Ní íosfaidh mé aon turcaí an Nollaig seo – feoilséantóir atá ionam anois

Croí crua atá ag an té a dhéanann dearmad ar an marú gránna a thugtar ar ainmhithe le gur féidir a gcuid feola a chur ar an bpláta

Ní íosfaidh mé aon turcaí an Nollaig seo – feoilséantóir atá ionam anois

Ní dhrannfaidh mé an Nollaig seo le feoil turcaí, gé, lachan, sicín, caorach, mairt ná fia. Feoilséantóir atá ionam anois. 

An spídiúlacht a thugtar d’ainmhithe a d’athraigh m’intinn. Croí crua atá ag an té a dhéanann dearmad ar an marú gránna a thugtar ar ainmhithe le gur féidir a gcuid feola a chur ar an bpláta. 

Léigh mé alt le gairid a scríobh bean faoin dúil a bhíonn aici i ngeampa uaineola. Tá a fhios agam gur bean í atá mín, mánla, macánta. Má sea féin is cosúil nach bhfuil trua ar bith aici don uan bocht. 

An bhean chéanna ní bheadh stró ar bith uirthi alt maoithneach a scríobh faoin tógáil croí a thabharfadh sé di a bheith ag breathnú ar uainín ag diúl a mháthar nó uain a bheith amuigh ag aoibheall ar na bánta san earrach. 

Ná déanadh muid dearmad ach an oiread ar na bric. Cuirtear chun báis i líon iad nó tarraingítear as an uisce le duán iad. 

Cuimhnigh dá dtarlódh a leithéid de rud duit féin. Cén bhail a bheadh ort dá gcuirfí duán nó crúca i do bhéal agus tú a chrochadh den talamh> 

Bíonn cuid de na hiascairí slaite ag déanamh gaisce as an gcaoi a gcuireann siad ar ais san uisce breac ar bith a mbeireann siad air. Bheadh ciall leis sin murach an dochar a bhíonn déanta ag an duán do bhéal an bhric. 

 Bheadh sé chomh Críostúil céanna an breac sin a chur as pian láithreach. 

Bíonn daoine a rá nár mhór dhuit feoil a ithe le bheith sláintiúil, láidir. Teoiric gan bhunús í sin freisin. Ní itheann an eilifint feoil agus is mór láidir an beithíoch é. 

Tá próitéin tábhachtach ach tá próitéin i mbianna seachas feoil. Is maith liom féin cáis, cáca baile agus fataí. Cuimhnigh gur ar na fataí is mó a mhair muintir na hÉireann ar feadh na gcéadta bliain. 

Tá neart bianna blasta eile atá bunaithe ar phlandaí le fáil anois sna deilithe agus i ngnáthshiopaí grósaera go deimhin. 

Ar na feoilséantóirí ba cháiliúla ar chuala muid trácht orthu bhí George Bernard Shaw. Mhair sé siúd go raibh sé 94 bliain d’aois. 

Ceaptar go raibh Leonardo De Vinci ar dhuine eile acu. 

Ba í Mary Shelley a scríobh an scéal uafáis Frankenstein. Tá léirmheastóirí ann a déarfadh gur forógra feoilséantach atá sa leabhar sin ó thús go deireadh. 

Sa scannán a rinneadh den leabhar léiríodh gur as páirteanna de choirp a cuireadh an t-arracht le chéile. Scríobh Mary Shelley é sin cinnte ach scríobh sí freisin go raibh páirteanna as seamlas i gceist. Sea agus mhínigh sí gur feoilséantóir a bhí in Frankenstein féin sa deireadh. 

Fear eile a shéan an fheoil ba ea Mahatma Ghandhi. I dteaghlach a raibh an creideamh sin acu a tógadh é. 

D’ith sé beagán feola nuair a bhí sé ina dhéagóir ach nuair a bhí sé ag déanamh staidéir ar an dlí i Sasana d’fhill sé ar nós itheacháin a mhuintire. 

Sin cé go mbíodh air deich nó dó dhéag de mhílte a shiúl laethanta le teacht ar bhialann fheoilséantach. 

Bhí dreamanna creidimh ag séanadh na feola i bhfad roimh aimsir Chríost. Ní raibh aon tóir mhór ag na Críostaithe ar an nós maireachtála seo cé nach molaidís iomarca feola a ithe ach an oiread. 

