Ní léir gurb í an mhéar fhada an straitéis is críonna don DUP

D’éirigh le feachtas an DUP in aghaidh an phrótacail go leor a bhaint amach, ach ní bheadh a fhios agat é ó bheith ag éisteacht leo

Ní léir gurb í an mhéar fhada an straitéis is críonna don DUP

Tá siad ag teacht – mar a dúirt an fógra teilifíse fadó faoin gcurach leis an mbairille leann dubh. Beidh Uachtarán Mheiriceá, Joe Biden agus maithe is móruaisle ó chian is ó chóngar ag triall ar Thuaisceart Éireann chun Comhaontú Aoine an Chéasta a chomóradh tar éis cúig bliana fichead.

An bhfuil siad ag teacht nuair atá seans ann gur féidir Stormont a athbheochan agus a chur ar bhonn seasmhach? Nó nuair atá an DUP chun an t-eiteachas a thabhairt do roinnt na cumhachta go ceann tamaill fhada?

Bhí súil ag na húdaráis i Londain, i mBaile Átha Cliath, sa Bhruiséil agus in Washington go mbeadh pairilis Stormont leigheasta faoin spriocdháta, an 10 Aibreán, chun go bhféadfaí an Comhaontú a cheiliúradh agus breathnú chun cinn. Go dtí seo ba í an chluas bhodhar a fuaireadar ón DUP.

In Washington cúpla lá ó shin bhí ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson ar a dhícheall ag iarraidh an fhreagracht faoina bhfuil i ndán do pholaitíocht Thuaisceart Éireann a chur ar Phríomh-Aire na Breataine, Rishi Sunak. Faoi rialtas na Breataine a bheidh sé ceisteanna an DUP maidir le Creat Windsor a fhreagairt go sásúil agus reachtaíocht riachtanach a rith, ar sé. Ina dhiaidh sin beidh ‘am agus spás’ de dhíth ar an bpáirtí chun a theacht ar bhreithiúnas faoin gCreat, an leagan leasaithe den phrótacal iarBhreatimeachta a d’fhógair an Príomh-Aire Rishi Sunak agus Uachtarán Choimisiún an Aontais Eorpaigh, Ursula Von der Leyen an mhí seo caite.

Fad is atá sé ag éileamh freagraí nó gníomh ó Sunak tig leis cinneadh faoin todhchaí a chur ar an méar fhada. Tá contúirt ag baint lena chuid moille áfach, mar is léir cheana féin. Baineann gníomhairí eile leas as spás folamh. Go dtí seo ba iad na baill den DUP a dhiúltaíonn do Chreat Windsor a bhí le clos ag a lucht leanúna, iad sin a chreideann nach bhfaighidh siad margadh níos fearr ina dtost, mar a mhol an cheannaireacht dóibh. Tá Jeffrey Donaldson ag iarraidh scoilt sa pháirtí a sheachaint, leidí á dtabhairt gur mhaith leis a bheith in ann glacadh leis an gCreat ach amhras ann go bhfuil oiread béime aige ar dheacrachtaí anois go mbeidh sé doiligh iompú droim ar ais agus cinneadh dearfach a dhíol leis an gcosmhuintir.

Cé go ndeir sé gur dul chun cinn suntasach é creat Windsor ar an bprótacal iarBhreatimeachta, is ar na deacrachtaí atá aige leis a dhíríonn sé. Deir sé gur éirigh le feachtas an DUP in aghaidh an phrótacail i bhfad níos mó a bhaint amach – an creat – ná mar a cheap éinne a tharlódh. Is fíor dó. Údar mór gaisce ag Jeffrey agus ag an DUP é sin ach níl dóthain sochair bainte aige as.

