Ní imreofar cluichí ceannais na Mumhan i bPáirc Uí Chaoimh agus moill ar obair thógála

Fógraíodh inniu nach mbeidh Páirc Uí Chaoimh réidh in am do chluichí ceannais na Mumhan an mhí seo chugainn

Ní imreofar cluichí ceannais na Mumhan i bPáirc Uí Chaoimh agus moill ar obair thógála

INPHO/Bryan Keane

Fógraíodh tráthnóna nach mbeidh Páirc Uí Chaoimh i gCorcaigh réidh do chluichí ceannais peile na Mumhan an mhí seo chugainn.

Tá an staid nua á tógáil le cúpla bliain anuas agus bhí sé mar aidhm ag Comhairle na Mumhan go mbeadh cluiche ceannais peile an chúige ar an 2 Iúil, idir Corcaigh agus Ciarraí, ar an an gcéad chluiche a d’imreofaí ar an bpáirc nua.

Meastar anois go n-imreofar an cluiche sin i Staid Mhic Gearailt i gCill Airne.

Cuireadh tús le tógáil na páirce nua in 2015 agus bhíothas ag súil an uair sin go mbeadh an obair uile déanta faoin 18 Meitheamh i mbliana, ach an 7 Iúil atá anois á lua mar dháta críochnaithe.

Bhí cluiche ceannais iomána na Mumhan ar an 9 Iúil le bheith ar siúl i bPáirc Uí Chaoimh chomh maith ach meastar nach ann a imreofar an cluiche sin ach an oiread.

D’fhógair Cathaoirleach Bhord Chontae Chorcaí, Ger Lane, ar maidin nach mbeadh an obair críochnaithe in am.

“Ar ndóigh, tá díomá orainn ach tá muid ag iarraidh go mbeadh cuma úrnua ar gach rud sula n-imreofar cluichí móra ann.

“Tá muid ag iarraidh a bheith cinnte go mbeidh na háiseanna nua ar an gcaighdeán a bhfuil muid ag tnúth leis agus tá muid sásta go dtarlóidh sé sin i lár mhí Iúil,” a deir Lane.

Fág freagra ar 'Ní imreofar cluichí ceannais na Mumhan i bPáirc Uí Chaoimh agus moill ar obair thógála'