Eisceacht ab ea Naomh Antaine as an Éigipt. Choinnigh seisean ón bhfeoil i gcónaí. Más fíor scéalta a insítear faoi mhair sé go raibh sé 105 bliain d’aois! 

Naomh é a n-impíodh Críostaithe air galair agus plánna a chosc. 

B’fhéidir gur cúis eile é sin le cúl láimhe a thabhairt don fheoil an Nollaig seo agus paidir a chur chuig Naomh Antaine in aghaidh na heipidéime atá sa mullach orainn faoi láthair.

Fág freagra ar 'Ní íosfaidh mé aon turcaí an Nollaig seo – feoilséantóir atá ionam anois'

  • Larry Phelan

    An-fhear a Joe, a ndóthain (is an iomarca) feola atá daoine a ithe.

  • Breathnóir1

    Is dócha go bhfuil an ceart agat a Sheosaimh. Ritheann sé liom gur chóir, b´fhéidir, téarma eile a fháil don choincheap ´vegetarian´ mar tá ´feoilséantóir´ cineál diúltach mar fhocal.

  • Fionnán O Conaola

    “Croí crua atá ag an té a dhéanann dearmad ar an marú gránna a thugtar ar ainmhithe le gur féidir a gcuid feola a chur ar an bpláta” An rud céanna a déarfainn fhéin mar véigénach (níos fearr ná feoilséantóir) dar liom.

    Fionnán O Conaola

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Seosamh Ó Cuaig, ‘Ní íosfaidh mé aon turcaí an Nollaig seo –– feoilséantóir atá ionam anois,’ tuairisc.ie, Nollaig 14, 2021.

