Ní mór a bheith an-chúramach i gcoinne na bPumas i gcónaí

Is cuma cén casadh a chuireann na hAll Blacks ná a lucht leanta ar chúrsaí, ní féidir leo na fíricí a shéanadh.  Bhí foireann na hÉireann i bhfad níos fearr ná iad i chuile ghné den imirt seachtain ó shin. Níl fáil acu ar aon leithscéal. Ní raibh aon easpa imreoirí chéad rogha orthu mar […]

Ní mór a bheith an-chúramach i gcoinne na bPumas i gcónaí

Ní haon iontas dá bhrí sin gur bhfuil Andy Farrell ag tabhairt scíthe do chúpla imreoir agus ag tabhairt deis d’imreoirí nua i gcoinne na hAirgintíne tráthnóna inniu

Is cuma cén casadh a chuireann na hAll Blacks ná a lucht leanta ar chúrsaí, ní féidir leo na fíricí a shéanadh.  Bhí foireann na hÉireann i bhfad níos fearr ná iad i chuile ghné den imirt seachtain ó shin.

Níl fáil acu ar aon leithscéal.

Ní raibh aon easpa imreoirí chéad rogha orthu mar a bhí nuair a sháraigh muid iad den chéad uair in Chicago cúig bliana ó shin. Is é bun agus barr an scéil go raibh na hÉireannaigh níos díocasaí agus i bhfad níos fíochmhaire ná imreoirí a bhfuil an stair acu agus an cháil orthu mar chuid den fhoireann is fearr ar domhan. Go deimhin bhí mí-ádh ar na hÉireannaigh nach raibh bearna an scóir i bhfad níos mó ná na naoi bpointe a bhí ann ag deireadh ochtó nóiméad.

Sin cluiche na seachtaine seo caite agus an dara ceann thar a bheith fisiciúil a d’imir imreoirí na tíre seo le coicís. Ní haon iontas dá bhrí sin gur bhfuil Andy Farrell ag tabhairt scíthe do chúpla imreoir agus ag tabhairt deis d’imreoirí nua i gcoinne na hAirgintíne tráthnóna inniu. Seans maith go mbeidh Johnny Sexton, captaen na hÉireann i measc na n-imreoirí úd a gheobhadh scíth murach go mbeidh sé ar an taobhlíne ar aon nós go ceann cúpla seachtain de bharr gortú coise a bhain dó le linn chluiche na seachtaine seo caite. Cúis imní gan dabht, ní hamháin do lucht leanta na hÉireann ach do na Laighnigh freisin agus iad ag réiteach do chomórtas na gCuradh ag tús mhí na Nollag.

Maidir le cluiche an lae inniu, is fiú a mheabhrú go bhfuil na Pumas ag teacht go Baile Átha Cliath tar éis dóibh greadadh 37- 16 a thabhairt don Iodáil, díreach mar a rinne na hAll Blacks an tseachtain roimhe sin. Is fiú a mheabhrú freisin gurb iad na hÉireannaigh rogha na coitiantachta sa gcoimhlint seo. Tá baint ag torthaí na hÉireann sa gcéad dá chluiche fómhair leis sin ach is cinnte go bhfuil baint ag stair na gcluichí idir na foirne seo leis freisin. Chas na foirne seo ar a chéile ocht mbabhta dhéag roimhe seo agus bhí an lámh in uachtar ag na hÉireannaigh dhá bhabhta dhéag agus ag na Pumas sé bhabhta. Fós féin, bhuail na Pumas muid i dtrí chorn domhanda. Sin drochthuairisc orainn agus caithfidh muid a bheith an-chúramach ar fad.

Mar sin féin beidh mise thar a bheith díomách mura gcuirfidh muid críoch dhearfach leis an tsraith trí chluiche seo. Ní hamháin sin ach is deis iontach é d’imreoirí a bhí ag seasamh agus iad réidh lena gcuid a dhéanamh ar son chúis rugbaí na tíre seo agus muid ag réiteach don chomórtas Sé Náisiún a bheidh le teacht sa mbliain nua agus an Corn Domhanda in 2023.

Fág freagra ar 'Ní mór a bheith an-chúramach i gcoinne na bPumas i gcónaí'