Tá cainteanna ar siúl arís idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach, agus deirtear go bhfuil seans réalaíoch ann go dtiocfar ar chomhaontú. Tá súil againn go léir, ceapaim, go bhfuil sin amhlaidh.
Mar sin féin, tá foláireamh tugtha ag Gobharnóir an Bhainc Cheannais, Gabriel Makhlouf, go bhfuil dhá dheacracht mhóra os ár gcomhair ó thaobh na heacnamaíochta de dheasca na paindéime agus bagairt an Bhreatimeachta gan mhargadh.
Mhínigh sé go mbeadh cailliúint as cuimse i gceist do lucht easpórtála bia, is lucht mairteola go háirithe, dá mbeadh táillí domhanda le híoc ar tháirgí a chuirfí go Sasana. Cailliúint 2% san olltáirgeacht náisiúnta a bheadh i gceist, dar leis.
Dá bharr seo agus ó tharla go raibh na polaiteoirí agus a gcuid saineolaithe ar an eolas faoi seo ón tús, tá sé ionann is dochreidte nach ndearnadh aon iarracht lena chinntiú go mbeadh comhaontú ann a d’oirfeadh dúinne.
’Sé fírinne an scéil ná go rabhamar i dtaobh le haon rud amháin – cur chuige an Aontais. Bhí agus tá faitíos an domhain orainn gníomh ar bith a dhéanamh as ár stuaim féin gan beannacht an Aontais.
Ach is cuma, is cosúil, cé chomh minic is a nochtar dúinn an fhírinne: níl cead riamh ag éinne an tAontas a cháineadh.
Sampla maith den easpa cnámh droma sin a bhfuil giollaí déanta aige dínn ná ceist na hiascaireachta, mar a mhínigh mé in alt na seachtaine seo caite.
Ní thuigtear cén chaoi go mbeadh an oiread sin tábhachta ó thaobh na hidirbheartaíochta le hearnáil a bhfuil a laghad sin tábhachta ag baint léi ó thaobh na heacnamaíochta de – don Aontas Eorpach, do Shasana, nó fiú dúinne in Éirinn.
Ach is fiú breathnú isteach sa scéal go dtuigfimid a tábhacht.
Thiar i 1970, is ar éigean ar pléadh ceist na hiascaireachta ar chor ar bith nuair a bí an Bhreatain, an Danmhairg, an Iorua agus Éire ag lorg ballraíochta, ach díreach sular tháinig na hiarratais isteach ó na tíortha sin chonacthas do na sé thír a bhí sa gComhphobal ag an am go mbeadh na stráicí iascaireachta ba shaibhre ar domhan i gceist.
Dhréachtaigh siad Riail Comhairle 2141/70 a thabharfadh ceart do gach aon bhallstát ar na huiscí ar fad, cé nach raibh aon tagairt don iascaireacht i gConradh na Róimhe féin.
Ach toisc gur tugadh an riail nua isteach sular tháinig na hiarratais bhí an riail mar chuid den acquis communitaire a raibh ar na hiarrthóirí ar bhallraíocht glacadh leis ón tús, fiú gan aon phlé.
Bhí an scéal seo ar na fáthanna gur theip ar an reifreann san Iorua is gur lorg an Ghraonlainn leath-neamhspleáchas ón Danmhairg go dtí gur fhág siad an tAontas níos deireanaí.
Cuireadh polasaí foirmeálta le chéile maidir le cúrsaí iascaireachta i 1983. Mar sin, cé go raibh 44% d’uiscí iascaireachta an Aontais ag Éirinn fuair muid níos lú ná 20% de na cuótaí iascaireachta a ceadaíodh faoina bpolasaí.
Cosnaíonn Michael Hennigan ó Finfacts an scéal seo ar an ábhar nach ndearnadh aon fhorbairt ar an tionscal iascaireachta in Éirinn sula ndeachaigh muid isteach san Aontas, agus go bhfuil méadú tagtha air ó shin.
Tá an ceart aige sa mhéad seo, ach dá mba rud é gur theastaigh uainn an fhorbairt sin a dhéanamh ní bheadh sé ceadaithe faoi rialacha an Aontais. Agus dá mba rud é go ndearna muid an fhorbairt sin bheadh luach i bhfad níos mó againn ar ár saothar ná mar a fuair muid. Tá airgead mór as cúrsaí iascaireachta ag dul go tíortha eile an Aontais seachas chugainne, an dream a bhfuil na huiscí is saibhre againn.
Má éiríonn le Sasana a gcuid cearta iascaireachta a fháil ar ais, ní hamháin go gcaillfidh muid rochtain ar na huiscí sin ach beidh ballstáit eile ag cur dlús lena gcuid iascaireachta inár n-uiscí mar chúiteamh ar a gcaillteanas.
An réiteach is simplí ar ndóigh ná seilbh iomlán a fháil ar ais ar ár gcuid cearta iascaireachta féin, ach ní dhéanfaidh an rialtas aon iarracht a leithéid a dhéanamh.
Is é sin, cé nach bhfuil an oiread sin tábhacht eacnamaíochta ag baint le tionscal na hiascaireachta is siombail é de cheannas nó easpa ceannais stáit ar a gcuid féin. I stáit áirithe bíonn cumhacht pholaitiúil ag iascairí – sa bhFrainc, sa mBeilg, san Ísiltír agus sa Danmhairg, mar shampla.
Tá an tAontas ag iarraidh leas a bhaint as sin le brú a chur ar na Sasanaigh maidir le seirbhísí airgeadais agus iad ag rá má tá Sasana ag iarraidh rochtain a bheith acu ar sheirbhísí airgeadais an Aontais, beidh orthu géilleadh maidir le cearta iascaireachta.
Agus, ar ndóigh, tá an tAontas ag diúltú cúrsaí airgeadais a phlé go dtí go mbeidh ceist na hiascaireacht agus an chúnaimh stáit pléite is aontaithe.
Tá sé deacair a fheiceáil go gceannóidh na Sasanaigh an mhuc i mála seo. Ach cuireann sé i gcuimhne dúinn an cleas a d’imir an Eoraip orainne thiar i 1970.
Lillis ÓLaoire
An í an Eoraip a bhí cleasach no an raibh Éire ar nós cuma liom?
Pól Ó Braoin
Tá cuid mhaith de na hiascairí as ceantair ghaeltachta agus tá a fhios go maith ag madaí na sráide cár sheas an ghaeltacht i gcúrsaí riaracháin an pháirtí FFFG ón tús ariamh…
Seán Ó Neachtain
Ba chóir breathnú níos gaire do bhaile chun cleasaíocht maidir le cúrsaí iascaireachta a iniúchadh
Seosamh Ó Beirgin
B’fhéidir go raibh Éire ar nós cuma liom toisc go raibh an tionscail iascaireachta (nó na iascairí iad féin) ar nós cuma liom faoi fhorbairt na iascaireachta ag an am.