‘Ní ola atá ag dul tríd bhur gcuid píopaí anois ach fuil mhuintir na hÚcráine’

Chuaigh físeán a thaifead gníomhaí síochána agus aeráide 18 bliain d’aois ón Rúis i bhfeidhm go mór ar ár gcolúnaí

‘Ní ola atá ag dul tríd bhur gcuid píopaí anois ach fuil mhuintir na hÚcráine’

‘Creidim dáiríre nach mise atá ciontach as an gcogadh seo, ach fós féin, tá freagracht orm as.’

Sin é a deir an gníomhaí síochána agus aeráide Vlada Zhuravlyova as Cathair Pheadair, 18 bliain d’aois, i bhfíseán atá á roinnt go tréan ar na meáin shóisialta.

Ba í Zhuravlyova a leag a méar air, dar liom.

Ní mian le gnáthmhuintir na Rúise an cogadh a thosaigh Vladimir Putin san Úcráin.

Ach is iad amháin a stopfaidh é.

Is furasta an drogall atá ar NATO seasamh isteach sa bhearna bhaoil a thuiscint. Gach seans gurbh é an tríú cogadh domhanda – agus cá bhfios scrios an phláinéid – an toradh a bheadh ar ghníomh míleata de chuid an Iarthair.

Smachtbhannaí agus leithlisiú idirnáisiúnta na hairm atá ar fáil – ach féach cé chomh fada is a mhair réimeas na cinedheighilte san Afraic Theas d’ainneoin na smachtbhannaí agus an leithlisithe a cuireadh i bhfeidhm ar an tír sin (34 bliain, mar eolas.)

Ní féidir a bheith ag súil ach oiread go dtarrthálfadh muintir na hÚcráine an Rúis ó ansmacht Putin; rud amháin is ea do thír féin a chosaint ó ionradh, rud eile ar fad is ea ceann de na tíortha is mó agus is cumhachtaí ar domhan a shaoradh ó dheachtóir.

Fágann sé sin gnáthmhuintir na Rúise. Dream a d’eagraigh réabhlóid mór-le-rá cheana.

Ar eagla na míthuisceana, ní doirteadh fola a ghuím ar mhuintir na Rúise (cé go dtuigim gur mór an seans gurb é sin a tharlódh dá n-éireodh an pobal Rúiseach aníos i gcoinne Putin.) Ach tá bealaí síochánta ann chun deireadh a chur le hansmacht: cuir ceist ar Solidarność, ceardchumann Lech Wałęsa, a n-áirítear a gcuid stailceanna ar na príomhchúiseanna gur tháinig deireadh leis an gcumannachas sa Pholainn.

Ach is baolach go bhfuil bealach fada le dul fós sula gcuirfidh muintir na Rúise a dtír ar bhóthar a leasa – má chuireann. Gan acu anois ach meáin chumarsáide an stáit, gan cead acu fiú amháin an focal ‘cogadh’ a úsáid, ní fhéadfadh sé ach go bhfuil sé deacair ar mhuintir na Rúise fáil amach céard go díreach atá ar siúl san Úcráin ar chor ar bith, cén fáth go bhfuil McDonald’s dúnta, cén fáth nach bhfuil na geataí iontrála i meitreo Mhoscó ag glacadh le Apple Pay a thuilleadh.

Ní nach ionadh, tá mórchuid Rúiseach scanraithe as a mbeatha roimh na húdaráis. San fhíseán sin aici, tagraíonn Vlada Zhuravlyova don drochíde a thugtar do léirseoirí frithchogaidh sa Rúis. Míníonn sí gur féidir téarma príosúin 15 bliain a ghearradh ar dhuine ar bith a déarfadh go poiblí go bhfuil sé i gcoinne an chogaidh. Tá crógacht Zhuravlyova, a scaipeann paimfléid fhrithchogaidh, agus daoine mar í a sheasann an fód i gcoinne an údarásaíochais agus ar son na síochána ar fud na Rúise, le moladh go hard.

Dé Luain, léim bean chróga eile, Marina Ovsyannikova, os comhair an cheamara agus an nuacht á craoladh beo ar chainéal teilifíse de chuid an stáit, ag béiceach: ‘Stop an cogadh!’. Bhí fógra cairtchláir ina lámha aici leis an téacs: ‘Ná creid sa bholscaireacht. Táthar ag insint bréaga duit anseo.’ Agus, i mBéarla: Russians against war. Níor mhair an agóid ach cúpla soicind, ach chonaic na milliúin í. Agus an t-alt seo á scríobh, tá Ovsyannikova faoi choinneáil ag na póilíní agus d’fhéadfadh 15 bliain sa phríosún a bheith i ndán di.

Cuir a leithéid sin i gcomparáid anois leis an ardú ar phraghas an bhreosla atá ag déanamh tinnis do mhuintir an Iarthair.

Fágfaidh mé an focal scoir ag Vlada Zhuravlyova.

‘A pholaiteoirí agus a ghníomhaithe [síochána agus aeráide] san Eoraip, cuimhnígí go bhfuil bhur gcuid rialtas fós ag ceannach breoslaí iontaise ón Rúis. Ní ola atá ag sileadh tríd bhur gcuid píopaí anois ach fuil mhuintir na hÚcráine.’

Fág freagra ar '‘Ní ola atá ag dul tríd bhur gcuid píopaí anois ach fuil mhuintir na hÚcráine’'

  • Seán ÓM

    Is iontach an rud go bhfuil daoine anois chomh imníoch faoin ola agus gas a fhaigheann muid ón gcoirpeach cogaidh Putin. Maith muid. Tús maith.

    Trua go deo áfach nach raibh an meon céine againn maidir leis an Araib Shádach dhá bhliain ó shin nuair a bhí siad i mbun cinedhíothaithe in Éimin. . (Google: “Yemen Genocide”)

    Nó nuair a bhí siad ag cur níos mó ná 80 duine chun báis ar aon lá amháin ….. INNÉ. (Google: “mass execitions Saudai”)

    Fimíneacht an Domhain Thiar b’fhéidir – ach tá súil agam go mbeidh muid ag cur an chaighdeáin céine i bhfeidhm ar na Sádaigh go luath.

  • Antóin

    Fan go dtabharfaidh an Taoiseach aghaidh a chraois ar Uachtarán SÁM an deireadh seachtaine seo as ucht tacaíocht a thabhairt don Araib Shádach, agus as airgead agus airm agus traenáil a chur ar fáil d’fhórsaí na tire sin agus as na haerionsaithe treoraithe in Éimin a threorú. Taoishock is Awe cinnte!