‘Ní hiontas soiniciúlacht an phobail faoin Straitéis 20 Bliain, ach tá ré na gciorruithe thart’ – Aire Stáit na Gaeltachta

Deir an tAire Stáit Kyne gur fhág ciorruithe ‘faoi mhíbhuntáiste ón tús’ an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ach go raibh ‘dul chun cinn suntasach’ déanta mar sin féin

‘Ní hiontas soiniciúlacht an phobail faoin Straitéis 20 Bliain, ach tá ré na gciorruithe thart’ – Aire Stáit na Gaeltachta

Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne nach aon iontas é go raibh “leibhéal suntasach soiniciúlachta” i measc an phobail faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Ag labhairt dó sa Seanad inné, dúirt an tAire Stáit Kyne gur “faoi mhíbhuntáiste ón tús” a bhí an straitéis “uaillmhianach” i bhfianaise na géarchéime eacnamaíochta agus na gciorruithe a lean.

“I dtús báire measaim gur gá a aithint gur le linn na géarchéime eacnamaíochta is measa a bhuail an Stát riamh a lainseáladh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030. Go hiondúil, le haon straitéis infheistíochta Stáit mar seo, cuirtear i bhfeidhm í le meascán d’airgead atá ann cheana féin mar aon le hairgead nua a aimsítear ón Státchiste.

“Mar is eol do chách, ba a mhalairt a tharla i gcás na Straitéise 20 Bliain mar ní hamháin nár éirigh leis an Rialtas an t-airgead nua sin a aimsiú ach, go deimhin, ar mhaithe le heacnamaíocht na tíre a chur ar thalamh slán, b’éigean don Rialtas nua a tháinig isteach in 2011 ciorruithe a chur i bhfeidhm trasna an bhoird ar bheagnach gach líne bhuiséid a bhí ag an Státchiste.”

Dúirt an tAire Stáit, áfach, go raibh “dóchas” aige go raibh “ré na gciorruithe” thart.

“Tá mise, mar Aire Stáit le freagracht as gnóthaí Gaeltachta, dóchasach anois go bhfuil ré na gciorruithe curtha dínn agus fianaise de seo le feiceáil leis na buiséid seasmhachta a aontaíodh do 2016 agus 2017.

“In ainneoin na gcúinsí deacra ina raibh gníomhaireachtaí na Gaeilge, idir mo Roinn féin, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus na heagraíochtaí éagsúla atá á maoiniú acu, aithním go bhfuil éacht déanta acu leis an méid den Straitéis 20 Bliain atá bainte amach acu sa chéad sé bliana dá saolré.”

Dúirt sé go raibh “dul chun cinn suntasach déanta ar chur i bhfeidhm na réimsí gnímh éagsúla” atá luaite sa straitéis ón uair a foilsíodh í.

Mhaígh an tAire Stáit go raibh sé sásta freisin go bhfuil “cur chuige soiléir ann maidir le cur i bhfeidhm na straitéise”.

Chaith an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil, Catherine Ardagh, amhras ar thiomantas an Rialtais don Ghaeilge.

“Cruthaíodh go críochnúil an neamhaird atá ag Fine Gael ar pholasaí maidir leis an nGaeilge nuair nach raibh ar chumas an Aire is sinsearaí atá ceaptha sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta a cuid gnó oifigiúil a dhéanamh i nGaeilge.

“I ndáil leis an sprioc maidir le líon na gcainteoirí a labhraíonn Gaeilge gach lá a ardú ó 83,000 go dtí 250,000, dúirt an tlar-Choimisinéir Teanga sa bhliain 2013 gur dheacair duine ar bith a aimsiú a chreideann gur féidir an sprioc sin a thabhairt i gcrích,” a dúirt an Seanadóir Catherine Ardagh.