‘Ní mór don phobal agus don Rialtas araon brú a chur ar leithéidí Apple agus Google tacú leis an nGaeilge’ – Kevin Scannell

Ag labhairt dó ag an gcomhdháil ‘Pobal na Gaeilge sa Ré Dhigiteach’, mhol an tOllamh ó Ollscoil St Louis go mbunódh lucht na Gaeilge ar líne ‘cónaidhm’ ar mhaithe le saineolas agus ábhar a roinnt

Kevin

Tá moladh déanta ag an Ollamh Kevin Scannell go mbunódh daoine agus grúpaí ar spéis leo cur chun cinn na Gaeilge ar líne ‘cónaidhm’ ar mhaithe le saineolas, acmhainní agus ábhar a roinnt.

Bhí an tOllamh Scannell, atá áirithe ar dhuine de mhórcheannródaithe na Gaeilge ar líne, ag caint inné ag an gcomhdháil ‘Pobal na Gaeilge sa Ré Dhigiteach’ a bhí ar siúl sna Forbacha i gConamara.

Dúirt an tOllamh ó Ollscoil St Louis go raibh gá le teicneolaíocht nua a fhorbairt don Ghaeilge “láithreach bonn”.

Ba iad na riachtanais is mó a bhí ag an nGaeilge ar líne, dar leis, ná saineolas teicniúil, saineolas teanga, acmhainní agus ‘comhoibriú’.

Bhí gá leis, a dúirt sé, brú a chur ar na mórchomhlachtaí teicneolaíochta, ar nós Apple agus Google, tacú leis an nGaeilge.

Chaithfeadh an brú seo “teacht ón Rialtas agus ón bpobal, ón mbarr anuas agus ón mbun aníos”.

Bhí an Ghaeilge ann i bhfad roimh Google agus Facebook agus beidh sí fós ann nuair bheidh na comhlachtaí sin “imithe”, a dúirt Scannell.

Ba iad Gréasán na Meán i gcomhar leis an gcomhlacht léiriúcháin ROSG agus Údarás na Gaeltachta a d’eagraigh ‘Pobal na Gaeilge sa Ré Dhigiteach’.

Fág freagra ar '‘Ní mór don phobal agus don Rialtas araon brú a chur ar leithéidí Apple agus Google tacú leis an nGaeilge’ – Kevin Scannell'