Ní mór do Joe Biden a chruthú gur Uachtarán do chách é

Ní bealach éasca atá roimh Joe Biden más leis an t-aontas agus an t-athmhuintearas sin a chur i gcrích

Ní mór do Joe Biden a chruthú gur Uachtarán do chách é

Aontas agus athmhuintearas. Sin a theastaíonn ó Joe Biden a chur chun cinn le linn a thréimhse mar Uachtarán ar na Stáit Aontaithe. Ba gheall le hachainí ar dhaoine droim láimhe a thabhairt leis an easaontas agus an deighilt a bhí ina óráid insealbhaithe ar a gCéadaoin.

Labhair sé ar na bealaí a bhfaigheann an saol an ceann is fearr ar an tubaiste agus an tragóid. Tuigeann seisean é sin níos mó ná mórán eile i bpolaitíocht na Stát Aontaithe. Ní hin le rá go mbeidh bealach éasca roimhe leis an aontas agus an t-athmhuintearas sin a chur i gcrích.

An chéad dúshlán a bheidh la sárú ná an córas polaitiúil féin. Tá an Teach Bán agus Teach na nIonadaithe i seilbh a nDaonlathach. Tá an Seanad chomh deighilte leis an gcuid eile den tír. Tá 50 suíochán ag an dá pháirtí agus beidh Biden agus a rialtas ag brath ar chomhoibriú ó Phoblachtaigh nó ar vóta an leas-Uachtaráin Kamala Harris le go leor dá chuid aidhmeanna a chur i gcrích.

Bhí cáil ar Donald Trump go raibh tóir aige ar orduithe feidhmiúcháin le polasaithe a chur i gcrích. Ceann de na chéad rudaí a rinne Joe Biden an tráthnóna cheana ná sraith de na horduithe céanna a shíniú. Ní hamháin go bhfuil pobal na Stát Aontaithe deighilte ach tá an dá pháirtí deighilte iontu féin. An cheist anois an mbeidh Biden in ann an scoilt ina pháirtí féin a cheansú ar mhaithe le cuid dá chuid polasaithe a chur i gcrích.

“Beidh muid ar ais faoi chló éigin.” Sin a bhí le rá ag Donald Trump lena lucht leanúna agus é ag fágáil slán le linn ócáid ag Ionad Míleata Andrews. Céard a chiallaíonn  sé sin? An bhfuil sé i gceist aige, mar atá á thuar, páirtí nua ‘The Patriots’ a bhunú. Gar a bheadh ansin do Joe Biden agus na Daonlathaigh. Má bhunaíonn Donald Trump páirtí polaitiúil, tabharfaidh sé leis go leor den lucht leanúna a vótáil dó faoi Shamhain seo caite. Tá an baol ann go scoiltfeadh sé vóta na bPoblachtach.

D’fhágfadh sin an bealach glan do Biden agus na  Daonlathaigh tar éis na dtoghchán lár téarma i mí na Samhna 2022.  Cuimhnigh go bhfuil na milliúin de lucht leanta na bPoblachtach a chreideann fós gur ghoid Biden an toghchán.

Tabhair faoi deara nach bhfuil luaite agam go dtí seo ach vótaí agus an pholaitíocht.

Níl aghaidh ar bith tugtha ar Covid-19, an bochtanas, an dífhostaíocht, an tubaiste eacnamaíochta, an inimirce ná an ciníochas. Sin iad na fadhbanna córasacha a theastaíonn a leigheas sna Stát Aontaithe. Gan leigheas ar chuid éigin acu beidh daoine fós meallta ag teachtaireacht Donald Trump agus pé páirtí nó gluaiseacht a mbeidh sé luaite leo.

Tá sé de bhuntáiste ag Joe Biden go bhfuil taithí na mbliana aige in Washington agus tuiscint mhaith aige ar an gcóras. Cuideoidh sin leis cuid de na deacrachtaí praiticiúla a bhaineann leis an bpróiseas reachtúil i Washington a réiteach.

Scéal eile ar fad an mbeidh sé in ann seift a aimsiú le hintinn na ndaoine atá fós diongbháilte de go ndearnadh feall ar Trump a athrú. An chéad chéim chun an aontais atá uaidh ná a chruthú dóibh, mar a dúirt sé ina chéad óráid, gurb é Uachtarán na Stát Aontaithe go léir é.

Fág freagra ar 'Ní mór do Joe Biden a chruthú gur Uachtarán do chách é'