In ionad blas den dearfacht a scaoileadh isteach ina chuid cainte, tá an friotal diúltach. Tá liodáin de ‘údair imní’ aige. Ina measc sin tá sé ag iarraidh reacht chun Acht an Aontais a athdhearbhú – tá fainic curtha ag páirtithe eile ar Státrúnaí Thuaisceart Éireann gan an tAcht a fheidhmíonn Comhaontú Aoine an Chéasta, conradh idirnáisiúnta, a chur as a riocht. Teastaíonn uaidh Srian Stormont – an veto ar rialacha ón Aontas Eorpach – a chur ar bhonn reachtúil chun an t-easnamh daonlathach a leigheas. Is iomaí duine a cheap gur dhána an mhaise é don DUP a bheith ag caint ar easnamh daonlathach i bhfianaise a mbaghcat ar Stormont ó mhí Feabhra anuraidh.

Is léir gurb é an port céanna atá ag rialtas na Breataine, rialtas na hÉireann agus Washington maidir le ‘am agus spás ‘a thabhairt don DUP. Ag an am céanna, áfach, bhí an Bhruiséil ag bogadh chun cinn leis an gCreat agus teachtaireacht neamhbhalbh ó fhoinsí in Uimhir 10 Sráid Downing go raibh an margadh déanta, go bhféadfaí ceisteanna a fhreagairt ach nach ndéanfaí athrú suntasach ar bith ar an gCreat. Bhí tagairt dó sa bhuiséad ag an Seansailéir Jeremy Hunt nuair a d’fhógair sé go gcuirfear cealú dleachta ar bheoir i mbairillí i bhfeidhm i dtábhairní Thuaisceart Éireann a bhuíochas do Chreat Windsor.

Tá coiste ochtair faoi chathaoirleacht Peter Robinson ag meá tuairimí lucht leanúna an DUP. Cuirfidh siad a dtuairisc faoi bhráid Donaldson ag deireadh na míosa seo. Bhí 73% de vótóirí DUP i gcoinne an Chreata i bpobalbhreith le déanaí. Níorbh iontas sin mar ní raibh tada ach cáineadh cloiste acu ó ionadaithe tofa. Mar sin féin bhí líon na ndaoine sa pháirtí a bhí in aghaidh filleadh ar Stormont laghdaithe ó 66% go 54% i dtréimhse sé seachtaine.

Cé na roghanna a bheidh ag an DUP? Cé mhéad ama a bheidh uathu? Go dtí go mbeidh Uachtarán, iarUachtarán, Príomh-Aire, iarPhríomh-Aire, Taoiseach, iarThaoiseach agus go leor eile bailithe leo? An DUP in ann a rá ní ghéillimidne do bhladar ná bagairt? Nó an bhfanfaidh siad go mbeidh na toghcháin áitiúla thart, lár mhí Bealtaine? Má bhíonn toradh maith acu sna toghcháin sin an mbeidh siad ag iarraidh fanacht go dtí go mbeidh iallach ar an Státrúnaí toghchán Tionóil a ghairm? Iad ag súil go ngabhfaidh siad chun tosaigh ar Shinn Féin agus nach mbeidh orthu cumhacht a roinnt le Michelle O’Neill mar Chéad-Aire? Ní lia duine ná tuairim san DUP ach tá na glórtha a deir nár cheart filleadh ar Stormont ar chor ar bith ag neartú agus an mhoill ar chinneadh ag tabhairt buntáiste dóibh.

Fág freagra ar 'Ní léir gurb í an mhéar fhada an straitéis is críonna don DUP'

  • Pádraig O'hEipicín

    Tá suil agam go dtiocfaidh siad ar chomhaontú a oireann do gach duine. Go han-luath le cabhair Dé.

  • Paul Laughlin

    Ní chreidfeá gur mionlach é an DUP. Ach is léir nach bhfuil ach polasaí amhain acu- polasaí an rualoiscthe. Mura bhfuil siad i réim sna sé contae ní bheidh duine ar bith eile i réim. Ní féidir linn glacadh leis seo anois. Tá rogha eile againn agus tá sé thar am go mbeadh deis againn í a chur i bhfeidhm.