‘Ní leor polasaí oideachais Gaeltachta, cuirtear gach seirbhís ar fáil i nGaeilge’ – Cathaoirleach Coiste Oireachtais

Deir an Teachta Dála Catherine Connolly nach mbeadh muintir na Gaeltachta ‘tiomanta’ don pholasaí nua oideachais murar léir dóibh go bhfuil baint ag an nGaeilge le gach gné eile dá saol

‘Ní leor polasaí oideachais Gaeltachta, cuirtear gach seirbhís ar fáil i nGaeilge’ – Cathaoirleach Coiste Oireachtais

Ní bhainfear amach spriocanna an Pholasaí Oideachais don Ghaeltacht mura gcuirtear polasaí “éifeachtach uilechuimsitheach” i bhfeidhm a chinnteoidh go bhfuil gach seirbhís Stáit ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht.

B’in cuid dá ndúirt an Teachta Dála Catherine Connolly, Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, agus í ag caint roimh chruinniú an lae inniu den choiste ag a bpléifear an polasaí oideachais.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách nach mbeadh muintir na Gaeltachta “tiomanta” don pholasaí nua oideachais murar léir dóibh go bhfuil baint ag an oideachas Gaeltachta le gach gné eile dá saol agus go gcabhróidh sé le daltaí deiseanna fostaíochta a fháil amach anseo.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste Oireachtais go raibh sé riachtanach chomh maith na hacmhainní ar fad a theastaíonn a chur fáil do scoileanna agus múinteoirí chun an Polasaí Oideachais a chur i bhfeidhm.

Ba ghá freisin, a dúirt sí, a chinntiú go mbeadh “múinteoirí Gaeltachta go hiomlán líofa chun gur féidir leo an teanga a thabhairt ar aghaidh, mar theanga shaibhir chanúnach, don chéad ghlúin eile”.

Sa chás nach bhfuil Gaeilge líofa ag múinteoirí áirithe atá ag múineadh sa Ghaeltacht, ba chóir “gach cúnamh a thabhairt don scoil agus don mhúinteoir chun an méid sin a chur ina cheart”, a dúirt Catherine Connolly.

Pléifidh Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán cúrsaí oideachais Gaeltachta le hionadaithe ó Fhoras na Gaeilge agus ó Ghaeloideachas ag cruinniú i dTeach Laighean tráthnóna.

Pléifear go háirithe an Polasaí don Oideachas Gaeltachta, 2017 – 2022 a sheol an Taoiseach ar an gCeathrú Rua ag deireadh na míosa seo caite.

Faoin bpolasaí nua sin, beidh tréimhse cúig bliana ag scoileanna stádas a bhaint amach mar scoileanna Gaeltachta.

Beidh ar aon bhunscoil atá ag iarraidh aitheantas mar scoil Ghaeltachta feasta staonadh ó theagasc an Bhéarla ar feadh an chéad dá bhliain scolaíochta agus polasaí lán-tumoideachais a chur i bhfeidhm.

Go n-uige seo, b’ionann scoil Ghaeltachta agus aon scoil a bhí lonnaithe i gceantar oifigiúil Gaeltachta, ach ní hamhlaidh a bheidh níos mó agus stádas Gaeltachta ag brath feasta ar chritéir theangeolaíochta seachas tíreolaíochta. Is é a bheidh i scoil Ghaeltachta, ach a gcuirfear an polasaí i bhfeidhm, “ná scoil a thiomnaíonn do na réimsí curaclaim agus na hábhair churaclaim uile a sholáthar trí mheán na Gaeilge” agus a oibríonn leis an bpobal trí mheán na Gaeilge.

Gealltar go gcuirfear an polasaí i bhfeidhm de réir a chéile ó Mheán Fómhair 2017 agus €1 milliún a bheidh ar fáil don obair sin an bhliain seo chugainn.

Fág freagra ar '‘Ní leor polasaí oideachais Gaeltachta, cuirtear gach seirbhís ar fáil i nGaeilge’ – Cathaoirleach Coiste Oireachtais'