den scéal.

Beidh an cor is deireanaí sa taobh áirid sin den scéal le feiceáil ar Pháirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo chugainn nuair a thabharfaidh Áth Cliath agus Ciarraí aghaidh ar a chéile féachaint an mbainfidh foireann Jim Gavin amach an gaisce nár déanadh cheana riamh nó an gcuirfidh peileadóirí Peter Keane stop leo mar a tharla dá chontae féin le linn réimeas Mhichíl Uí Dhuibhir.

Ach comparáid a dhéanamh idir foirne Uí Dhuibhir agus iad siúd a bhí faoi cheannais Kevin Heffernan, an té ba mhó a sheas roimhe le linn tréimhse ghlórmhar na linne sin, agus na foirne a thiocfaidh chun páirce an Domhnach seo chugainn, beidh léargas maith againn ar an gcaoi a bhfuil an nós beo bríomhar i gcónaí go leanann glúnta den teaghlach céanna de bheith ag seasamh an fhóid dá gcontaetha dúchais.

Idir 1975 agus 1985 a bhí na coimhlintí idir Áth Cliath agus Ciarraí i mbarr a réime – san achar sin d’imríodar a chéile i gCluiche Ceannais na hÉireann sé huaire agus i mbabhta leathcheannais amháin. Sa lá inniu tá an lóchrann fágtha le hoidhreacht ag a gclann mhac ag ochtar a bhí ar an bpáirc sna cluichí sin – ceathrar Ciarraíoch agus ceathrar Áth Cliathach.

Is é Denis ‘Ogie’ Moran, athair David, an t-aon duine den ochtar a d’imir i ngach ceann de na seacht gcluiche sin agus ba i gcluiche ceannais 1976 agus i gcluiche leathcheannais na bliana dár gcionn amháin nach raibh sé ar an bhfoireann a bhuaigh.

Tá seans freisin ann gurb é ‘Ogie’ an t-aon chaptaen a chroch Corn Mhig Uidhir (1978) agus a bhí freisin ina ‘mascot’ ar fhoireann a rinne amhlaidh. Ní raibh an Móránach ach sé bliana d’aois nuair a mháirseáil sé laistiar de Bhuíon Cheoil Ard Aidhin agus Seán Óg Sheehy i ngreim láimhe ann sular bhuaigh Ciarraí ar Ros Comáin i 1962.

D’imir Seánie Walsh, athair Tommy, i leathdhosaen de na cluichí sin in aghaidh Átha Cliath – bhí péire acu imeartha (1976 agus 1977) sula raibh an bua aige. Ansin idir 1978 agus 1985 thug sé ceithre bhonn leis astu.

Is iad na dearthaireacha Adrian agus Killian Spillane na Ciarraígh eile ar imir a n-athair in aghaidh na nDubs i gCluichí Ceannais na hÉireann – ba é Tom ba mhó agus ab óige den triúr deartháireacha a thug 19 bonn eatarthu chun an Teampaill Nua.

Is iad Jack McCaffrey, James McCarthy, Dean Rock agus Bernard Brogan na peileadóirí a bheidh ar liosta Átha Cliath Dé Domhnaigh seo chugainn a raibh a n-aithreacha ar na foirne a thug aghaidh ar Chiarraí sna coimhlintí iontacha sin idir 1975 agus 1985.

Scéal eile ar fad a bhí le haithris acusan cois leapa agus iad ag iarraidh a gcuid ógánach a chur chun suain le scéalta ón am a bhí caite.

Aon uair déag eatarthu a d’imir Noel McCaffrey, John McCarthy, Barney Rock agus Bernard Brogan i gcluichí ceannais in aghaidh Chiarraí. Ar phócaí folmha a chríochnaigh McCaffrey (1985) agus Rock (1984 agus 1985) sna cluichí a d’imir siad féin.

D’imir McCarthy agus Brogan i gceithre cinn de chluichí ceannais (1975, ’76, ’78 agus ’79). Cros Cheilteach amháin an duine atá acu dá bharr, ceann a shaothraigh siad i 1976.

B’in an cluiche ina raibh an Brógánach páirteach i bpíosa imeartha a fheictear go minic fós ar an teilifís – os cionn dhá scór bliain ina dhiaidh. Ruathar Kevin Moran trí chroílár chosaint na gCiarraíoch, pas chuig Brogan agus ar ais uaidhsean agus lasc de chic a bhain an phéint den chuaille.

Ba é sin freisin an t-aon chluiche ceannais as na sé cinn ar éirigh le hÁth Cliath trí chúl a scóráil – ba le McCarthy an chéad cheann acu sin agus an cúl sin mar thoradh ar ghluaiseacht a bhí ar aon dul leis an gceann as a bhfuair Brian

Fenton cúl in aghaidh Thír Eoghain cúpla seachtain ó shin.

Niall Scully, Con O’Callaghan agus Ciarán Kilkenny a leag í sin ar phláta don fhear mór. Ba iad an Móránach, David Hickey, Tony Hanahoe agus Bobby Doyle a rinne an soilíos do John McCarthy.

Fág freagra ar 'Ní ón ngaoth a thug réalta peile Chiarraí agus Átha Cliath leo é….'