Ní hiontas cathair na Gaillimhe a bheith faoi bhratacha le cúpla seachtain

Tá Corn an Chontae tugtha go Cathair na dTreabh den chéad uair ó 1970 ag Cumann Uí Mhaoilíosa

Ní hiontas cathair na Gaillimhe a bheith faoi bhratacha le cúpla seachtain

Imreoirí Liam Uí Mhaoilíosa ag ceiliúradh. Pictiúr: INPHO

De ghnáth is ag léiriú tacaíochta d’fhoireann rugbaí Chonnacht a bhíonn na bratacha glasa agus bána a fheictear ar foluain timpeall na cathrach i nGaillimh. Tá siad níos tréine ansiúd le cúpla seachtain ná a bhí le fada ach an babhta seo, is in ómós Chumann Iomána Liam Uí Mhaoilíosa atáid – crochta ó thús na míosa ag guí chuile ádh orthu i gcluiche ceannais an chontae in aghaidh Ghort Inse Guaire agus crochta ó shin mar chomhartha ar an ngaisce ó bhuadar orthu siúd agus ó thug siad Corn an Chontae go Cathair na dTreabh den chéad uair ó 1970. An naoú craobh ar fad acu ach an fanacht ab fhaide orthu ó bunaíodh iad i 1933.

Go traidisiúnta ba le lár na cathrach a bhain Cumann Uí Mhaoilíosa – an giota sin idir an áit ar a dtugtar Barr an Chaladh, a shíneann le habhainn na Coiribe ar an mbruach thoir agus ceantar an Bhóthair Mhóir.

Nuair a bunaíodh ar dtús iad agus nuair a d’imir siad a gcéad chluiche, bhí garrantaí glasa na tuaithe i bhfoisceacht poc fada den gheadán talún ar a mbídís ag cleachtadh idir Bóthar na Díge agus an abhainn – páirc bheag ar a dtugtar ‘Na Plots’ agus a bhfuil a háit féin aici i stair iomána na cathrach.

Bliain faoi leith ab ea an bhliain 1935 i stair Chathair na dTreabh. Cuireadh an dealbh de Phádraic Ó Conaire ar taispeáint ar an bhFaiche Mhór den chéad uair agus toghadh chun na Dála comharba Mháirtín Mhóir Mhic Dhonnchadha, an fear gnó de bhunadh cheantar na nOileán i gConamara agus arbh as Árainn a mháthair.

An bhliain sin atá thíos don bhua ba thúisce a bhí ag Cumann Uí Mhaoilíosa ar chraobh shinsir iomána na Gaillimhe den chéad uair, cé gur fhág an agóidíocht agus an t-achrann a bhí coitianta go leor in iomáint na Gaillimhe ag an am nár imríodh an cluiche ceannais idir iad féin agus Baile an Doirín go raibh tús an Aibreáin an bhliain dár gcionn tagtha.

Tá sé thar a bheith suimiúil go raibh 20 cumann i gContae na Gaillimhe san iomaíocht i gcraobh iomána na bliana sin agus nach raibh ach 9 bhfoireann shinsir peile sa gcontae.

Ní raibh MJ ‘Inky’ Flaherty as an mBóthar Mór ach 17 bliain d’aois an uair sin, ach scóráil sé 3 chúl i mbua Liam Uí Mhaoilíosa ar Bhaile an Doirín. Bhí ‘Inky’ ina bhainisteoir ar fhoireann an chontae ina dhiaidh sin ar ndóigh nuair a bhuaigh siad an tSraith agus nuair a bhain siad Cluiche Ceannais na hÉireann amach i 1975.

Ar shloinnte na n-imreoirí eile a bhí ina theannta bhí cuid mhaith den dream a bhunaigh an club – Muintir Mhic Aodha, Tonry, Elwood, agus tuilleadh nach iad.

