Ní maith an cleamhnas do na Glasaigh iad Fianna Fáil agus Fine Gael

Tuigeann an dream óg a thacaíonn leis an gComhaontas Glas go bhfuil cosaint na haeráide ceangailte le sochaí chothrom chóir a chruthú

Ní maith an cleamhnas do na Glasaigh iad Fianna Fáil agus Fine Gael

Má shíleann tú go bhfuil scéal an chuibhrithe agus Covid-19 ag dul chun leadráin, nach leadránaí fós é an ghlagaireacht is an ghaotaireacht atá á bhfulaingt againn mar gheall ar na hiarrachtaí rialtas nua a bhunú.

Táthar fós ag caint beagnach ceithre mhí i ndiaidh an olltoghcháin inar buaileadh buille mór ar Fhianna Fáil agus ar Fhine Gael.

Bíonn tuairiscí faoin bpróiseas a roinnt go fial linn ag RTÉ agus bíonn siad ag trácht go humhal ar dhul chun cinn a bheith le feiceáil, dul chun cinn nach bhfeiceann éinne eile ach iad féin. Níl tuairim ag an bpobal faoi céard a bheadh i gclár rialtais an chomhrialtais dá n-éireodh leis na cainteanna, nó faoi céard iad na hábhair a bhfuil easaontas fúthu idir na páirtithe.

Ní cúis ghrinn a thuilleadh é nach bhfuil de sprioc acu ach rialtas de chineál ar bith le clár oibre de chineál ar bith a chur le chéile agus Sinn Féin a choinneáil amach.

Más é sin bun agus barr an scéil acu, nach mór an trua iad.

Tá difríochtaí cinnte idir Sinn Féin agus an dá pháirtí mhóra eile. Níl baol ar bith go bhfuil Fianna Fáil ná Fine Gael chun a rá go soiléir go dteastaíonn uathu tús áite a thabhairt do chosaint an tsaormhargaidh agus fios acu go bhfuil Sinn Féin ag caint faoi thús áite a thabhairt do riachtanais an phobail.

Tá difear mór, mar is eol dúinn, idir caint is gníomh, ach nach faoin bpolaitíocht fuascailt a fháil ar an bhfadhb sin? Nach cur chuige  polaitiúil a dhéanfadh amhlaidh ar mhaithe le hathruithe a chur i gcrích atá ag teastáil?

Tá sé thar a bheith truamhéalach a bheith ag breathnú ar lucht Fhianna Fáil agus iad ag stracadh a gcuid gruaige dá gceann. Is bocht an radharc iad agus iad trína chéile ag a n-iarracht Micheál Martin a chur in oifig an Taoisigh, beag beann ar aon pholasaí nó prionsabal a chaithfí a ghéilleadh chun sin a dhéanamh.

Tá níos mó muiníne ag Fine Gael astu féin agus ní cosúil go bhfuil deifir ar bith orthu. Go deimhin, tá siad ag tosú ar an seanchárta polaitiúil a imirt arís agus iad ag maíomh go gcaithfear smacht a choinneáil ar chúrsaí airgid an stáit le híoc as an gcúlú eacnamaíochta i ndiaidh na paindéime. Is é sin le rá nach mbeidh cáin bhreise ar dhaoine saibhre is go mbeidh srian ar an gcaiteachas poiblí.

Is léir, áfach, nach dtaitníonn sé le cuid mhaith de bhaill an Chomhaontais Ghlais go mbeadh siad ceangailte le haiséirí na déine. Dúirt Saoirse McHugh, iarrthóir na nGlasach i dtoghchán na hEorpa, mar shampla,  nach freagra ceart an déine ar an gcúlú eacnamaíocht. “Tá Fine Gael ag iarraidh muid a chur ar ais faoin déine mar a mbeidh tuilleadh daoine gan dídean, tuilleadh daoine beo bocht agus tuilleadh ciorruithe ar sheirbhísí poiblí,” arsa Saoirse McHugh.

Agus bhí a thuilleadh le rá aici.

“Is dócha,” a dúirt sí, “nach iad na daoine atá i bhfabhar a leithéid na daoine a bheadh thíos leis an déine.”

Tá ceist mhór le freagairt ag ceannaire an Chomhaontais Ghlais Éamon Ryan, mar sin. An mbeidh ar a chumas dhá thrian de mhóramh a fháil ar son an chomhrialtais seo? Is cosúil go bhfuil faitíos an domhain ar na meáin nach mbeidh.

Sin é an fáth go bhfuil an oiread sin ionsaithe á ndéanamh ar na Glasaigh ag rá leo go bhfuil sé in am acu teacht chun aibíochta, go gcaithfidh siad leas na tíre a dhéanamh, go gcaithfidh siad an deis atá ann a thapú agus mar sin de.

Ach tá sé tábhachtach go dtuigfeadh muid go léir nach féidir stop a chur le gnó a mhilleann an aeráid mura mbíonn ceannas ag an stát ar chúrsaí gnó.  Agus ní tharlódh sé fiú ansin mura mbeadh stát daonlathach ann, is é sin stát a chuireann leas an phobail i gcoitinne roimh leas na mbanc, leas lucht an airgeadais agus leas na bhfórsaí láidre a rialaíonn an tAontas Eorpach.

Má dhéanann an Comhaontas Glas comhcheangal leo siúd a chruthaigh géarchéim na tithíochta agus na fadhbanna sa tseirbhís sláinte, caillfidh said tacaíocht na ndaoine óga a thug vótaí dóibh mí Feabhra.

Tuigeann na daoine óga seo go bhfuil cosaint na haeráide ceangailte le sochaí chothrom chóir a chruthú.

Sea, ní cóir deireadh a chur le slite beatha mura mbeidh slite beatha nua á gcur ar fáil dóibh siúd a bhí ag brath ar an seanchinn. Agus ná cuirtear seirbhísí iompair nua ar fáil go dtí go gcuirtear cosc ar na modhanna taistil a bhí ag déanamh dochair.

Tugtar tús áite do leas na ndaoine in aon fheachtas ar son na haeráide.

Agus cuimhnigh nach dteastaíonn ó Fhianna Fáil is ó Fhine Gael ach go mbeadh cúrsaí amach anseo mar a bhí go dtí seo.

Ní maith an cleamhnas do na Glasaigh iad.

Fág freagra ar 'Ní maith an cleamhnas do na Glasaigh iad Fianna Fáil agus Fine Gael'

  • Des O Murchu

    Na bac beidh siad boxxxxd go luath!

  • Críostóir Ó Faoláin

    Címid cad atá sa dhréachtchlár rialtais agus déanfar cinneadh ansin.

  • Poraic o'hEipicín

    Go bhfóire Dia ar Éireann,
    3 pártaí atá go Deanbailte ar son an Ghinmhilleadh.

  • Concubhar Ó Liatháin

    B’fhéidir go gcreideann Eoin go bhfuil rogha eile ann i ndáiríre? Ní léir go bhfuil aon suim ag Sinn Féin bheith i Rialtas d’aon tsórt agus tá tuairim agam gur clamhnas i bhfad níos measa do na Glasaigh iad SF – pairtí nach séanann feoil.