Ní mhairfidh an rialtas i bhfad más ann as atá na Glasaigh 

Ní hionann a bheith i rialtas agus a bheith i do bhall de ghrúpa agóide nó de chumann díospóireachta

Ní mhairfidh an rialtas i bhfad más ann as atá na Glasaigh 

Shílfeá uaireanta go mbíonn páirtithe polaitíochta meáite ar cheap magaidh a dhéanamh díobh féin. Mar a tharla Déardaoin nuair a tháinig an teannas atá sa Chomhaontas Glas chun solais sa Dáil.

D’éirigh Neasa Hourigan as a post mar aoire an pháirtí tar éis di vótáil in aghaidh an rialtais i gcúig vóta ar an mBille um Thionóntaí Cónaitheacha (a chuir deireadh leis an gcosc iomlán ar dhíbirt daoine óna dtithe).  Staon Teachta Dála eile atá ar aon tuairim léi, an t-aire stáit Joe O’Brien, sa vótáil dheireanach ar an mbille céanna.

D’fhógair an Comhaontas Glas go moch ar maidin Dé hAoine an pionós a ghearrfaí ar an mbeirt: ní thabharfar cead cainte dóibh sa Dáil ar feadh dhá mhí. Thug an páirtí le fios cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin áfach go mbeadh sos Dála an tsamhraidh san áireamh sa tréimhse pionóis. Ní chuirfeadh an cosc bac ar chead cainte na  beirte mar sin ach ar feadh coicíse dáiríre.

Ba léir láithreach an chosúlacht idir a bhoige is a bhí an pionós agus an cineál bréagphionóis a fhógraíonn coistí smachtaithe Chumann Lúthchleas Gael uaireanta: pionós nach gclúdaíonn ach tréimhse nuair nach mbíonn cluichí á n-imirt.

Léirigh boige an phionóis laige Eamon Ryan mar cheannaire ar a pháirtí, faoi mar a d’admhaigh sé go hindíreach an lá dár gcionn. Níor thagair sé don bheirt, ach thug sé le fios nach bhféadfaí cead a gcinn a thabhairt do Theachtaí Dála vótáil in aghaidh an rialtais nó staonadh ó vótáil. Dar leis go raibh ar pháirtithe an chomhrialtais vótáil le chéile ionas go mbeidís ag feidhmiú mar fhoireann.

Dá mbeadh brí le briathra Eamon Ryan, bheadh a phost mar aire stáit caillte ag Joe O’Brien agus bheadh Neasa Hourigan curtha ar fionraí ón bpáirtí parlaiminte ar feadh tréimhse ar a laghad. Thaispeáin an lagchinneadh a rinneadh nach bhfuil smacht dáiríre i bhfeidhm sa Chomhaontas Glas. Ní mhairfidh an rialtas ar feadh i bhfad dá uireasa.

Cuimhneofar gan dabht ar an ealaín a fheictear i ngach rialtas nuair a thugann cúlbhinseoirí le fios nach n-aontaíonn siad le cinneadh nó le reachtaíocht. Mura mbíonn i gceist ach caint phoiblí ina choinne, bíonn rogha ag rialtas (a) an fód a sheasamh, (b) géilleadh beagáinín nó (c) tarraingt siar go hiomlán más léir go bhfuil go leor daoine míshásta.

Tuigtear nach ngearrfar pionós róghéar de ghnáth ar chúlbhinseoir a staonann ó vótáil, ach nach mbíonn aon dul as ag páirtí ach Teachta a vótálann ina choinne sa Dáil a chur ar fionraí. Glactar leis go forleathan freisin go bhfuil dualgas ar aire rialtais tacú go hiomlán leis an rialtas i gcónaí.

Dúirt an Taoiseach Dé hAoine nach raibh ró-imní air mar gheall ar vótáil na beirte, ach is féidir a bheith cinnte nach mairfidh a réchúis má bhíonn éirí amach eile dá leithéid ann. Ní hionann a bheith i mbun rialtais agus a bheith sa bhfreasúra. Ní hionann é ach oiread agus a bheith i do bhall de ghrúpa agóide nó de chumann díospóireachta.

Tá caighdeán contúirteach fógartha ag Joe O’Brien agus ag Neasa Hourigan, in aghaidh a dtola b’fhéidir. Beidh go leor beartas crua nó conspóideach le déanamh ag an rialtas ar ball. Is furasta a shamhlú cén cheist a chuirfidh páirtithe an fhreasúra ar an mbeirt agus ar Ghlasaigh eile.

‘Níor thug sibh tacaíocht do chinneadh éagórach rialtais i mí Iúil – an bhfuil sibh toilteanach cur in aghaidh na héagóra atá beartaithe anois?’

Ní foláir do pháirtithe a théann i mbun comhrialtais tarraingt le chéile, fiú mura n-aontaíonn siad lena chéile. Is treise an riachtanas agus iad ag déileáil leis an ngéarchéim is mó dá bhfacthas ó bunaíodh an stát. B’fhiú do Ghlasaigh atá míshuaimhneach dianmhachnamh a dhéanamh ar leas na tíre agus ar leas an pháirtí sula vótálfaidh siad sa Dáil arís.

Fág freagra ar 'Ní mhairfidh an rialtas i bhfad más ann as atá na Glasaigh '

  • Eoin Ó Murchú

    B’fhéidir go bhfuil sé chun leas na tire, agus chun leas an Chomhaontais Ghlais, votáil i gcoinne pholasaithe rachmasacha an rialtais i dtaobh tithíocht is eile.

  • Des O Murchu

    Kermit the Frog mar Taoisech!