Ní ón ngaoth a fuair Oisín Murphy an cumas atá ann

Níl féidir a shéanadh ar chuma ar bith gur oibrigh Oisín Murphy go crua ar son an 142 rása atá buaite aige

Ní ón ngaoth a fuair Oisín Murphy an cumas atá ann

Oisin Murphy agus Roaring Lion in 2018. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Is deacair a dhéanamh amach cén chaoi a bhféadfadh Oisín Murphy fad na hÉireann a shiúl ó Charn Uí Néid go Cionn Mhálanna agus gur dóigh gur ina bhaile dúchais, Cill Airne, amháin a d’aithneofaí é ar a bhealach ó thuaidh dó.

Coicís ó shin bhuaigh Oisín an gradam do sheaimpín-mharcach na Breataine ar an talamh réidh don dara bliain as a chéile. Mar sin féin mura gcuirfeadh sé a chloigeann taobh istigh de cheann de na siopaí geallghlacadóireachta le linn a chamchuairte ba bheag suntas a thabharfaí dó.

Is ar éigean go dtarlódh sin i gcás na beirte Éireannach ba dheireanaí a rinne an gaisce, Pat Ederry agus Kieren Fallon, ach ansin níl ógánach Chill Airne ach 25 bliain d’aois agus i dtús na ceirde. Chaith Ederry an t-achar sin ag iomaíocht agus thug an chraobh leis aon uair déag. Bhí an Fallúnach, a rugadh ar an gCroisín i gcontae an Chláir, 38 bliain d’aois nuair a thug seisean an chraobh leis go deireadh in 2003.

Ní mór a chur san áireamh freisin gur mó i bhfad de thóir atá acu siúd ar suim leo an rásaíocht chapall anseo in iomaíocht na seilgrásaíochta ná a leathbhádóir ar an talamh réidh.

Ar an gcéad dul síos tá baint mhór ag cúrsaí pórúcháin leis an leibhéal is airde den rásaíocht ar an gcothrom agus taitníodh sé leo siúd ar ansa leo é nó ná taitníodh, rian den chóras aicmeach agus boladh an airgid le fáil freisin ón gcuid is galánta de. Féach ar ainmneacha na rásaí is tábhachtaí – An Derby, Oaks, 1,000 agus 2,000 Gine agus an St. Leger.

Is fíor go bhfuil lucht an rachmais tagtha chun cinn freisin sa léimrásaíocht. Fós tá go leor sáite ann nach mbainfeadh an cháilíocht sin leo agus a mbeadh seans ag each dá gcuid i gceann de na mórchoimhlintí sa rannóg sin.

Ar fhaitíos go mbainfí an chiall chontráilte as seo, tuigim go maith nach canúint ghalánta a bhíonn ar a dtromlach siúd atá ag plé leis an talamh réidh ar chaon taobh de Mhuir Éireann agus de Shruth na Maoile agus idir úinéirí, thraenálaithe agus mharcaigh go n-oibríonn siad go crua le plaic a choinneáil ina mbéal.

Níl ann ach iarracht ar mhíniú cén fáth gurb í an tseilgrásaíocht is ansa le formhór an phobail.

Níl féidir a shéanadh ar chuma ar bith ach gur oibrigh Oisín Murphy go crua ar son an 142 rása a bhí buaite aige nuair a chríochnaigh an séasúr ar an seachtú lá den mhí seo – níos deireanaí ná mar is gnách de bharr Covid-19.

Sa gcoicís deiridh den iomaíocht déanaim amach gur shuigh sé ar dhroim capaill a bhí i stáblaí dhá scór traenálaí éagsúil. In Chelmsford ar an 29 Deireadh Fómhair ba le seachtar traenálaithe éagsúla na seacht gcapall a raibh sé ag marcaíocht orthu – bhuaigh ceithre cinn, bhí péire eile sa dara háit agus ceann sa gceathrú háit.

