Ní mór do Shinn Féin stad den damhsa de réir phort na dTráchtairí Móra

Iomarca suntais ar fad a thugann Sinn Féin do na Tráchtairí Móra, shílfeá go dtuigfidís faoi seo nach ar mhaithe leo atá siad

Ní mór do Shinn Féin stad den damhsa de réir phort na dTráchtairí Móra

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá léirmheas leanúnach á dhéanamh i gcónaí ar an mbuille a fuair Sinn Féin sna toghcháin. Is deacair do na Tráchtairí Móra a ríméad a cheilt, go mór mór an chuid acu a bhíonn ag scríobh don Irish Independent, don Sunday Independent agus don Irish Times.

Feictear dóibh go bhfuil an bobodha curtha ó dhoras sa deireadh acu agus go bhféadfaidh daoine ciallmhara measúla codladh go sámh feasta.

Is beag nach é an scéal céanna atá acu ar fad. Dá dtógfadh Sinn Féin a gcuid suíochán i bParlaimint Westminster, a deir siad, bheadh vótálaithe buíoch díobh. Téann siad uaidh sin go dtí an milleán ar fad a chur ar Shinn Féin faoi chur ar fionraí Stormont.

Mhol siad Liadh Ní  Riada nuair a dúirt sí go mbeadh sí sásta an poipín a chaitheamh – chomh maith is go ndearna sé aon mhaith di.

Tarraingíonn siad anuas gan stad na scéalta faoi ionsaithe gnéis a rinneadh. Is teannach leo a thabhairt le tuiscint  go raibh sé ina pholasaí oifigiúil ag Sinn Féin eolas faoi ionsaithe gnéis a rinne Poblachtaigh a phlúchadh.

Is breá leo a bheith ag trácht go minic ar Mháiria Cahill. Bhí an oiread ómóis ag an Sunday Independent di gur chuir siad ag scríobh don pháipéar sin í, ag ionsaí Shinn Féin ar ndóigh.

Coinníonn na Tráchtairí Móra seadaithe i gcónaí na hachrainn inmheánacha a bhí i Sinn Féin.  Tá trua acu do na Comhairleoirí Contae a d’imigh as an bPáirtí de bharr gur mheas siad go ndearnadh bulaíocht orthu. Is beag nach samhlófá na deora ag silt leo agus iad ag cur síos ar Pheadar Tóibín.

Iomarca suntais ar fad a thugann Sinn Féin do na Tráchtairí Móra.

Shílfeá go dtuigfidís faoi seo nach ar mhaithe leo atá siad.

Comhairlíodh do Shinn Féin dul i dtreo lár an mhargaidh pholaitíochta má bhí rún ar bith acu dul chun cinn ceart a dhéanamh. Níor mhór dóibh an mheánaicme a mhealladh chucu, a dúradh.

Bhí an chosúlacht ann gur ar an mbóthar sin a bhí siad nuair a thogh siad an t-iarFhianna Fáileach,  ar cuireadh oideachas príobháideach uirthi,  Mary Lou McDonald,   ina  ceannaire.

Ach an dteastaíonn Sinn Féin chomh géar sin ón ardaicme agus ó chuid mhaith den mheánaicme? Nach bhfuil  neart laochra acu mar atá siad lena gcosaint ar an anachain, Fine Gael, Fianna Fáil, srl.

‘Locht’  eile a frítheadh ar Shinn Féin go raibh siad róthrodach sa Dáil. Is é a mhalairt atá fíor.  Duine dall nach bhfeicfeadh gur stíl throdach a bhí i gcónaí ag Claire Daly,  ag Mick Wallace agus ag Luke  ‘Ming’ Flanagan.  Ní dhearna sé sin pioc dochair dóibhsean. Tabhair faoi deara freisin gur chucu a chuaigh tromlach na n-aistriúchán ó ionadaithe Shinn Féin.

Ní dheachaigh a lán dá lucht tacaíochta traidisiúnta amach do Shinn Féin an babhta seo. Déarfá leat féin gur masmas a bhí orthu ag breathnú ar an bPáirtí ag damhsa de réir phort an Times agus an Independent agus ag léiriú le chuile iompú gurbh fhada leo go mbeidís i rialtas le Fine Gael nó le Fianna Fáil.

Tá Teachta Dála amháin i Sinn Féin a thuigeann an scéal go binn. Sin í an Teachta Dála Louise Reilly. “Chuaigh muid i ndiaidh ár mullaigh i dtreo lár an mhargaidh faoi cheannas Mhary Lou,” a dúirt sí, “agus chaith muid dínn na sean-éadaí ar bhealach nach dtaitníonn le cuid againn.”

“Tá muid sa gcaoi anois nár bhac ár lárghrúpa tacaíochta le theacht amach agus vótáil ar ár son agus nach dtrustann an mheánaicme muid.”

Sách ráite.

Fág freagra ar 'Ní mór do Shinn Féin stad den damhsa de réir phort na dTráchtairí Móra'