‘Ní mór do Chomhairleoirí Chonamara a bheith níos gníomhaí faoi ghéarchéim farantóireachta Árann’ – Cathaoirleach Chomhairle Contae na Gaillimhe

Deir an Cathaoirleach anois gurbh fhearr fáil réidh leis na fo-dhlíthe is cúis le táillí a bheith á ngearradh ar phaisinéirí Aran Island Ferries toisc gurb í an tseirbhís farantóireachta ‘an bóthar mór atá ag muintir Árann’

Aran Island ferriesNíor mhór do na Comhairleoirí Contae ó Conamara a theacht le chéile agus a dhul go bun an údair faoi cheist na seirbhísí farantóireachta as Ros a’ Mhíl go hÁrainn – agus níor mhór dóibh é sin a dhéanamh gan mhoill.  Tá Cathaoirleach Chomhairle Contae na Gaillimhe, an Comhairleoir Peter Roche as Mainistir Chnoc Muí, ag súil go mbeidh na comhairleoirí as Conamara – an naonúr acu – in ann léargas a thabhairt ar bhealaí le réiteach a fháil ar ghéarchéim na seirbhíse farantóireachta nuair a thiocfaidh Comhairle iomlán an Chontae le chéile Dé Luain seo chugainn. 

Tá ceist na seirbhíse atá dá reáchtáil ag Island Ferries ar chlár an chruinnithe sin agus dúirt an Cathaoirleach go gcaithfear ‘aghaidh dháiríre’ a thabhairt ar an mbaol atá ann go stopfar an tseirbhís ar an 30 Eanáir.  D’fhógair Island Ferries go n-éireoidís as an seoladh idir Ros a Mhíl agus Oileáin Árann ón dáta sin ar aghaidh ar feadh roinnt seachtainí.

Is é an dleacht de 80 cent an paisinéir atá gearrtha ag an gComhairle Contae – seachas ar phaisinéirí a bhfuil cónaí orthu ar na hoileáin – ag Calafort Chill Rónáin, an cnámh spairne is mó.

Tar éis dóibh cásanna cúirte a bhain leis an dleacht a chailleadh le gairid, tá Aran Island Ferries glan ina haghaidh i gcónaí.

Dúirt an Cathaoirleach, Peter Roche, áfach, go bhfuil seisean den tuairim anois nach cóir go mbeadh an íocaíocht seo á gearradh ar dhaoine chun íoc as cothabháil agus seirbhísí Chalafoirt nua Chill Rónáin. 

Agus é ag labhairt le Tuairisc.ie aréir, dúirt Roche go raibh an tseirbhís farantóireachta agus seirbhísí calafoirt chomh tábhachtach do mhuintir Árann “agus atá mótarbhealaí in oirthear na Gaillimhe”.

“Dháiríre, sí an tseirbhís seo an bóthar mór atá ag muintir Árann.  Tuige go leagfaí dualgas ar leith ar lucht na seirbhísí agus orthu siúd atá ag taisteal ar na báid, go mbeidís ag íoc go seasta, síoraí as an mbunsheirbhís riachtanach seo; níl aon cheangal mar sin curtha orainne in oirthear na Gaillimhe ó thaobh na mbóithre móra nua de,” a dúirt Peter Roche, Cathaoirleach Chomhairle Contae na Gaillimhe.

Admhaíonn an comhairleoir ó Fhine Gael nár thuig seisean go hiomlán an bhrí atá leis na fodhlíthe a bhaineann le táillí ar phaisinéirí go hÁrainn nuair a chaith sé a vóta féin ar a son ceithre bliana ó shin. 

“Is dóigh gur dheacair dúinne as Achréidh na Gaillimhe a bheith ar an eolas i gceart. An iarraidh seo, mar Chathaoirleach, tá mé ag súil – agus ag iarraidh – go mbeadh urlabhraí thar cheann na gComhairleoirí ó Chonamara ann an chéad lá eile a mhíneodh an scéal ó thús deireadh. 

“Teastaíonn sin sa gcaoi agus go mbeadh na Comhairleoirí as oirthear na Gaillimhe tuisceanach agus báúil leis an éileamh i Ros a Mhíl agus Árainn,” a dúirt Roche.

Dúirt an Cathaoirleach – a bhfuil cúpla cuairt tugtha aige ar Árainn le gairid – gurbh fhearr anois do na comhairleoirí contae a dhul in éadan na bhfodhlíthe a bhain leis an gCalafort in Inis Mór arís agus bealach a fháil leis an táille a chur go leataobh.  Cuireadh an táille 80 cent i bhfeidhm bunaithe ar fhodhlíthe na Comhairle. 

Dúirt Roche, áfach, nach bhféadfaí “an €150,000 a bheidh ag teastáil de bharr an athraithe sin [deireadh a chur leis na táillí] a bhaint as buiséad Chomhairle Contae na Gaillimhe, ná as buiséad Cheantar Bardasach Chonamara”.

Creideann an Cathaoirleach go gcaithfidh tuilleadh plé a bheith ann idir chuile dhream agus tá sé ag súil go mbeidh an tAire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh sásta cuid den chostas a ghlanadh, as ciste Roinn na Gaeltachta.

Tabharfaidh caint láidir Chathaoirleach Chomhairle Contae na Gaillimhe misneach do dhaoine a thiocfaidh chuig cruinniú poiblí faoi cheist na seirbhíse farantóireachta in Inis Mór anocht.  Is fada cheana ó facthas tacaíocht chomh láidir ó chathaoirleach ar bith as oirthear na Gaillimhe do chúis taobh thiar den Choirb agus é ag tabhairt dúshlán do Chomhairleoirí Chonamara lena chois sin.

Fág freagra ar '‘Ní mór do Chomhairleoirí Chonamara a bheith níos gníomhaí faoi ghéarchéim farantóireachta Árann’ – Cathaoirleach Chomhairle Contae na Gaillimhe'