Ní inniu ná inné a thosaigh an díospóireacht faoi scríobh na Gaeilge agus faoi cheart na Gaeilge

Bhíodh díospóireacht ghéar faoi scríobh na Gaeilge agus faoi cheart na Gaeilge idir cainteoirí agus scríbhneoirí as na cúigí i mblianta tosaigh an chéid seo caite

Ní inniu ná inné a thosaigh an díospóireacht faoi scríobh na Gaeilge agus faoi cheart na Gaeilge

Ba mhaith spéisiúil an díospóireacht a thosaigh le gairid i dTuairisc.ie faoin gcineál Gaeilge atá á scríobh sa lá atá inniu ann. Iomarbhá idir Dáithí De Mórdha agus Conchubhar Ó Liatháin a bhí ann i dtosach ach níorbh fhada go raibh buíon de na léitheoirí istigh ar an díospóireacht iad féin.

Bhí Conchubhar ag déanamh amach go mbíonn sé deacair cuid den ábhar a scríobhann Daithí, Breandán M. Mac Gearailt agus Máire Ní Fhinneadha a thuiscint.

‘Is féidir leis an teanga a bheith róshaibhir is ródheacair,’ a dúirt sé.

Ní raibh glacadh ar bith ag Daithí leis sin.

‘Bímis mórtasach as ár dteanga seachas a bheith ag sodar i ndiaidh na Gaeilge a chodail amuigh,’ a dúirt seisean. ‘Ná cuireadh focal nó téarma anaithnid as duit. Ní haon ualach an fhoghlaim, go háirithe agus oiread sin áiseanna foclóireachta agus teanga ar do dheis agat.’

Ach ní raibh deireadh ráite ag Conchubhar ná baol air.

Tá scríbhneoirí ‘ag cur saibhreas teanga chun tosaigh ar chumarsáid is intuigtheacht’ a dúirt seisean.

Dhúisigh cuid de na léitheoirí ansin agus thosaigh siad féin ag cur díobh. Gearr gonta a bhí tagairt amháin a fágadh: ‘Foc an caighdeán,’ ar sé/sí.

Chuir an sárú ar fad i gcuimhne dhom go mbíodh díospóireacht ghéar faoi scríobh na Gaeilge agus faoi cheart na Gaeilge idir cainteoirí agus scríbhneoirí as na cúigí i mblianta tosaigh an chéid seo caite.

Bhí Conradh na Gaeilge láidir ag an am agus neart Gaeilgeoirí breátha sna cúigí le bheith ag sciolladh agus ag feannadh ar a chéile.

‘Cúigeachas’ a thugtaí ar an gcath a bhíodh ar bun eatarthu.

Seo mar a chuir Colm Ó Gaora síos air ina leabhar Mise:

Éad agus formad, ceartas agus coimhlint a bhíodh ag Gaeilge cúige le cúige eile…Ba mhór le Gaeil cúige go mbeadh farasbarr Gaeilge, scríbhneoirí, leabhar, nó ollmhaitheas ar bith eile maidir le gaelachas de, ar chúigí níos mó ná a gcúige féin. Chuir an cúigeachas as do ghluaiseacht na Gaeilge san am. Is minic rud a rachadh chun tairbhe i gcúige go gcuirtí ar an méar fhada é, de bhíthin nach raibh an rud céanna le déanamh i gcúige eile. Is beag a bhí sa gConradh san am nach raibh tugtha don ghalar seo. Ag Ardfheis an Chonartha a bhí a thabhairt amach. Chuaigh sé idir a haon is a dó don Chonradh a bhriseadh mar gheall ar an gcúigeachas céanna. Bhí scríbhneoir Muimhneach ag scríobh don Freeman’s Journal an t-am seo. Chuaigh daoine a bhí go hardréimeach sa gConradh faoi dhéin lucht stiúrtha an pháipéir á iarraidh orthu Connachtach a chur ann. Fuair na Conraitheoirí brí a n-achainí agus cuireadh an Connachtach in áit an Mhuimhnigh. Tarraingíodh ardfheis speisialta mar gheall ar an gceist, agus d’fhág an t-imreas a bhí ann an Conradh an-lag ar feadh blianta ina dhiaidh sin.

B’in é tús an chéid seo caite. Inniu níl sa gConradh ach scáil i mbuidéal nach bhfuil á choinneáil beo ach an deontas. Maidir le Gaeilgeoirí cumasacha na gcúigí is i gcré na cille atá siad.

Sin é an t-aon áit anois a gcloisfidh siad caint thíriúil, caint chréúil, caint chraicneach a thosós ag damhsa orthu scaití, ag gol scaití, dá mbuíochas, mar a dúirt an Cadhnach.

Mar sin féin tá beagán fanta fós agus ní dochar ar bith an scéal a bheith á phlé agus a chíoradh.

Is fada liom féin go dtosóidh scrúdú ar an gcineál eile teanga atá á labhairt sa nGaeltacht anois – meascán de Ghaeilge agus de Bhéarla.

É seo mar shampla: ‘Níor mhór dhuit a bheith sa union really, níl say ar bith a’d otherwise.’

Nó an chaint seo a rinne fear garáiste le duine a thug carr chuige: ‘Tá sorry orm, a mhaicín, ach tá faitíos orm go bhfuil do chut out focáilte.’