    Tá Seosamh Ó Cuaig tar éis a fhógairt gur feoilséantóir is ea é féin: ‘Ní dhrannfaidh mé an Nollaig seo le feoil turcaí, gé, lachan, sicín, caorach, mairt ná fia.’ Ní léir, amach is amach, an ndrannfaidh Seosamh le hiasc. Is cosúil nach n–íosfaidh sé iasc, mura dtugtar pianmhúchán don iasc, agus an t–iasc á mharú. D’inis Pádraig Ua Maoileoin domsa fadó, nach turcaí ná gé, ach langa, a bhíodh chun dinnéar na Nollag ag muintir Chom Dhíneol, i gCorca Dhuibhne, le linn óige Phádraig. Dar le Seosamh go mbeadh sé ‘chomh Críostúil céanna an breac sin a chur as pian láithreach’. Iascairí ba ea a lán de na hAspail ag Íosa Críost, agus duine acusan, gan amhras, ba ea Peadar, an chéad Phápa. Chuir Críost comhairle iascaireachta ar na hAspail, agus réitigh sé bricfeasta éisc dóibh, aon uair amháin, ar a laghad. Níl fianaise dá laghad ann gur cháin Críost na hAspail i dtaobh caitheamh go cruálach leis an iasc. Cuid lárnach de chreideamh na nGiúdach aniar go dtí scrios Iarúsailéim sa bhliain 70 AD, ba ea búistéireacht a dhéanamh ar ainmhithe. Deirtí go mbíodh fuil ina sruth trí shráideanna Iarúsailéim tar éis babhta búistéireachta ar ainmhithe. ‘Uan Dé’ a thugtar ar Íosa Críost féin san Aifreann, agus i Leabhar an Taispeánta/an Apacailipsis, an leabhar deiridh ar fad den Bhíobla. An tOllamh le Diagacht an Bhíobla, Scott Hahn, a bhí ina Chailvíneach stóinsithe sular iompaigh sé ina Chaitliceach, míníonn sé, sa leabhar The Fourth Cup, an tslí ar tháinig Críost in ionad an uain a bheadh le híobairt, i bhforlíonadh an Ghiúdachais, is é sin, sa Chríostaíocht.
    Tugann Seosamh liosta de dhaoine mór le rá, ar feoilséantóirí ba ea iad. De réir na n–antraipeolaithe, chuidigh feoil a ithe leis an bhfás diamhair a tháinig faoi inchinn na gcréatúr ar uatha a shíolraigh sinsir an chine daonna, tosach na hinchinne go háirithe, an chuid den inchinn arbh uirthi a bhí, agus atá, cumas teanga an duine ag brath. Déanann Noam Chomsky amach, agus teangeolaithe mar é, gurb í an teanga shofaisticiúil ag homo sapiens sapiens a dhifríonn sinne leis na Neandartálaigh, agus na Deiníosabhaigh, ainneoin go measann na hantraipeolaithe gur de chomhdhúchas homo heidelbergensis [nó homo bodoensis] iad homo sapiens sapiens, homo neanderthalensis, agus homos denisova/altaiensis. Bhí leagan de ghéin na teanga sna 3 chréatúr sin, FOXP2, ach níor mhar a chéile do leagan homo sapiens sapiens den ghéin sin, agus do leagan homo neanderthalensis, ná do leagan homo denisova/altaiensis. Agus déantar amach gur mar gheall ar theanga shofaisticiúil a bheith ag homo sapiens sapiens, ach gan a leithéid a bheith ag homo neanderthalensis, ná ag homo denisova/altaiensis, a bhuaigh homo sapiens sapiens peic ar an dá chréatúr eile, ainneoin na 3 chréatúr sin a bheith an–chosúil le chéile, i dtaobh a gcuid géinte.
    Deir Seosamh go mbíonn ‘próitéin i mbianna seachas feoil. Is maith liom féin cáis, cáca baile agus fataí. Cuimhnigh gur ar na fataí is mó a mhair muintir na hÉireann ar feadh na gcéadta bliain.’ An féidir go bhfuil dearmad déanta ag Seosamh ar Ghorta Mór an 18ú céad [1741], agus ar Ghorta Mór an 19ú céad [1847, Bliain an Drochshaoil]. Ag brath rómhór a bhí gnáthmhuintir na hÉireann ar an bpráta, aimsir an Drochshaoil. Táimse ag fulaingt le Cineál 2 den Diaibéiteas. Tá sé sin sa dúchas agam, i dtaobh athar is máthar, cé nach raibh sé ar m’athair, ná ar mo mháthair, go bhfios dom, trócaire orthu. Moltar do dhiaibéitigh maolú anuas go mór ar na carbaihiodráití a chaitheann siad –– ar an arán, agus ar an bpráta. Déantar amach go raibh an diaibéiteas sa dúchas ag na Neandartálaigh, mar go gcaithfidís seachtainí as a chéile, gan aon bhia a ithe, go háirithe agus é lúide 50ºC lasmuigh de dhoras a n–áitribh. Comhartha ar chine a raibh seantaithí ar an ngorta acu is ea líon mór diaibéiteach a bheith inniu orthu. Bhí gorta gach re bliain in Éirinn ó 1815 go dtí 1911, nó mar sin.
    Cuid de na daoine a fhógraíonn gur feoilséantóirí is ea iad féin, ní chuireann sé as puinn dóibh an bhrúidiúlacht a imrítear ar an leanbh sa bhroinn, agus ginmhilleadh á dhéanamh ar an leanbh. Déantar amach anois go gcuirfidh an leanbh sa bhroinn i gcoinne ionsaí air féin, chomh luath le 6 seachtaine tar éis thosach an iompair clainne, agus an ginmhillteoir ag iarraidh an leanbh sa bhroinn a shracadh ó chéile le gob an mheaisín ginmhillte asúite a shá isteach ann. Fianaise is ea an méid sin, dar le cuid de na heolaithe, go mbraitheann an leanbh sa bhroinn an phian, agus é chomh hóg sin. Ainneoin gach a ndeir Seosamh, ní mar a chéile duine agus iasc. De réir na sean–Ghael, is 3 anam a bhíonn sa duine daonna: an t–anam anála, an t–anam mothála, agus an t–anam spioradálta, nó anam na síoraíochta. Má bhíonn an t–anam anála, agus an t–anam mothála san ainmhí, nó san iasc, abair, ní bhíonn an t–anam spioradálta/anam na síoraíochta áfach. Fógraíonn Seosamh, ó uair go chéile, gur aindiachaí is ea é féin. Cad chuige dó mar sin a chur i bhfáth ar léitheoirí tuairisc.ie paidir a chur chuig Naomh Antaine [na hÉigipte] ‘in aghaidh na heipidéime atá sa mullach orainn faoi láthair’. Murab ann do Dhia, ní dócha gurb ann do na Flaithis, ach a oiread. Murab ann do na Flaithis, cá bhfuil Naomh Antaine [na hÉigipte], agus na naoimh eile? Nach piseogacht an méid sin ag Seosamh, mura gcreideann sé i nDia? An bhfuil cead ag an gCumannaí géilleadh sna piseoga?