Ní leor ‘All The Money in the World’ chun sinn a chúiteamh

In ainneoin iarrachtaí Christopher Plummer agus Michelle Williams, fágtar sinn le saothar patuar agus sinn ag smaoineamh ar an scannán a d’imigh le cúr na habhann 

Ní leor ‘All The Money in the World’ chun sinn a chúiteamh

All The Money in the World

Stiúrthóir: Ridley Scott

Cliar: Christopher Plummer, Mark Wahlberg, Michelle Williams, Roman Duris, Charlie Plummer

Bhí cad é bús faoin saothar seo sarar seoladh é mar gheall ar aisteoir nach raibh sa togra. Agus Ridley Scott ag prapáil leis an scannán is déanaí uaidh a sheoladh chuig na pictiúrlanna tháinig líomhaintí faoi ionsaithe gnéis chun solais maidir lena cheann feadhna Kevin Spacey.

Chinn Scott aisteoir nua, Christopher Plummer, a earcú le hathscannánú a dhéanamh ar an 22 radharc le Spacey. Níl aon dul fén spéir nach bhfágfadh sé seo a lorg ar an táirge deiridh; na putóga bainte as an saothar agus iad sáite isteach arís go griothalach. Cén tionchar a bhí ag an gcastróvaics seo ar struchtúr agus fócas an scannáin? An fágadh sinn le saothar a bhí an-difriúil ón gceann a bhí beartaithe ag Scott ag an tosach?

N’fheadar, ach bíonn na ceisteanna seo ag ráthaíocht i d’intinn i gcaitheamh an scannáin. Ina theannta sin bíonn tú ag déanamh do mharana ar cén sórt carachtair a bheadh curtha inár láthair ag Spacey. Dar liom go mbeadh Scott i ngalar na gcás ar fad murach gur éirigh leis aisteoir chomh cumasach, stuama le Plummer a earcú; aisteoir a bhfuil teacht i láthair iontach ann agus atá, ar a shlí shainiúil féin, an-oiriúnach don ról. 

Táimid i dtaobh le dhá mhórthéama sa táirge deiridh seo. An chéad cheann ná cíoradh a dhéanamh ar shaol agus ar mheon Paul Getty; fear ar mhaígh foilseacháin amhail The Guinesss Book of Records agus Fortune sna caogaidí/seascaidí a bhí ar an duine is saibhre ar domhan. ’Sé a choileach a ghlaoigh nuair a dhein sé ruathar ola ar an Araib Shádach. Ach oiread le haon fhear gnó rathúil bhí sé tiufáilte, seiftiúil ach ina theannta sin bhí sé de cháil air gur sprionlóir go smior ba ea, agus cuirtear é sin abhaile orainn go leanúnach; radharc san óstán mar a bhfuil a stocaí á ní sa bhfolcadán aige agus bosca teileafóin ina theach mór i Sasana. 

Tagann na tréithe sin ar fad chun solais nuair a dhéantar a gharmhac, John Paul Getty a fhuadach. Deineadh €17 milliún a éileamh mar airgead fuascailte. Dhiúltaigh Getty an t-airgead a íoc á rá go gcuirfeadh a leithéid de ghníomh a gharchlann ar fad i mbaol. ’Sé an fuadach seo, agus an eachtraíocht, a lean an dara téama a dhéantar a chíoradh. Chuige seo cuirtear máthair an fhir, Gail (Williams), agus gleacaí le Getty, Fletcher (Wahlberg), os ár gcomhair. Tá Wahlberg srianta mar aisteoir mura bhfuil sé i ról aicsin nó ag cur de go bagrach, tíriúil. I ndáiríre ba chuma ann nó as é. Is aisteoir den scoth í Williams ach bhí sí sáinnithe i ról teoranta, aontoiseach. Tá rian den scéinséir sna radharcanna faoin bhfuadach agus na gníomhartha a lean, ach is go cuibheasach a chuirtear inár láthair iad. Is annamh go mbíonn tú ar tinneall. 

I ndeireadh na dála, agus in ainneoin iarrachtaí Plummer agus Williams, fágtar sinn le saothar patuar agus sinn ag smaoineamh ar an scannán a d’imigh le cúr na habhann. 

Fág freagra ar 'Ní leor ‘All The Money in the World’ chun sinn a chúiteamh'

  • léitheoir

    Léirmheas ionraic géarintinneach eile ón scríbhneoir cumasach seo. Gabhaim buíochas leis mar spárálfaidh sé turas chun na pictiúrlainne orm. Ní bheidh mo chuid airgid á chur amú agam le ‘castróvaics’ scannáin mar é. Ach ‘stocaí a chur á ní sa bhfolcadán’? Sin smaoineamh maith.

  • Learraí

    Ritheann an seanfhocal géarchúiseach seo liom; ‘sáraíonn an tsaint í féin’. Ach bosca teileafóin faoi iamh a’ tí? ……Bhíodh sé á mbodhradh acu ní foláir! Dhéanfadh sé sin giorrú ar an allagar ar m’anam mhuise.