Ní luafaidh siad an focal ‘díoltas’ ach tá Ciarraí gonta

Tá áit i gcónaí ann don ndrochmhianach a thagann le gomh a bheith domhain id’ bholg de bharr do ghonta

Ní luafaidh siad an focal ‘díoltas’ ach tá Ciarraí gonta

Táid chugainn arís.

Is cuma cén bhliain, cén áit nó cén t-am den mbliain a chasann Ciarraí is Corcaigh ar a chéile, beidh an port céanna á chasadh, na cuimhní céanna á múscailt agus na híomhánna céanna á nochtadh arís is arís eile. 

Má tá báide Mark Keane ó mhí na Samhna seo caite feicthe aon bhabhta amháin ó shin againn, tá sé feicthe míle babhta. In iarrachtaí ábhar beag suime a mhúscailt ceal lucht féachana le dealramh, tá físeanna de chathanna idir Corcaigh is Ciarraí anallód á raideadh amach ar na meáin shóisialta le laethanta beaga anuas. Tugann a leithéid taitneamh do lucht leanta na gcluichí agus a bheag nó a mhór, taitníonn siad le hiarimreoirí chomh maith.

Níor cheart, áfach, titim isteach sa riocht go mbeifí ag iarraidh aon cheangal a dhéanamh idir an lá inné is an lá inniu. Tá bóithrín na smaointe ann chun sinn a chur amú sa bhfraoch agus sinn ag déanamh isteach ar chluichí móra ar nós ceann an lae amáirigh. Ní bheidh aon rian le fágaint ag cluichí atá imeartha cheana idir na foirne ar an gcluiche atá ag teannadh linn. 

Ainneoin na n-athruithe agus na héagsúlachta, áfach, tá nithe áirithe a fhanann buan agus a fhágann rian ar aon chluiche in aon ré. Ní lú ina measc siúd, an aimsir agus ní féidir neamhaird a dhéanamh di na laethanta seo.

Má bhí ainnise an gheimhridh cois Laoi anuraidh againn, tá brothall agus breáthacht an tsamhraidh anois againn agus ag leibhéal an-bhunúsach, an-phraiticiúil, deineann san an-dhifríocht. 

Sampla amháin an choimhlint a bheidh idir David Moran agus Ian Maguire. Tá tuiscint agus tuairimíocht i gCorcaigh go n-oirfidh aimsir an deireadh seachtaine do Maguire. Tá fianaise ann chun teacht leis an dtuiscint sin. Is léir le tamall go bhfuil na cosa ag teip ar Moran agus é i ndeireadh a ré thiar le Ciarraí.

B’fhéidir go léiríonn Moran diongbháilteacht thar na beartaibh as fanacht go tréan san imirt go deireadh ach faightear éachtaintí beaga ar a easpa coisíochta nuair ná deineann sé teagmháil ar an gcéad iarracht leis an té atá i mbun ruathair trí lár a’ gharraí. As san atá formhór na ndeacrachtaí sa chóras cosanta ag eascairt ag Ciarraí na laethanta seo agus ná habair liom ná fuil san léite agus braite ag Maguire agus ag a bhainisteoir Ronan McCarthy.

Bí ag súil le dianscrúdú ar dhintiúirí reatha Moran amárach. Beidh Corcaigh, leis, ag súil go mbeidh a theanga amuigh aige luath nó mall. Is cuma cén tseirbhís atá tugtha ag Moran agus, dá fheabhas é, is é an brothall a namhaid amárach.

Tréith eile a fhanann buan ach gur deacair í a dhinceadh isteach go néata in allagar a bhaineann le cluichí idir Ciarraí is Corcaigh ná misneach. Tá a fhios ag gach aon Chiarraíoch gur dream tiarnúil iad na Corcaígh agus tuigeann an Corcaíoch, leis, ná fuil aon teora le mustar na gCiarraíoch ach a dtagann sé go dtína bhfód féin i gCill Airne.

