‘Ní maith liom aon phóga, a Mhamaí,’ arsa an Babaí

An amhlaidh go mbíonn neamhaird á déanamh ag ár gcolúnaí ar an scéal nach bhfuil sí ag iarraidh a chloisteáil?

‘Ní maith liom aon phóga, a Mhamaí,’ arsa an Babaí

Seans gurb í an aimsir bhreá is cúis leis, nó damhsa spéire na ndruideanna sna tráthnóntaí, ach feictear dom go bhfuil fonn eitilte buailte ar cheann de na ‘héin’ óga sa nead s’againne agus é ag iarraidh bualadh faoin saol. Nó seans gurb é an breithlá mór ba chúis leis, tráth a raibh cúig choinneal ar an gcáca agus slán á fhágáil le nithe páistiúla na mbabaithe.

I gcomórtas le Mamaí agus Daidí éan, a thugann cic beag amach as an nead do na héin óga théis coicís nó trí seachtaine, bíonn an duine ag iarraidh greim a choinneáil ar na ‘sicíní’ óga ar feadh beagáinín níos faide ná sin.

‘Ní maith liom aon phóga, a Mhamaí,’ a dúirt an Babaí liom an oíche cheana nuair a chuaigh mé le póg a thabhairt dhó ar a bhaithis agus é ag dul a chodladh. ‘Ó!’ a dúirt mé agus iontas orm, ‘gabh mo leithscéal, ní raibh a fhios agam nach maith leat póga.’

‘Dúirt mé go minic leat é, ach ní thugann tú aon aird orm!’ a mhínigh sé agus é corraithe.

Ní raibh aon chuimhne agam ar na comhráite seo agus chuimhnigh mé ar líne Phaul Simon san amhrán ‘The Boxer’ faoi nádúr an duine agus faoin mbealach a mbíonn muid i gcónaí ar thóir na rudaí sin a n-aontaíonn muid leo fad is go mbíonn neamhaird á déanamh againn ar na scéalta nach dtagann lenár meon féin.

…all lies and jest, still a man hears what he wants to hear and disregards the rest.

An bhfuil an baol ann go bhfuil an scéal amhlaidh do Mhamaithe? Ar dhiúltaigh mé éisteacht leis an scéal nach raibh mé ag iarraidh a chloisteáil?

‘Bhuel, ní thabharfaidh mé aon phóg eile duit mar sin,’ a dúirt mé, ‘ach caithfidh mé a rá nach gcuimhním gur dhúirt tú cheana liom é.’

‘Tá mé á rá leat ó bhí mé i mo bhabaí,’ a dúirt sé, ‘ach gú-gú, ga-ga a bhí mé a rá an t-am sin, agus níor thuig tú mé!’.

Chaithfinn a admháil nach dtuigim caint babaithe. Seans gur ansin a bhí an fhadhb.  Cén dochar, a dúirt mé liom féin, sin mar atá an saol, de réir mar a bhíonn na héin óga ag fás agus ag réiteach don saol mór, bíonn sé in am seasamh go leataobh agus cead a thabhairt dóibh a mbealach a dhéanamh de réir a chéile.

‘Tabharfaidh mé barróg duit mar sin,’ a dúirt mé.

‘Ní maith liom barróga, ach an oiread,’ a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Ní maith liom aon phóga, a Mhamaí,’ arsa an Babaí'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    An-mhaith! Bíonn na scéalta seo ag taithneamh liom go mór agus rud beag géar ag an deireadh i gcónaí :-)