Ní inniu ná inné a thosaigh na cleachtaí míleata amach ó chósta na hÉireann, a deir iascaire Gaeltachta

Deir iascaire as Dún na nGall go mbíonn cleachtaí míleata ag Sasana agus Meiriceá i bhfoisceacht 20 míle d’Oileán Thoraí ‘go réasúnta minic’

Ní inniu ná inné a thosaigh na cleachtaí míleata amach ó chósta na hÉireann, a deir iascaire Gaeltachta

Ní inniu ná inné a tosaíodh ar na cleachtaí míleata amach ó chósta na hÉireann, a deir iascaire Gaeltachta.

Dúirt an t-iascaire Seán Ó Briain as Inis Bó Finne ar Adhmhaidin RTÉ Raidió na Gaeltachta nach aon rud nua ag iascairí Dhún na nGall cleachtaí míleata a fheiceáil. Dúirt Ó Briain go dtarlaíonn a leithéid “go réasúnta minic” i bhfoisceacht fiche míle d’Oileán Thoraí, agus go gcuireann na druileanna isteach go mór ar obair na n-iascairí.

Dúirt Seán Ó Briain gur minic a fhaigheann iascairí Dhún na nGall rabhadh ó longa agus ó fhomhuireáin mhíleata de chuid Shasana imeacht ón áit mar go mbeidh cleachtaí ar siúl. Bíonn soithí as Meiriceá i gceist freisin uaireanta. Cuireann a leithéid isteach go mór ar na hiascairí, a dúirt sé.

“Fiú maidin Dé Luain ansin agus muid ag tosú ag tógáil na bpotaí crúbóige 14 míle ó thuaidh ó Oileán Thoraí, bhí fomhuireáin díreach siar uainn ansin.”

Dúirt sé go mbíonn cabhlach Shasana agus Mheiriceá i mbun cleachtaí thart ar cheantar farraige an Stanton Bank, ceantar atá thart ar scór míle ó thuaidh ó Oileán Thoraí, gar don áit a mbíonn iascairí crúbóige ag obair.

“Cuid mhór den am caithfidh tú an ceantar a fhágáil.  Bheireann siad rabhadh duit go gcaithfidh tú coinneáil deich míle ar shiúl ón áit a bhfuil siadsan ag cleachtadh,” arsa Seán Ó Briain.

“Go minic, caithfidh muid imeacht as an cheantar.  Tá costas mór idir breosla agus baoití a chur ar bord agus a dhul amach go dtí sin agus níl tú ábalta ar do lá oibre a dhéanamh agus caithfidh tú a theacht ar ais go dtí an ché agus do dhá lámh chomh fada le chéile.”

“Is beag atá na polaiteoirí ag déanamh faoi.  Cheap muidinne gur chóir go mbeadh cúiteamh ar fáil do na bádaí ag cur amú a gcuid ama nuair nach bhfuil tú ábalta fáil ar aghaidh le do shlí beatha.”

Dúirt Seán Ó Briain go bhfuair iascairí ó dheas rabhadh ón stát faoi na cleachtaí atá beartaithe ag na Rúisigh 240 km amach ó chósta Chorcaí an tseachtain seo chugainn, ach gurb iad na báid mhíleata féin a thugann rabhadh do na hiascairí ó thuaidh.

“Cabhlach na Sasanach iad fhéin a thugann amach é, go gcaithfidh tú an ceantar a fhágáil.  Ní fhaigheann muid rud ar bith ón stát, níl sé sna páipéir ná nuacht ná dhath ar bith, ná bádaí iad fhéin a bhíonn ag cur amach na warnings.

“Sin maith go leor ag bád atá ag trawláil a bhfuil a gear uilig ar bord acu, agus iad ag dul go dtí ceantar farraige eile, ach an áit a bhfuil na potaí curtha againne tá siad na luí ansin agus níl muid ábalta fáil a fhad leo, cuireann sé isteach go mór orainn – an costas le dhul amach, agus nach bhfuil deis agat dhul ar aghaidh le do lá oibre.”

Tá fógra sábháilteachta eisithe ag an Roinn Iompair do lucht farraige uile na tíre ag cur fainic orthu faoi dhruileanna míleata na Rúise ar an gcósta thiar theas.

Tá láthair na gcleachtaí in uiscí idirnáisiúnta thart ar 240 ciliméadar amach ón gcósta. Láthair í atá taobh amuigh d’uiscí nó limistéar farraige na hÉireann ach laistigh de limistéar eisiach eacnamaíochta na tíre seo.

D’eisigh an Roinn Iompair an fógra mara do gach úinéir loinge is bád iascaigh, scipéirí, lucht seoltóireachta agus lucht mara ag fógairt go mbeadh cleachtaí míleata ar siúl sna farraigí sin ón 3-8 Feabhra.

Dúirt an Roinn gur chuir Údarás Eitlíochta na hÉireann iad féin ar an eolas tar éis d’údaráis na Rúise dul i dteagmháil leosan faoina gcuid druileanna míleata.

Tugtar na comhordanáidí beachta don láthair ag a mbeidh “beo-lámhach in úsáid sna druileanna cabhlaigh”.

D’easaontaigh Ambasáid na Rúise le maíomh go raibh “deargbharántas” tugtha acu nach gcuirfidh druileanna chabhlach na Rúise as d’iascairí na hÉireann.

Mhaígh ionadaithe iascairí níos túisce inniu go raibh a leithéid de bharántas faighte acu ón Ambasáid faoi na druileanna atá le tosú an tseachtain seo chugainn amach ó chósta na hÉireann.

 

 

 

Fág freagra ar 'Ní inniu ná inné a thosaigh na cleachtaí míleata amach ó chósta na hÉireann, a deir iascaire Gaeltachta'