Tabharfaidh an Ciarraíoch an tseachtain ag caint is ag filíocht fé áilleacht na gCruacha Dubha, fé mhaorgacht na hardeaglaise ar an mbaile, fé uaisleacht na hoidhreachta caide sa dúthaigh agus fé mar a múnlaíodh is a fáisceadh Staid a’ Ghearaltaigh as allas agus as saothar na n-othar in Ospidéal Naomh Fionán fé stiúir an Dr Éamonn Uí Shúilleabháin. Aon ní chun teitheadh ón mblúire staire sin a déarfadh leo ná fuil buaite ag Corcaigh ar Chiarraí i Staid a’ Ghearaltaigh le sé bliana fichead anois. 

Sin gach aon bhliain ó 1995 i leith go bhfuil teipthe, ní hamháin ar Chorcaigh ach ar an uile chontae eile i gCúige Mumhan, Ciarraí a chloí ar a bpaiste féin. 

Tá Ciarraí agus Corcaigh dulta in adharca a chéile i gCill Airne ceithre bhabhta dhéag sa tréimhse sin agus cé go bhfuil éirithe le Corcaigh teacht ar chomhtharrac cúig bhabhta acusan, níl an bheart déanta oiread is uair amháin acu. Airímse gur easpa misnigh atá sa treis anseo agus ní deirim é sin go neafaiseach.

Tá misneach léirithe ina thrucailí ag Corcaigh go minic i bPáirc Uí Chaoimh agus ní raibh aon cheal misnigh ar an mbuíon áirithe seo anuraidh féin ach ar chúis éigin crapann siad nuair is mó a bhíonn gníomh misnigh ag teastáil i gCill Airne. Bhuaigh Corcaigh ar Chiarraí sa chraobh i gCill Airne i 1995 agus dhá bhliain roimis sin i 1993 ach chaithfeá dul siar go dtí athimirt na bliana 1987 agus tús ré ghlórmhar Billy Morgan mar bhainisteoir chun léargas ceart a fháil ar an misneach is gá a nochtadh chun Ciarraí a chloí i Staid a’ Ghearaltaigh. 

Cén bhaint atá aige misneach le himirt an lae amáirigh? Sampla níos glaine ná níos gléine ní bhfaighir ná sa chic amach ón dá thaobh. Cé ná fuil Ciarraí féin gan cháim sa ghné seo den imirt, ramhraíonn siad anois ar an bhfáisceadh a dheineann siad ar chic amach an bháideora ón dtaobh eile. 

Léirigh Micheál Aodh Martin an-mhisneach cúpla babhta anuraidh nuair a d’aimsigh sé Cillian O’Hanlon ar an ndaichead slat le cúpla cic amach fada. Ní hann do O’Hanlon mar rogha i mbliana agus tá fianaise ann go bhfuil Ciarraí tar éis mórán dua a chaitheamh lena gcur chuige ón gcic amach seachas mar a deineadh anuraidh nuair ba chosúil ná rabhadar iomlán dáiríre fén gcúram. Tógfaidh sé misneach, dánaíocht agus tiarnúlacht as an ngnáth ó Chorcaigh chun teacht as an bhfáisceadh seo i mbliana. 

An tréith eile ar fiú a lua i gcomhthéacs chluiche ceannais na Mumhan ná goineadh agus gomh. Bhí sé le rá ag bainisteoir Chorcaí, Ronan McCarthy, i rith na seachtaine nach ag Ciarraí amháin a bhí an chúis. Dúirt McCarthy go dtuigeann a bhuíon imreoirí goineadh, gortú agus gíoscán fiacal chomh maith le haon fhoireann. Má tá aon speach in aon chor i gCiarraí, áfach, caithfidh sé teacht amáireach.

Ní labharfaidh aon imreoir ó Chiarraí ar ‘leorghníomh’ agus bí siúráilte go seachnófar an focal ‘díoltas’ chomh maith. Is neach daonna é an t-imreoir caide áfach agus spreagann rudaí bunúsacha, bunchúiseacha ar nós goineadh agus gomh é. 

Ainneoin an dul chun cinn atá déanta i gcúrsaí eolaíochta spóirt agus ins an uile ní a bheith fuirsithe, scagtha agus tomhaiste anois, tá áit i gcónaí ann don ndrochmhianach a thagann le gomh a bheith domhain id’ bholg de bharr do ghonta. Tá Ciarraí gonta. Mura bhfeicfir gomh ag teacht amárach uathu, cas paca orthu.           

Fág freagra ar 'Ní luafaidh siad an focal ‘díoltas’ ach tá Ciarraí gonta'