Ní le camáin amháin a thuill laochra spóirt na gCat clú agus cáil

Ag iomáint do Chill Chainnigh agus do Luimneach a thosaigh roinnt de na himreoirí rugbaí, haca agus na lúthchleasaithe is fearr ón tír seo 

Ní le camáin amháin a thuill laochra spóirt na gCat clú agus cáil

Ned Byrne. Pictiúr: ©INPHO/BIll Stickland

Mártan

I gCluiche Ceannais Iomána na hÉireann i ngrád na mionúr 50 bliain ó shin ba bhuillí saora ealaíonta a thóg a leathchúlaí láir – ógánach a raibh Brian Cody mar ainm air – a thug deis ar chúil do Billy Fitzpatrick a scóráil péire acu, nuair a bhuaigh Cill Chainnigh ar Chorcaigh 8-7, 3-9.

Cill Chainnigh freisin a bhuaigh Craobh na Sinsear an lá sin i bPáirc an Chrócaigh, Ned Byrne, comhghleacaí club le Cody, sa líne lántosach a thug an bua dúbailte do na Cait ar na fir cois Laoi.

Trí bliana dár gcionn d’imir an bheirt le chéile nuair a bhuaigh Cumann Shéamuis Mhic Stiofáin craobh an chontae, ach faoin am a dtáinig Lá le Pádraic 1976 nuair a bhuaigh siad Craobh Chlubanna na hÉireann, bhí Byrne gaibhte ag plé le spórt eile – an rugbaí.

Ós rud é go raibh sé ina mbun ag an am céanna chomh fada agus a d’fhéad sé, ní raibh aon stró ar Ned dul i dtaithí na liathróide atá ar chruth na huibhe agus in imeacht bliana bhí áit bainte amach aige ar fhoireann na hÉireann – in aghaidh na hAlban i gCraobh na 5 Náisiún 1977.

Bhí sé ar fhoireann na tíre seo a chuaigh chun na hAstráile dhá bhliain dár gcionn agus ansiúd bhuail carr (nár stop) é agus briseadh 3 chnámh i gcois leis. Cé gur fhill sé ar an gcoimhlint idir chlubanna, b’in deireadh lena chuid imeartha d’Éirinn.

Bhí iar-imreoir iomána eile de chuid Chill Chainnigh ar fhoirne rugbaí na hÉireann le Ned Byrne – b’in é Willie Duggan, an té ab fhearr a tharraing geansaí Uimhir 8 ar a dhroim riamh, dar le go leor. I bhFaiche San Séamas i gCathair an Mharmair a saolaíodh an Duagánach agus ba le Baile Dic (club Cillian Buckley) a bhí sé ag iománaíocht nuair a d’imir sé ar fhoireann Faoi 21 a chontae, sular dhírigh sé ar an rugbaí ar fad ar fad.

Fíor-lúthchleasaí ab ea Willie, ach níl a fhios agam cén ceart a bhainfeadh sé féin agus teagascóirí nirt agus aclaíochta an lae inniu dá chéile. Fíor-annamh nach mbíodh toitín ina bhéal agus go deimhin tráth a raibh sé ag rith amach ar an bpáirc in Twickenham go n-imreodh sé in aghaidh Shasana, shín sé ceann leathchaite chuig an réiteoir.

Iariománaí eile é bhuaigh Craobh na hÉireann faoi dhó (1992 & ’93) agus dhá All Star mar chúl báire is ea Michael Walsh. Bhí seisean ina chaptaen ar cheann d’fhoirne sacair faoi aois na hÉireann agus d’imir do chathair Chill Chainnigh nuair a bhí siadsan sa tSraith.

An iomáint freisin ab ansa le Mick Dowling a bhuaigh craobhacha faoi aois le Caisleán an Chomair sular thug sé aghaidh ar an gcró dornálaíochta a d’fhág ag troid ag na Cluichí Oilimpeacha i Meicsiceo (’68) agus i Munich (’72). 

Iománaí paiteanta eile ab ea Darren O’Neill as Baile Phóil a d’imir i gCraobh Faoi 21 na hÉireann do Chill Chainnigh in 2006 agus a bhuaigh Corn an Chrócaigh ar fhoirne Choláiste Chiaráin faoi dhó – in 2003 nuair a bhí sé féin agus Cha Fitzpatrick i lár na páirce agus John Tennyson mar lánchúlaí agus an bhliain dár gcionn tráth a raibh Richie Hogan agus Richie Power ar an bhfoireann freisin.

Nuair a tharraing sé na miotóga dornálaíochta air féin bhuaigh Darren boinn óir ag Craobhacha na hEorpa in 2009 agus bonn airgid an bhliain dár gcionn.

I Luimneach, tá siad siúd a thosaigh leis an iománaíocht nó an chamógaíocht agus a bhain cáil amach freisin i spórtanna eile chomh líonmhar céanna.

Trí bliana d’aois a bhí Eimear Cregan nuair a rug sí ar chamán den chéad uair riamh. Ní iontas sin agus a raibh ina timpeall báite i stair na hiománaíochta sa gcontae – uncail dá cuid is ea Éamonn .

Agus í ag freastal ar Ollscoil Luimnigh bhí Eimear ar an bhfoireann a chlis ar éigean in aghaidh IT Phort Láirge i gcluiche ceannais Chorn Mhic Giolla Bhríde in earrach na bliana 2001. Bhí áit ag fanacht léi ar fhoireann camógaíochta an chontae.

B’in le fírinne an cluiche deireanach d’ardchaighdeán a d’imir sí agus camán ina lámh. Sé mhí dár gcionn bhí sí ag imirt haca d’Éirinn, foireann ar chaith sí tréimhse fhada mar chaptaen uirthi ina dhiaidh sin agus lenar imir sí 171 uair – an líon is mó ag aon duine riamh go dtí seo. D’imir sí dóibh i gCorn an Domhain in 2002 agus lean ag imirt go dtí 2011.

Do na Líbeartaí Theas a d’imir Bernie agus Pat Hartigan a gcuid iománaíochta – chiceáladar liathróid níos mó leis na Sean-Chríostaithe. Bhí siad beirt ar fhoireann Luimnigh a bhuaigh Corn Mhic Cárthaigh i 1973 agus an tSraith Náisiúnta dhá bhliain roimhe sin.

Ní foláir nó is iad na deartháireacha seo an bheirt dheireanach a d’imir cluichí Chumann Lúthchleas Gael ag an leibhéal ab airde agus a rinne ionadaíocht ar son a dtíre sa lúthchleasaíocht idirnáisiúnta.

Bhuaigh Bernie Craobhacha na hÉireann ag caitheamh an chasúir agus na teisce i 1968 cúpla seachtain sular imir sé do Luimneach in aghaidh Chorcaí i gCraobh na Mumhan. Tar éis dó an casúr a bhuachan arís i 1974 agus ’75 roghnaíodh é mar ar fhoireann lúthchleasa na hÉireann a bhí san iomaíocht i gCraobhacha na hEorpa i 1977 i gCóbanhávan. D’fhreastail Pat ar an dá thrá freisin – sheas sé an fód d’Éirinn ag caitheamh an mheáchain.

Níor imir an ‘Tarbh’ John Hayes aon chluiche rugbaí go raibh 18 bliain caite aige – go dtí sin ba ag imirt na peile Gaelaí agus ag iománaíocht a chaith sé a óige. Nárbh uafásach an feic é ag déanamh ort agus an camán ardaithe san aer aige?

Fág freagra ar 'Ní le camáin amháin a thuill laochra spóirt na gCat clú agus cáil'