Ní mór an t-údar ceiliúrtha dáiríre ciste tarrthála an AE

Céim siar ó thaobh an daonlathais de ab ea cruinniú mullaigh an AE, ach is cosúil go bhfuil ár bpolaiteoirí sách dall ar an gcontúirt atá romhainn

Ní mór an t-údar ceiliúrtha dáiríre ciste tarrthála an AE

Bhí na hosnaí faoisimh le cloisteáil ón mBruiséil nuair a d’éirigh leo teacht ar shocrú maidir leis an tacaíocht do bhallstáit an Aontais a buaileadh go trom ó thaobh na heacnamaíochta de dheasca na paindéime.

Ar feadh tamaill fhada ní rabhthas cinnte an mbeadh aon socrú ann, agus ochlán bhí le clos nuair a sheas an Ceathrar Cnuaisciúnach (an Ísiltír, an Danmhairg, an tSualainn, an Ostair – agus an Fhionlainn ag tacú leo) an fód ag iarraidh luach na ndeontas a laghdú agus coinníollacha a cheangal leo a thabharfadh cead maoirseachta ar chúrsaí eacnamaíochta dóibh in aon bhallstát nach mbeifí sásta leis an gcaoi a mbeifí ag stiúradh an gheilleagair ann.

Bhí faitíos ar an nGearmáin is ar an bhFrainc – fathaigh mhóra an Aontais – go rachadh achrann faoin éileamh ó na stáit ba mheasa a bhí buailte, ar nós na hIodáile, chun dochair don Aontas ar fad. Bhí an Iodáil agus an Spáinn ar buile, agus an Ghréig ag diúltú glan ligint do na ballstáit eile dul i gceannas ar eacnamaíocht na tíre sin mar a tharla le linn na géarchéime baincéireachta.

Tá an mhíshástacht leis an Aontas méadaithe as cuimse san Iodáil, agus dá bharr, bhí sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh sé le feiceáil go mbíonn an tAontas ag seasamh gualainn ar ghualainn i ndlúthpháirtíocht le gach ballstát.

Ach bhí drogall ar an gCeathrar Cnuaisciúnach ar fhaitíos go gcuirfidís fearg ar a bpobal féin dá mbeadh orthu íoc as faillí na dtíortha eile (is mar sin a mhínigh siad an scéal). Agus go deimhin tá míshástacht leis an Aontas ag tosú ag fás san Ísiltír féin mar gheall ar a leithéid.

Bhí comhghéilleadh ann sa deireadh, ach mar is iondúil, tá an donas dearg ar na mionsonraí. Cé gur ghéill an Ceathrar Cnuaisciúnach go mbeadh deontais nach mbeadh inaisíoctha ar fáil, a mhaoineodh an tAontas le chéile, laghdaíodh an ciste ó €500 billiún go dtí €390 billiún agus déanfar maoirseacht ar an gcaoi a mbainfear leas as na deontais sin. Beidh cead ag ballstát stop a chur ar feadh trí mhí le híoc deontais mura mbeidh siad sásta le húsáid an airgid, cé gur ag an gCoimisiún a bheidh an focal deiridh.

Ach sé an rud is measa ná go mbeidh an margadh ag dul go dtí an pharlaimint, mar a thugtar air. Beidh siadsan in ann na coinníollacha faoi úsáid an airgid a chur i bhfeidhm agus deontais a cheangal le ‘prionsabail’ an Aontais. Ciallaíonn sé sin go mbeidh an pharlaimint in ann stop a chur le hairgead don Ungáir nó don Pholainn mura mbeidís sásta géilleadh faoi leasuithe dlí a theastaíonn uathusan a chur i bhfeidhm ina dtíortha féin.

Ní aontaím féin leis an dearcadh atá ag leithéidí Victor Orban san Ungáir ná ag rialtas na Polainne, ach is ceart dosháraithe é ag muintir na dtíortha sin a rogha rialtais a thoghadh más mian leo.

Cén ceart atá ag eachtrannaigh, ag Príomh-Aire na hÍsiltíre nó ag ‘Parlaimint’ an Aontais a rá leo go bhfuil cead acu an rialtas seo a thoghadh ach nach bhfuil cead an rialtas sin a thoghadh.

Ní bheadh an ceart acu a rá linne ach an oiread nach bhfuil cead againn rialtas faoi stiúir Mary Lou McDonald a thoghadh, nó rialtas faoi stiúir Mhicheál Martin. Is é ár ngnó féin é.

Tá margadh ann, sea, ach tá rian an achrainn fós ann freisin, agus léiríonn an t-achrann an chaoi a dtagann leas dreama amháin salach ar leas dreama eile.

Fiú má tá an ghéarchéim curtha ar leataobh ar feadh tamaill, níl aon réiteach faighte uirthi agus tá fadhb mhór roimh an Aontas i gcónaí.

Tá an margadh faoi chiste an Covid-19 ceangailte ar ndóigh le socrú faoi bhuiséad an Aontais. Maíonn an Taoiseach Micheál Martin gur margadh fíormhaith atá ann don tír seo, ach cé go mbeidh muid ag cur níos mó airgid isteach ná mar a gheobhaidh muid amach is léir go bhfuil imní ar fheirmeoirí go háirithe faoin socrú airgid.

Níos tábhachtaí ná sin, tá an

dream a bhí ag iarraidh institiúid níos lárnaí a dhéanamh den Aontas treisithe ag na socruithe seo. An gcreideann an Taoiseach i ndáiríre gur chun leas na tíre seo go mbeadh an chumhacht lárnach treisithe, nó cá bhfágfaidh sé sin ár bpolasaí cánach atá mar bhunchloch dár bpolasaí forbartha?

Céim siar ó thaobh an daonlathais de ab ea an cruinniú mullaigh seo, ach is cosúil go bhfuil ár bpolaiteoirí sách dall ar an gcontúirt atá romhainn.

Fág freagra ar 'Ní mór an t-údar ceiliúrtha dáiríre ciste tarrthála an AE'