Ní mar a shíltear a bhítear leis an ‘Postage Stamp’ Royal Troon

Imreofar Craobh Oscailte Gailf na Breataine as seo go dtí an Domhnach agus cé nach bhfuil an t-ochtú poll ach 120 slat, tá sé ar cheann de na poill is deacra ar an gcúrsa. Tá cúis mhaith ag muintir na háite an ‘wee beastie’ a thabhairt air...

David Howell ag imirt i Royal Troon i 1997. INPHOAllsport
David Howell ag imirt i Royal Troon i 1997. INPHOAllsport

Cuirfear tús inniu le Craobh Oscailte Gailf na Breataine, nó ‘The Open’ mar a thugtar air, agus an comórtas á reáchtáil ar chúrsa Royal Troon ar chósta thiar na hAlban. Seo é an naoú huair don Open cuairt ar Royal Troon agus i measc na ndumhcha agus na mbuncar, tá ceann de na poill is stairiúla sa ghalf.

Ar an gcéad fhéachaint, ní cheapfá go dtabharfadh an t-ochtú poll mórán trioblóide d’imreoirí. Agus é thart ar 120 slat ar fhad, tá sé ar cheann de na poill is giorra ar aon chúrsa ar a n-imrítear na mórchomórtais. Níl aon uisce ann agus lá ciúin, ní theastódh ó fhormhór na n-imreoirí ach ding phitseála a bhualadh isteach i dtreo an phoill. Is í an fhadhb atá ann gur annamh nach mbíonn an ghaoth ag séideadh isteach ó Mhuir Éireann agus chomh luath agus a bhíonn, is iomaí sin áit gur féidir le himreoirí dul amú idir iad féin agus an poll.

Tugtar an ‘Postage Stamp’ ar an bpoll mar gheall go bhfuil an phlásóg chomh beag sin. Tá 30 slat ar fhad ach níl sí ach 10 slata ar leithead agus mura mbíonn tú cruinn do dhóthain le do chéad bhuille, beidh tú i dtrioblóid.

Cúig bhuncar atá timpeall na plásóige, aghaidheanna géara orthu uile agus cuid acu  suas le sé troithe ar doimhneacht. Agus é i mbun cleachta ar an Máirt, bhuail Rory McIlroy a liathróid isteach sa cheann ar a dtugann siad ‘Buncar na Cónra’. Thóg sé bhuille ar fhear Thuaisceart Éireann éalú as an ngaineamh agus ní eisean an t-aon imreoir ar chlis air ar an bpoll.

I 1997, tháinig Tiger Wood chuig Royal Troon cúpla mí tar éis dó a chéad mhórchomórtas a bhuachan ag Masters na bliana sin ach níor tháinig sé féin slán ón bpoll. Ar an Domhnach, agus é san iomaíocht chun an comórtas a bhuachan, chuir Woods a chéad bhuille sa bhuncar agus in iarracht a chinntiú go n-éalódh sé as an ngaineamh, bhuail sé an chéad buille eile thar an phlásóg uilig. Thug sé ceithre bhuille eile air an poll a chríochnú agus é trí bhuille os cionn an phar don pholl ar deireadh.

Is measa fós ar tharla do Herman Tissies, imreoir amaitéarach a bhí ag iarraidh cáiliú don Open i 1950. Agus é i mbuncar tar éis a chéad bhuille, thóg sé cúig iarracht air éalú amach as. Ní rófhada a mhair an faoiseamh mar istigh i mbuncar ar thaobh eile na plásóige a chríochnaigh sé.

Arís, thóg sé cúpla iarracht air teacht amach as an ngaineamh agus arís isteach sa chéad bhuncar leis. Faoin am gur shiúil sé ón bplásóg, bhí 15 buille imeartha ag Tissies.

scéalta uafáis amháin a bhíonn i gceist leis an ‘Postage Stamp’ áfach. Tá poll faighte d’aon bhuille ag leithéidí Ernie Els agus Gene Sarazen ann thar na blianta ach is cinnte go bhfuil an poll níos casta ná mar a cheapfá agus go bhfuil cúis mhaith ag muintir na háite an ‘wee beastie’ a thabhairt air.

Fág freagra ar 'Ní mar a shíltear a bhítear leis an ‘Postage Stamp’ Royal Troon'