Ní hiontas fonn struipeála a bheith ar aon Chríostaí sa bhrothall dearg seo

Ní chúiseofar éinne lomnocht ar thrá nó cuan ach amháin má tá drochiompar nó bligeardaíocht ar bun acu

Ní hiontas fonn struipeála a bheith ar aon Chríostaí sa bhrothall dearg seo

Agus é ina bhrothall dearg le deich lá anuas, an gcuirfeadh sé iontas ar dhuine fonn struipeála a bheith ar aon Chríostaí, gan trácht ar Phágánach ná eile go deimhin?

Caith dhíot a dhuine mar sin, más amhlaidh atá.

Ach ná scanraigh an lucht féachana pé áit ina dtagann an teaspach ort.

Níl sé in aghaidh an dlí de réir dealraimh.

Coir ab ea é suas dtí 2014. Ach anois tá Cumann na Nocht in Éirinn, lucht an dúlrachais, sásta ná cúiseofar éinne lomnocht ar thrá nó cuan ach amháin má tá drochiompar, bligeardaíocht nó mígheanmnaíocht ar bun acu.

An raibh a fhios agat go bhfuil cúig cinn do thránna is cuanta ar fud na tíre atá molta go hard don lucht gur mian leo ‘caitheamh díobh’, más fíor an tUasal Google.

Ar bharr an liosta tá ceann i gCuan an Bhriotáis i gCo Chill Mhantáin.

Tá cáil thar na bearta ar an trá chéanna, agus meallann sí na mílte ó cheann ceann na bliana.

Dá réir ní foláir don nocht a bheith aireach nó beidh cait is madraí an bhaile a gliúcaíocht.

Sa tarna háit tá Cuan a’ Mhada i gCloch na Rón, Co na Gaillimhe.

Níl cur síos ná insint scéil ar áilleacht an cheantair san agus mealltar na sluaite an dúthaigh. Bíodh an nocht ar a aire.

Sa tríú háit tá Cóbh Shíomóin, agus sa cheathrú háit Bá Calisco i gCo Chorcaí.

Is beag é m’eolas ar thránna Chorcaí…ach mar aon le gach gné de thréithe an chontae san, níl a sárú ar fáil. Is iad fhéin is túisce a déarfadh leat é.

Níl Conamara Theas fágtha ar lár. Nach bhfuil Trá na gCeann i mBearna acu agus í sa chúigiú háit.

Tugaim fé ndeara ná fuil aon cheann i measc na gcúig cinn is fearr luaite le Tír Chonaill ná Co Chiarraí, n’fheadar cad a deireann sé sin fé áitreabhaigh an dá chontae – drochaimsir is cúthaileacht ní foláir ag cur laincise is balcaisí orthu.

Agus tuar na haimsire go fíormhaith go ceann tamaillín eile, fágaimis an focal scoir ag na saineolaithe. Deir Cumann na Nocht a bheith ciallmhar cúirtéiseach discréideach nuair a bhuailfidh an fonn struipeála duine.

Más duine tú ná géilleann don Uasal Google agus a théann a’ tochailt ar shuíomh

https://irishnaturism.org gheobhaidh tú breis eolais ar áiteanna eile atá oiriúnach.

Ag cuardach im réigiún féin dom, feicim go bhfuil ladhar mhaith acu i gcontae Chiarraí, Trá na Beannaí ina measc, trá iomráiteach Roger Casement bocht, agus Trá Bhiaille i dtuaisceart an chontae.

Tá ladhar acu leis i gCorca Dhuibhne, más é do thoil é. Tá trá iomráiteach Inse, trá atá ceithre mhíle ar faid nach mór agus fuílleach spáis agat chun siamsaíochta id chraiceann dearg.

Nuacht eisiach do mhuintir Chorca Dhuibhne é a déarfainn, go bhfuil Trá álainn Chlochair agus Trá aoibhinn na Muirí áirithe ina measc.

Tá an tráigh san siúlta agamsa agus a thuilleadh nach mé gach aon lá den tseachtain le blianta beaga anuas agus seachas fo-smugairle róin, is beag rud suaithinseach a chonac ann. Is léir ná fuilim ag féachaint san áit cheart, nó b’fhéidir gur i gcoim na hoíche nó le breacadh an lae a bhíonn an t-aicsean.

Más ea, nach é a gcúram féin é, bail orthu.

Fág freagra ar 'Ní hiontas fonn struipeála a bheith ar aon Chríostaí sa bhrothall dearg seo'