Ní maith a chruthaíonn an tír seo ó thaobh chosaint na gcrann

Is beag duine faoin tráth seo nach dtuigeann a thábhachtaí atá crainnte dár sláinte féin agus sláinte na cruinne

Ní maith a chruthaíonn an tír seo ó thaobh chosaint na gcrann

Dé Domhnaigh i nGarraithe Náisiúnta na Lus i mBaile Átha Cliath a sheolfar Seachtain Náisiúnta na gCrann 2023.

Is beag duine faoin tráth seo nach dtuigeann a thábhachtaí atá crainnte dár sláinte féin agus sláinte na cruinne agus is deis atá sa tseachtain náisiúnta seo le cur leis an tuiscint sin agus caomhnú agus cosaint na gcrann a mheabhrú don phobal uilig, idir óg agus aosta.

Is iad Comhairle Crann na hÉireann agus Coillte a eagraíonn an feachtas eolais agus iad ag comhoibriú le grúpaí pobail agus scoileanna chun feasacht aeráide agus comhshaoil a neartú.

Ní maith a chruthaíonn an tír seo i gcomparáid le tíortha eile san Eoraip ó thaobh chosaint na gcrann. In 2020 ní raibh ach 11.4% den tír seo faoi chrainnte, tráth arbh 38% an meán a bhí san Eoraip agus 31% an meán domhanda. Faoi úinéireacht Stáit atá os cionn leath de na foraoiseacha sin. 11,000 duine a fhaigheann fostaíocht ón bhforaoiseacht sa tír seo ach ar ndóigh is gnáthóg fhíorthábhachtach an crainnte don dúlra a chuireann fothain, bia agus bithéagsúlacht ar fáil chomh maith. Sna coillte is stóras ceaptha carbóin luachmhar atá sa bhithmhais, sa chréafóg agus san easair dhuilleog a bhíonn thart ar na crainnte.

Ní bréag scamhóga na cruinne a thabhairt ar na crainnte mar go scaoileann siad amach an ocsaigin is riachtanach dár mbeatha agus an dé-ocsaíd charbóin á hídiú acu dá mbeatha féin. Is mithid dá réir tuilleadh crainnte a chur agus na cinn atá ag fás a chaomhnú. Bronnfaidh Coillte 30,000 crann dúchasach ar dhreamanna i mbliana – dair, beith, caorthann, sceach gheal agus a leithéidí.

Tá pacáistí teagaisc agus póstaeir ar fáil do scoileanna le tábhacht agus pléisiúr na gcrann a léiriú do leanaí scoile. Tá cuid de na hacmhainní spéisiúla sin i nGaeilge ach cé go bhfuil ainmneacha na gcrann dúchais i nGaeilge, níl an t-eolas ar fad amhlaidh go fóill.

Deis atá sa tseachtain seo freisin le haithne a chur ar na pobail bhochta ar fud na cruinne nach bhfuil an dara rogha acu ach adhmad a dhó le beatha a chócaráil, go minic daoine atá ar a dteitheadh as a dtailte féin ar mhór-roinn na hAfraice de bharr cogaíochta nó creimeadh talún is athrú aeráide.

Tá scéim spéisiúil eile ag Comhairle Crann na hÉireann faoina bhféadfaidh duine crann a chur á chur i gcuimhne duine nó ócáid ar leith ar €70 agus gheobhaidh tú teastas a inseoidh duit cá bhfuil do chrann curtha.

Tá imeachtaí éagsúla ar siúl i mbeagnach gach contae sa tír i rith na seachtaine seo. Féadfaidh tú a ghabháil ag faire na n-éan nó ag deisiú fál sceach sa mbogach i dTrá Lí, cuidiú le crainn a chur i Ráth Iomgháin i gCill Dara nó i Sceirí i mBaile Átha Cliath nó éisteacht le caint faoi na crainn i gCearnóg Mhuirfean i lár na príomhchathrach. Beidh crainn dúchais ar díol ag díolachán i gCarn Domhnach. Beidh turais ar fáil freisin ar Gharraithe na Lus i nGlas Naíon agus beidh ócáidí go leor ag lucht na mBailte Slachtmhara agus ag scoileanna.

Ar ndóigh ní call do dhuine bacadh le haon ghrúpa ach dul ag siúl i ndoire nó i gcoill ar mhaithe le suaimhneas a fháil. Is fada muintir na Seapáine ag moladh teiripe nó aireachas foraoise [ShinrinYoku] ar mhaithe leis an tsláinte. Níl íocshláinte níos folláine ná bealach níos pléisiúrtha leis an imní agus an strus a laghdú ach dul ag siúl i measc na gcrann ag éisteacht le ceol na n-éan agus an duilliúr agus an caonach bog faoi do chosa. Mar fhéirín duit féin triail é an tseachtain seo.

Tá gach eolas le fáil ar na meáin shóisialta faoin haischlib #treeweek2023.

Fág freagra ar 'Ní maith a chruthaíonn an tír seo ó thaobh chosaint na gcrann'