Ní neart go cur le chéile na don Airgintín agus An Fhrainc rompu

Imreofar an chéad dá chluiche sa 16 Deiridh ag Corn an Domhain tráthnóna agus an Airgintín ag tabhairt aghaidh ar an bhFrainc agus An Phortaingéil ag imirt i gcoinne Uragua

Ní neart go cur le chéile na don Airgintín agus An Fhrainc rompu

Cuirfear tús leis na babhtaí díbeartha ag Corn an Domhain 2018 tráthnóna agus coimhlint ollmhór a bheidh sa chéad chluiche a imreofar i Kazan ag a 3pm.

Bhain na hAirgintínigh áit amach sa 16 Deiridh a bhuíochas de chúl Marcos Rojo ag deireadh an chluiche i gcoinne na Nigéire ach beidh a fhios acu féin go maith go gcaithfidh siad feabhsú go mór más fúthu dul níos faide sa chomórtas seo.

Ní raibh cuma ná caoi orthu an chuid is mó de na cluichí i mbabhta na ngrúpaí agus scéalta ag dul thart go raibh scoilt sa champa idir na himreoirí agus an bainisteoir, Jorge Sampaoli. D’fhéadfadh an bua drámata a bhí ag an Airgintín Dé Máirt an scuad uile a tharraingt le chéile agus spreagadh a thabhairt dóibh, ach is mór an dúshlán atá rompu.

Dá mbeadh Sampaoli in ann áit a fháil do Messi, Sergio Aguero, Pablo Dybala, Angel Di Maria agus a leithéidí, bheadh siad thar a bheith cumasach ar an ionsaí, ach níor éirigh leis an mbainisteoir é sin a dhéanamh fós agus níl an chuma ar an scéal go réiteoidh sé an fhadhb sin anois.

Tá imreoirí den scoth ag an bhFrainc gach áit ar an bpáirc ach níor éirigh leo barr a gcumais a bhaint amach sa Rúis fós. Bhí siad éifeachtach sa chomórtas go dtí seo, ach ní raibh siad iontach.

Tá deis iontach acu an Airgintín a shárú tráthnóna, áfach. Tá sé a laige is atá  cosantóirí na hAirgintíne feicthe arís agus arís againn agus d’fhéadfadh Antoine Griezmann, Kylian Mbappé agus a gcomhghleacaithe scrios a dhéanamh.

Tuar Tuairisc.ie: An Fhrainc

Níos deireanaí inniu, casfaidh An Uragua agus An Phortaingéil ar a chéile. Cé go mbeidh Luis Suarez, Edinson Cavanai agus Cristiano Ronaldo uile ar an bpáirc i Sochi, is beag seans go bhfeicfidh muid cluiche oscailte anocht.

Foirne iad seo a chuireann níos mó béime ar an gcosaint ná aon rud eile agus iad ag brath ar na réalta sin chun an beart a dhéanamh nuair a fhaigheann siad corrdheis.

Seans go mbeidh an chéad chúl cinniúnach sa chluiche seo mar is foirne iad nach ngéilleann an oiread sin cúl. Is iad an Uragua an t-aon fhoireann nach bhfuil cúl géillte acu go dtí seo ag Corn an Domhain 2018 agus a dtrí chluiche i nGrúpa A buaite ag foireann Oscar Tabarez.

Ní raibh an cúrsa chomh bog céanna ag an bPortaingéil agus ní gan saothar a tháinig siad trí Ghrúpa B. B’in mar a bhí acu ag EURO 2016 chomh maith agus d’éirigh leo an beart a dhéanamh, cluiche i ndiaidh chluiche.

Is mór an cúnamh í an taithí sin don Phortaingéil, go háirithe mura mbíonn rudaí ag dul go maith dóibh sa chluiche anocht.

Tuar Tuairisc.ie: An Phortaingéil

Fág freagra ar 'Ní neart go cur le chéile na don Airgintín agus An Fhrainc rompu'

  • wtf

    Meatacháin is ea cuid mhaith acu…léimeann na cúlaithe as an tslí ar eagla go mbuailfeadh an liarthóid smíste orthu. Féach ‘an athimirt’ nuair a bhíonn cic saor á thógáil….sea léimeann fear san fhalla as an tslí. Milliúnaithe ar meatacháin iad.