Ní mhaím ar an té a bheadh ag brath ar ‘trócaire’ Cameron agus Osborne

Arbh fhearr margadh teoranta a dhéanamh sa bhaile ná gach duine a fhágáil i muinín ‘trócaire’ Cameron agus Osborne?

3543149882_d913d52938_o

Trí bliana ó bhris achrann amach i Stormont faoi chiorruithe leasa shóisialaigh tá géarcheim ann agus an Tionól is an Feidhmeannas i mbaol. Arís. Tá éiginnteacht faoin seasamh bunreachtúil agus faoin bpolaitíocht agus níl tada déanta.

Dé Mairt ghlac móramh na dTeachtaí sa Tionól i Stormont leis an mBille Leasaithe ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Theip ar an mBille, áfach, mar gur bhain Sinn Féin, an SDLP agus an Comhaontas Glas leas as an veto, an achainí chásmhaireachta a chuireann stop le moladh muna mbíonn móramh náisiúnach agus aontachtach aige. B’iad na hAontachtaithe an DUP, UUP agus TUV maille le Alliance a ghlac leis an mBille.

Mhaígh an DUP go raibh an Bille bunaithe go beacht ar an margadh a rinneadh i dTeach Stormont oíche Nollag seo caite a thabharfadh faoiseamh as buiséad Stormont ó na ciorruithe leasa shóisialaigh atá curtha i bhfeidhm sa Bhreatain. Bhí Sinn Féin i bhfábhar an Bhille ag an tús ach d’iompaigh siad ina aghaidh sa Mhárta, ag rá nach raibh dóthain cosanta ann do na daoine is leochailí atá ag brath ar an gcóras leasa shóisialaigh. Sin é a bhí á rá ag an SDLP agus an Comhaontas Glas ó cuireadh an Bille faoi bhráid an Tionóil agus nuair a d’athraigh SF a bport, dúradar gur sháraigh an DUP an comhaontú. Go dtí sin, bhíodar sásta nach mbeadh aon duine a bhí i dteideal sochar leasa shóisialaigh i dTuaisceart Éireann níos measa as anois ná go deo de bharr na gciorruithe sa Bhreatain.

Cibé dream a bhí ceart nó mícheart, tá sé deacair a dhéanamh amach cé mar a chosnófaí gach duine gan teora ama. Is deacra fós a dhéanamh le buiséad laghdaithe. Ó tá dreas eile ciorruithe á bhagairt ag an Seansailéir Osborne, ní féidir a áireamh  cé mhéad airgid a bheadh riachtanach do dhaoine leochaileacha – daoine le míchumas, meabhairghalar agus eile – a bhfuil céatadán ard díobh abhus.

Maíonn an DUP anois nach bhfuil an dara rogha ann ach riaradh na gcúrsaí leasa shóisialaigh a thabhairt ar ais do Rialtas na Breataine. Sa chás sin, is cosúil nach gcuirfí i bhfeidhm an faoiseamh a bhí bainte amach ag an bhFeidhmeannas díláraithe – ina measc saoirse ón gcáin ar sheomra breise, an ‘bedroom tax’ mar a thugtar air thall.

Is é rogha an dá dhíogha é ach seans go bhfuil sé in am a bheith réalaíoch san áit a bhfuil smacht éigin ag ionadaithe logánta air, i Stormont. Mian inmholta is ea é na daoine is leochailí a chosaint –don tsíoraíocht – ach níl se réadúil. B’fhearr díriú ar na blianta beaga seo romhainn. Níl seans ar bith go bhfaighidh Tuaisceart Éireann féiríní ó Rialtas nuathofa na gCaomhach, atá meáite go ndéanfar a thuilleadh ciorruithe. Ní leir go bhfuil suim ar bith acu i ‘gcás speisialta’ Thuaisceart Éireann. Mar sin caithfear glacadh leis an margadh is fearr is féidir a fháil, ag baile mar a mbeifear in ann buille na tua a mhaolú de bheagán.

Níl sé éascaí cúlú tar éis cois a chur i dtaca ach is iomaí uair a rinneadh é cheana agus tá daoine sách seiftiúil le cuma na maitheasa a chur ar an scéal do pháirtithe. Is tábhachtaí na boicht, na míchumasaithe agus na daoine nach bhfuil obair le fáil acu ná sotal agus féinmheas aon phairtí. Fiú más é comhairle an chladhaire é gurb é gnó na polaitíochta an chuspóir indéanta a bhaint amach, chaithfeadh sé sa gcás seo gurbh fhearr é ná daoine ar an bhfaraor géar a fhágáil i muinín trócaire Cameron agus Osborne.

Fág freagra ar 'Ní mhaím ar an té a bheadh ag brath ar ‘trócaire’ Cameron agus Osborne'