Deir Fionnbarra Ó Brolcháin, iar-ollamh airgeadais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, gur gá fáil réidh leis an tuairim neamhbhailí “go mbíonn buntáiste iomaíoch ag Éirinn mar gur tír Bhéarla í”.
Ina réamhrá leis an bplean nua fáis don teanga a scaip Conradh na Gaeilge ar Theachtaí Dála agus Seanadóirí an tseachtain seo, deir Ó Brolcháin go gcaithfear dul i muinín smaointeoireacht na hathghiniúna agus féachaint ar shampla na dtíortha Nordacha a chreideann go bhfuil cothú na teanga dúchais mar chuid riachtanach den tír a mbíonn rath uirthi.
Deir Ó Brolcháin gurb iad na tíortha a mbeidh rath orthu sna blianta amach romhainn na tíortha a théann “i gcoinne fhórsaí an tsaormhargaidh” agus a mbíonn an fholláine seachas agus an fás nó an cúlú eacnamaíochta mar “spriocanna náisiúnta acu”.
“Tá tuairim ann go mbíonn buntáiste iomaíoch ag Éirinn mar gur tír Bhéarla í. Caitheann an smaointeoireacht athghiniúna an tuairim sin i dtraipisí agus bunoscionn.
“Tá sé aitheanta le fada ag tíortha Nordacha go gcothaíonn a dteangacha uathúla mórtas ceantair atá riachtanach don fhéintuilleamaí, don fhéinmhuinín agus don fhéinmheas atá de dhíth chun an rathúnas a bhaint amach.”
Deir Ó Brolacháin go gcabhródh an infheistíocht sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht atá molta i bplean Chonradh na Gaeilge le “meanma” na “athghiniúna” a chothú in Éirinn.
Chuirfeadh an infheistíocht bhreise sa Ghaeilge atá molta “in iúl” go bhfuil Éire ag dul “ar chonair” na hathghiniúna in áit “a bheith ag cloí le smaointeoireacht eacnamaíochta atá cúng agus as dáta”.
Deir Ó Brolcháin go mbítear “thíos go minic” sa lá atá inniu ann le “mothúcháin mhillteanacha atá bunaithe ar easpa fréamhacha, dícheangal leis an am atá caite, agus cailleadh pobail”.
Tá an Ghaeilge lárnach i bhfuascailt na bhfadhbanna sin, a deir sé.
“Ní mór d’Éirinn úr faoi bhláth a bheith bunaithe ar athmhúscailt chultúrtha fréamhaithe sa Ghaeilge. I ndomhan atá sáite I bhfórsaí homaiginithe an domhandaithe, éireoidh go geal leis na háiteanna sin atá tógtha ar mheanma athghiniúna.”
Fág freagra ar '‘Ní mór d’Éirinn úr faoi bhláth a bheith fréamhaithe sa Ghaeilge’'