Ní le glais lámh ná le smachtíní ach le caint a choinnigh na Gardaí síocháin i réim…

Níl na Gardaí gan locht. Ach tuilleann an tslí inar láimhseáil siad go leor agóidí in aghaidh na dtáillí uisce moladh nach gcloistear go minic. Sampla ó Chill Airne

23/2/2015. Anti Water Charges Campaigns
Pictiúr: Photocall Ireland

 

Dúradh roimh ré go mbeadh slua mór i mbun agóide in aghaidh dhianpholasaithe an rialtais le linn chomdháil Pháirtí an Lucht Oibre i gCill Airne . ‘UP TO 10,000 EXPECTED FOR KILLARNEY PROTEST’, a dúirt ceannlíne sa Kerry’s Eye, agus ní sa nuachtán sin amháin a cuireadh meastacháin mhístuama i gcló.

Ní raibh ach idir 500 agus 600 duine páirteach san agóid ar bhreathnaigh an tuairisceoir seo air taobh amuigh d’ionad comhdhála an INEC Dé Sathairn. Ba chóir dom a rá gur “suas le 1,000” a dúradh a bhí i láthair sna tuairiscí a craoladh ar RT Raidió na Gaeltachta agus ar Radio Kerry.

Threoraigh maoir agóide an mórshiúl amach ó lár an bhaile. Bhí míshásamh agus fearg na máirseálaithe follasach, ach bhí an agóid siochánta ó thús go deireadh, má fhágtar tréimhse deich nóiméad as an áireamh.

Bhí an mórshiúl ag teannadh leis an INEC a nuair a rith scata máirseálaithe isteach i gcarrchlós óstáin atá suite taobh leis. Leag thart ar dhá scór cuid de chlaí slándála a bhí curtha suas thart timpeall ar an INEC. Thosaigh thart ar leathchéad ag brú fir slándála an ionaid siar ón gclaí leagtha.

Is ag an bpointe sin a tháinig na Gardaí i gcabhair ar an bhfoireann slándála. Níor mhair an brú agus an brú ar ais ach thart ar chúig nóiméad. Leagadh corrdhuine, ach níor gortaíodh duine ar bith, go bhfios dom. Cuireadh deireadh leis an mionachrann nuair a d’áitigh maoir na máirseála ar a lucht leanúna filleadh ar an mbóthar i dtreo an fhoirgnimh ina raibh comhdháil an Lucht Oibre ar siúl.

Céard a léirigh an eachtra? Stuaim an lucht eagair gan dabht. Iadsan a chuir deireadh leis an leathiarracht a rinne mionlach máirseálaithe an t-ionad comhdhála, chomh maith leis na Gardaí agus an fhoireann slandála, a ionsaí.

Ach, thar aon dream eile, chinntigh stuaim, séimhe agus solúbthacht na nGardaí nach raibh cinnlínte mar “DOZENS INJURED IN MINI-RIOT” nó “20 ARRESTED AT KILLARNEY PROTEST” i gcló i nuachtáin an Domhnaigh.

Ainneoin leagan claí, ainneoin corrbhabhta iomrascála, agus ainneoin na maslaí (“Traitors!”, “Scum, scum, scum” agus ar ndóigh “Political Policing”), sheasadar an fód go ciúin staidéartha.
Ní le glais lámh ná le smachtíní ach le caint a choinnigh na Gardaí síocháin i réim agus an lucht agóide siar ón mbealach isteach go dtí an chomhdháil. Níor gabhadh oiread agus duine.

“Now lads, can ye move back a bit so we can get this fence up again?” “Thanks lads” agus “Take it easy, we don’t want anyone getting hurt,” agus a leithéid.

Níl san eachtra thuas ach mioneachtra, ach tá solúbthacht agus measarthacht dá leithéid léirithe arís agus arís eile sna físeáin a chuir lucht  tacaíochta an fheachtais in aghaidh na dtáillí uisce suas ar YouTube le bliain.

Ní hionann sin agus a rá go raibh caighdeán iompair gach Garda sásúil. Ach tá ár mbuíochas tuillte ag na Gardaí a bhí ar dualgas i gCill Airne Dé Sathairn.

Is eiseamláir a ndearna siad de stíl phóilíneachta Éireannach, a bhunaítear ar bhoige agus ar dhiongbháilteacht in éineacht. Ní fheictear i gcónaí é, faraor, ach is ar an gcúis bhreise sin a thuilleann sé moladh.

Tá scéal an uisce casta go leor gan cloigne briste a bheith ag cur leis.

Is láithreoir ar ‘Morning Ireland ‘ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille

Fág freagra ar 'Ní le glais lámh ná le smachtíní ach le caint a choinnigh na Gardaí síocháin i réim…'