Comhthreomhar leis an mBóthar Mór atá Bóthar an Choláiste agus ba ansiúd a rugadh agus a tógadh na Duagánaigh – Seán agus a dheartháir Jimmy, an bheirt imreoirí ba cháiliúla a chaith geansaí Uí Mhaoilíosa riamh is dócha, rud a rinne a ndeartháir Paddy chomh maith

Seán ba shine agus chaith sé deich mbliana mar chúl báire ar fhoireann an chontae, bhuaigh sé 5 chraobh le Cumann Uí Mhaoilíosa agus roghnaíodh é ar fhoireann iomána na Mílaoise i nGaillimh.

Bhí Seán ar fhoireann an chontae a bhuaigh an Sraithchomórtas Náisiúnta i 1951 agus d’imir sé féin agus Jimmy i gCluichí Ceannais na hÉireann, ach gur bhuaigh Corcaigh orthu i 1953 agus Tiobraid Árann cúig bliana dar gcionn.

Ar an mBóthar Beag, ar chúl Pháirc an Spóirt, áit a n-imríonn foireann rugbaí Chonnacht sa lá atá inniu ann, a bhí an pháirc imeartha ag Cumann Liam Uí Mhaoilíosa ar feadh na gcianta agus ba béal dorais, ar pháirc rugbaí an lae inniu, a rinneadh an chéad imirt ar cheann de na cluichí ba mhó a tharraing caint lena linn.

Cluiche Ceannais Iomána na Gaillimhe 1942 atá i gceist – ceann inar bhuaigh foireann na cathrach ar Ard Raithin go réidh, ach ab éigean a imirt arís (i mBaile Locha Riach an babhta seo) mar gur glacadh le hagóid a rinne Ard Raithin inar dúradh go raibh an pháirc ar an mBóthar Beag 26 slat róghiortach agus go raibh i bhfad an iomarca féir uirthi.

Bhuaigh Liam Ó Maoilíosa an cluiche athshocraithe freisin, ach tharla an oiread achrainn lena linn agus ina dhiaidh gur shocraigh Bord na Gaillimhe an comórtas a chaitheamh i dtraipisí.

Sa mbliain 1980 cheannaigh an cumann 13 acra talún ón Arm i mBaile an Locháin ar bhruach thoir na cathrach agus cé go raibh siad ann ag an am a dúirt go rabhthas ag tabhairt cúl don dúchas, chruthaigh a mbua i gcraobh 2017 go mba é sin, mar aon leis an obair atá déanta acu le foirne faoi aois, an rud ceart le déanamh.

Tá páirc imeartha faoi shoilse acu, páirc uile-aimseartha, 3 pháirc astro, mar aon le clubtheach breá agus 700 ball gníomhach.

Ní hiontas cathair na Gaillimhe a bheith faoi bhratacha le cúpla seachtain.

Sa lá atá inniu ann is cumann a sheasann don chathair ina hiomláine cuid mhaith is ea Cumann Uí Mhaoilíosa.

Nuair a cheannaigh mé clár an lae ag dul isteach go Páirc an Phiarsaigh cúpla seachtain ó shin, ba dheas liom go raibh bailte fearainn nó sráideanna na n-imreoirí tugtha – faisean atá ag Coiste Iomána na Gaillimhe le fada agus ceann a leanfaidh siad leis, tá súil agam.

Ar na háiteacha a bhí luaite le hiománaithe na mbuaiteoirí bhí Muirbheach, Caislín, Cnoc na Cathrach, Mionlach, An Rinn Mhór agus fiú an Caisleán Gearr. Bhí lá den saol ann nuair nach bhféadfá an dá ainm sin a chur san abairt chéanna!

Tá fairsingiú mór tagtha ar chathair na Gaillimhe ó bhuaigh Cumann Uí Mhaoilíosa Corn an Chontae den chéad uair i 1935. Tá méadú as cuimse tagtha orthusan freisin, ach bhí ainmneacha Mhic Aodha agus Elwood agus tuilleadh lena gcos le feiceáil ar an gclár a thug mise liom abhaile.

Ní féidir ach gur chun tairbhe na cathrach, an chontae agus an chlub a thiocfaidh an méid seo ar fad.

Fág freagra ar 'Ní hiontas cathair na Gaillimhe a bheith faoi bhratacha le cúpla seachtain'