‘Ní laptoes é sin a Mhamaí..’

AG TÓGÁIL CLAINNE: Tá sé in am dúinn uile a bheith ag foghlaim óir go bhfuil muid imithe ar an mBéarla i ngan fhios dúinn féin

Teanga

Níl a fhios agam an bhfuil sé scríofa in áit ar bith céard é an chéad rud a dúirt Fionn Mac Cumhaill leis an bhfear feasa ag an abhainn an lá sin go bhfuair sé an chéad bhlaiseadh den bhradán feasa, ach déarfainn gur maith an tseans gur thosaigh sé ag ceartú a chuid Gaeilge.

Anuas ar chuile shórt eile, is dócha go ndúirt an fear feasa leis féin, ‘tá an diabhal seo ag inseacht dom faoin tuiseal ginideach’.

Fuair beainín bheag s’againne blaiseadh den bhradán feasa ag an naíonra ag an lón beag an lá cheana is tá an ceartú tosaithe sa mbaile. ”Ní dheireann siad ‘No’ agus ní dheireann siad ‘Yeah’ sa naíonra a Mhamaí, ‘níl’ a dhéarfaidh tú agus ‘tá’.”

“Ní laptoes é sin a Mhamaí, is ríobaire atá ann”.

“Bhuel, fly-áil a Mhamaí, sin focal Béarla, is ‘eitilt’ atá ann.”

Ach ní hionann agus an fear feasa ar bhruach na habhann fadó, caithfidh mé géilleadh go bhfuil an ceart aici.

Tá sé in am dúinn uile a bheith ag foghlaim óir go bhfuil muid imithe ar an mBéarla i ngan fhios dúinn féin de réir an taighde nua  Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach: An sealbhú teanga i measc ghlúin óg na Gaeltachta a foilsíodh an tseachtain seo caite.

Ar bhealach, ní haon ábhar iontais d’aon duine an méid atá ráite sa tuairisc ach fós fhéin, is bocht an rud é agus níl aon éalú uaidh nuair atá sé scríofa síos i ndubh agus bán os do chomhair amach.

Thit mo chroí tuilleadh nuair a léigh mé go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ag an Roinn Oideachais ar cheist oideachas na Gaeltachta faoi láthair.

Shílfeá nach bhfuil aon ghá le hathbhreithniú eile.

Nach bhfuil a dhóthain breithniú déanta faoin am seo agus é in am agus thar am gnímh?

Ach má tá gníomh le déanamh, is fúinn féin atá sé.

D’fhéadfaí misneach a chailleadh ar fad agus géilleadh don rabharta mór atá ag cur thar maoil timpeall orainn. Nó d’fhéadfaí an fód a sheasamh agus caoi a chur ar an líon arís agus cá bhfios nach mbéarfaimis féin ar bhradán feasa.