Ba sa seóléimneach ba mhó a chuir Oisín suim agus é ina leaid óg, ach nuair a shuigh sé ar dhroim capall rása den chéad uair agus é 14 bliain bhí sé i ngreim. Chaith sé tamallacha i stáblaí na dtraenálaithe Tommy Stack agus Aidan O’Brien sular thug sé a aghaidh ar Shasana agus ar stábla Andrew Balding i Newbury.

Oisín Murphy. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Sa mbliain 2013 thug Balding seans don phrintíseach óg dul chun na hAstráile ar feadh tamaill. Ansiúd, ar chúrsa Flemington Lá Coille 2014, tharraing marcach óg Chill Aine aird na tíre air fhéin i gceann de mhór-rásaí an tséasúir, an Bagot Handicap.

Peaca marfach ag marcaigh na hAstráile gan fanacht i ngar don ráille ó thús go deireadh na hiomaíochta, ach shocraigh Murphy a chapall féin Outback Joe a choinneáil amach ón gcuid eile – ba í a thuairim go mb’fhearr leis an gcapall a bheith leis féin ná a bheith sáinnithe i measc na n-iomaitheoirí eile. D’oibrigh an plean agus bhuadar.

Ina dhiaidh dúirt an traenálaí Danny O’Brien, “There wouldn’t be many riders in Australia who’d have ridden the horse like that, with that confidence. This kid is going to make some very loud noises overseas in the next five or so years.”

Nárbh aige a bhí an ceart.

Ní shin le rá ach an oiread go mba go bog a tháinig an saol le Oisín sna cúpla bliain a lean. Tá sé de cháil ar mharcaigh ar an talamh réidh nach dream iad a chuireann an oiread sin d’fháilte roimh aon duine a bhíonn ag iarraidh píosa dá gcáca a chrochadh leis agus bhí amanta ann nuair a thit babhtaí dornála amach i seomra na marcach.

Inniu agus bonn curtha aige faoi fhéin, tá meas agus mórtas acu ar fad as Murphy agus leithéidí Frankie Dettori mar bhuanchara dá chuid.

Ní mór dó a bheith aireach mar sin féin.

Tá sé ag plé le ceard a bhain tuisle as an gcuid is fearr acu – ag plé le slí bheatha a chuireann brú thar cuimse ar cholainn agus ar intinn go leor díobh siúd a chleachtann é – Fallon agus Ederry san áireamh.

Anuraidh ghearr údaráis rásaíochta na Breataine fionraíocht lae ar Murphy siocair gur léirigh tástáil go raibh leibhéal níos airde alcóil ina cholainn ná atá inghlactha acusan – ní mór a rá go bhfuil sin cuid mhaith níos isle ná an ceann a bhaineann le dlí na tíre agus tiomáint gluaisteán.

Faoi láthair tá fiosrú ar bun ag údaráis na Fraince de bharr tástála a rinneadh le linn an tsamhraidh seo caite a ’spáin rian den druga cócaoin a bheith i sampla a glacadh uaidh – deir Oisín Murphy nár thóg sé an druga riamh ina shaol agus ní raibh aon rian de i dtástáil neamhspleách ar íoc sé féin as go gairid ina dhiaidh sin.
Táthar ag fanacht le breithiúnas.

Bheadh súil agat gur ag inseacht na fírinne atá sé agus go bhfaighidh sé deis barr a chumais a bhaint amach.

Ní ón ngaoth a fuair sé sin. Deartháir dá mháthair is ea an marcach agus an traenálaí Jim Culloty. Bhuaigh seisean Coirn Óir Cheltenham trí huaire ar muin an chapaill Best Mate, an Grand National ar Bindaree agus ansin ba é a thraenáil Lord Windermere a bhuaigh Corn an Óir agus Davy Russell sa diallait in Cheltenham.

Fág freagra ar 'Ní ón ngaoth a fuair Oisín Murphy an cumas atá ann'