Dála an scéil, ar fíor go ndearna duine de scríbhneoirí móra Thír Chonaill, na Grianna, an chaint seo a leanas: ‘Beidh Gaeilge á labhairt i nGaoth Dobhair go dtí nach fiú í a labhairt?’

Tá súil agam go dtiocfaidh freagra as Cúige Uladh air sin.

Tá súil agam freisin go bhfuil mo sheanchara Conchubhar Ó Liatháin in ann an méid atá scríofa anseo agam a thuiscint.

Abair leat. Leatsa leagan.

 

Fág freagra ar 'Ní inniu ná inné a thosaigh an díospóireacht faoi scríobh na Gaeilge agus faoi cheart na Gaeilge'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Léargas suimiúil ó Sheosamh agus scríte le h-éifeacht. Ní raibh gá dom dul ag Ó Dónaill ach uair amháin. Níl aon mhíniú ann ar ‘focáilte’….

  • Emer

    Go bhfios dom, níl cuntas ar an sáinn seo ina bhfuilimid ach ag Myles na gCopalleen-nó ag an Seanduine Liath ar baineadh geit as nuair a bhuail se le fear galánta agus ‘Labhair sé Gaeilg’ leis.
    ‘Sin mar a thainic cughain an dream sin ar a ngairmtear ‘na Gaelgoirí.’ Bhíodar ag fánaíocht ar fúd na dúiche le nót-bucs beaga dubha ag íaraí Gaeilge ár sean is ár sinear d’fholuim uainn.
    Níor cheart go mbeimis ar fad ag breith ar ár nót-búcs céanna. Ba cheart dúinn an focal deireannach a fhágail ag an Seanduine Liath ‘Náwbocklesh avic,’ Má mhaireann an teanga, tiocfaidh sí as. (DAS, táim ar leathanach 40 den Béal Bocht agus ina dhiaidh sin.) Ádh mór!

  • Seán Mag Leannáin

    Chuaigh sé idir a haon is a dó don Chonradh a bhriseadh = ba bheag nár briseadh an Conradh, is dócha?

  • An Déaghnach

    Bhí Iomarbhágh na bhFileadh againn tráth fadó agus mhair sé ar feadh ocht mbliana. Seo chugainn anois Iomarbhá na nGramadóirí agus is dóigh liomsa go mbeidh sí ag dul ar aghaidh ar feadh ocht gcéad bliain! B’fhéidir go brách ‘s go deo…os cionn talaimh ‘s faoi thalamh…ar feadh na síoraíochta!

    De réir mo bharúlsa, ceapaim go bhfuil an ceart ag Dáithí De Mórdha ar an gcuid is mó de. Tá dualgas ar Ghaeilgeoirí (is é sin le rá lucht foghlamtha na Gaeilge) Gaeilge cheart a fhoghlaim. Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh siad nathanna cainte, foghraíocht agus comhréir a fhoghlaim i gceart; agus neart Gaeilge a léamh chomh maith leis sin (ó chanúintí eile más féidir). Dá mbeinn an dearcadh céanna agamsa ar theangacha, mar is amhlaidh le “lucht na Gaeilge a chodail amuigh”, nuair a bhí mé ag foghlaim Gearmáinise, dhéanfaí ceap magaidh díom agus ní gan ábhar.

    Go deimhin, bíonn mé ag cur agus ag cúiteamh le mo chairde faoi seo. Ligeann siad an séimhiú agus na huruithe i ndearmad. Labhraíonn siad le béal Béarla agus bíonn siad ag baint úsáide as nathanna cainte Béarla (gan trácht ar na focail Bhéarla a chuala mé ina gcuid cainte) tar éis blianta fada ag foghlaim Gaeilge. Áfach, nuair a dhéanann tú cáineadh beag ar a gcuid Gaeilge, deireann siad i ndearbhú dána muiníne “Ach, tá sé mo dialect!” agus ” Ní bheidh éinne ag foghlaim Gaeilge le meon mar sin agat!”.

    Mar dhea! “Dialect” mo pholl thiar! Gaeilge ainnis, b’fhéidir.

    Cibé rud faoi chúpla focal Béarla measctha fudar fadar le Gaeilge, tá sé níos tábhachtaí go gcoinníonn muid ár gcomhréir, ár nathanna cainte agus ár bhfoghraíocht ar láimh shábháilte. Chun an Athair Peadar Ó Laoghaire a lua, dúirt sé:

    “By far the most important matter in connection with the revival of our language is the syntax. If the syntax be good, we have good Irish, even if half the words were foreign. If the syntax be bad, the language is not Irish at all, even though each separate word be the purest Irish.”

    Tá an ceart aige. Go deimhin, mholfainn go fonnmhar d’éinne anseo an hipitéis Sapir-Whorf a léamh. Deireann an hipitéis go mbíonn tionchar ag teanga ar smaoineamh: …a language is tailored to the world view of the people who speak it… i bhfocal eile. Mar sin, má tá comhréir agus nathanna cainte Béarla againn, ‘s araile, d’fhéadfaí a rá go bhfuil meon Béarla againn chomh maith…agus céard is fiú an cineál Gaeilge sin? Gaeilge Ghallda…

    B’amaideach, tá a fhios agam, a bheith ag súil nach bhfásfadh lustan Béarlachais i ngort na Gaeilge, ach, ag an am céanna, caithfidh muid a bheith san airdeall air.