Ní maith linn go bhfuil an Afraic ag teacht chugainne, mar a chuamarna chun na hAfraice…

Tá plean ag ár gcolúnaí chun dul i ngleic le ceist na dteifeach agus mura dtaitníonn a phlean leat, is róbhaol nach maith leat daoine gorma…

Nuair a thángamar i dtosach, bhíothas romhainn, an pobal dúchais.

Thángamar ar talamh trasna ón oirthear de shiúl ár gcos, ar ainmhithe a raibh dealramh capall orthu ó lár na hÁise, agus trasna na mara ón Afraic gan garda cosanta ar bith dár mbac. Ainm ar bith ní raibh againn ar an bpobal dúchais mar ní raibh acu ach gnúsachtach nár thuigeamar. Mharaíomar mar sin féin iad, gan beann ar ainm.

Ina dhiaidh sin, chuamar trasna na mara móire sinn féin arís agus rángamar áit a raibh Abeneicí agus Algonchuinn, na pobail dúchais, bíodh nach raibh na hainmneacha sin againn orthu. Is iad a bhí dalba go leor cur inár gcoinne, bíodh nár mhair an dalbacht sin rófhada, sinne á rá leat. Bhí slite againn le dalbacht a chloí. Agus ina dhiaidh sin ní raibh acu ach gnúsachtach nár thuigeamar. Níor fhág sin nár mharaíomar iad, gan beann ar theidil.

Agus tamall dá éis, chuamar go huachtar an domhain, áit a bhí folamh dar linn, ceal pobail dúchais. Agus má bhí an beagán den phobal dúchais nach raibh ann crosta linn, níorbh fhada gur mhúineamar béasa dóibh, ach thugamar ainmneacha dílse dúchais do na háiteanna ar ghlanamar amach astu iad: Tarrawana agus Milaa Milaa agus Widgiemooltha.

Tar éis an tsaoil, ní raibh acu ach gnúsachtach nár thuigeamar. B’éigean dúinn a gcuid tailte a bhaint díobh, gan beann ar theastas.

Bhíomar riamh siúlach ó mhuir go muir, agus ó chríoch go ceantar. Is sinne na heisimircigh is mó dá raibh riamh ann.

Sin é an fáth nach maith linn daoine a bheith cosúil linn, is dócha. B’fhearr linn go bhfanfadh cách socair ina bparóistí féin, ach sinne amháin. Ní maith linn go bhfuil an Afraic ag teacht chugainne, mar a chuamarna chun na hAfraice. Ní maith linn, go háirithe, go bhfuil an Afraic ag teacht chugainne mar meabhraíonn dúinn gur ón Afraic sinn féin. Bhí go breá agus go ceart agus go cóir agus go cuí tuirlingt anseo 40,000 éigin bliain ó shin, ach b’in inné agus fadó ó shin agus riamh ar ais agus siar go bundún, ach seo inniu agus an ghrian ag taitneamh agus an saol ar dóigh agus buggaraimis gach donán eile amuigh ansin. Dá mba rud é nach rabhamar ag teastáil, cén fáth nár chuir siad garda ar an gcósta is sinn a chaitheamh ar ais san fharraige?

Is iad atá ann a dhéanfadh a leithéid. Táid eile ann a bhfuil barraí móra gallúnaí ceannaithe acu agus iad á ní féin gach uile mhaidin. Níor mhaith leo a rá go lom amach gur mhaith leo diúltú dóibh siúd atá á mbá seacht léig go domhain san fharraige ceal beatha sa bhaile, ach tá a fhios agat, tá a fhios agat, nod nod, faiteadh faiteadh súl – ‘Ní féidir gach duine a ligean isteach’.

Is dóigh liom féin gur féidir; ach ná bactar leis an saghas antoisceachta is dual dom féin. Tá plean agam, agus ní plean cúig phointe é, fiú. Ní áirím plean straitéiseach ná gníomhach.

Is é plean é ná go ligfear oiread Afracach isteach san Eoraip agus a ligeadh d’Eorpaigh isteach san Afraic i gcaitheamh na haimsire siar. Ceithre go leith milliún amháin de dhaoine geala san Afraic Theas; 100,000 eile ar a laghad idir Chéinia agus Zimbabwe; agus gan trácht ar a bhfuil sna tíortha iarchoilíneacha eile, idir an Fhrainc, an Phortaingéil, an Spáinn, An Bheilg, An Iodáil féin.

An bhfuil aon argóint chothromaíochta i gcoinne oiread Afracach a bheith san Eoraip agus a bhfuil d’Eorpaigh san Afraic? Cheapas go mbainfeadh áiteamh mar sin le réasún an inlightinmint?

Mo réiteach féin ar ghéarchéim na ndaoine atá á mbá sa Mheánmhuir: ligtear isteach iad ina gcéadta de mhílte agus ina milliúin. Mura ngéilleann tú don mhéid sin, is róbhaol gur ciníoch nó uaslathach nó biogóideach nó meatachán nó cladhaire nó claoiteachán tú. É sin, nó go díreach, nach maith leat daoine gorma.

Gluaiseacht– Scríobh údar an ailt seo, Alan Titley, úrscéal dar teideal Gluaiseacht a phléann le téama na dteifeach ón Afraic

Fág freagra ar 'Ní maith linn go bhfuil an Afraic ag teacht chugainne, mar a chuamarna chun na hAfraice…'

  • clár ní laighean

    Argóint pháistiúil ag Titley also faraoir

  • padraig

    Tá borradh as cuimse tagtha ar an daonra san Afraic le blianta anuas.
    Bímís dairíre faoi seo agus admhaímís gur cuid d’fhadhb mhór ár linne é seo .i. an iomarca daoine a bheith ar an bpláinéad seo agus gan dóthain acmhainní ann dúinn uile anois nó amach anseo.
    Tá mná atá dealbh dearóil agus iad faoi smacht iomlán a gcuid fear ag saolú leanaí gan buíochas dóibh. Labhras féin le cuid de na mná sin agus bíonn siad SCANRAITHE ina mbeathaidh luí lena gcuid fear ar eagla go n-éireoidh siad torrach agus ‘ní theastaíonn uaim a bheith torrach arís’ a deir siad. Ta Action Aid an-tuisceanach faoi na cúrsaí seo óir is mná atá i dtús cadhnaíochta san eagras sin agus díríonn siad ar na mná a chumhachtú go háirithe sna tíortha bochta. Go dtí go gcuirfear oiliúint ar mhná sin na dearóile faaoi chúrsáí frithghiniúna agus go dtí go dtiocfaidh athrú ó bhonn ar chultúr an laissez faire mar le leanaí i gcultúir áirithe beidh mórfhadhbanna den uile shaghas againn ar an bplainéad seo. Ach níl einne ag caint air sin.

    • Dónall

      Tá an méid daoine ar an phláinéad agus atá ann is saothar in aisce a rá go bhfuil an iomarca againn ann óir is duine acu tú. Níl duine ar bith againn níos tábhachtaí ná a chéile.

  • Dónall

    Léigh mé leabhar Alan – Gluaiseacht – tá sé ar fheabhas ar fad!