‘Ní hionann dearcadh dearfach agus séanadh’ – freagra tugtha ag Mac Con Iomaire ar údair litir ghearáin

Deir Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ go mbeadh sé ‘contúirteach’ gan aird a thabhairt ar statisticí taighde, ach go bhfuil a chontúirt féin ag baint le neamhaird a dhéanamh ‘ar an saol taobh amuigh den tsaotharlann’

Ronán Mac an Iomaire

Tá freagra tugtha ag Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, ar líomhaintí beirt acadóirí gur bhain sé mí-úsáid as “stádas corparáideach” a oifige in alt a scríobh sé don Irish Independent.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Mac Con Iomaire go mbeadh “muid ar fad níos fearr as dá nglacfaí le plé oscailte agus le malairt tuairimí seachas bheith ag seoladh litreacha ag tabhairt le fios go bhfuil tuairimí atá ‘ill-advised’ ag daoine eile”.

Mar a tuairiscíodh anseo inné, tá litir seolta ag na taighdeoirí Conchúr Ó Giollagáin agus Brian Ó Curnáin chuig Ard-Stiúrthóir agus Bord RTÉ ina líomhnaítear gur bhain Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ mí-úsáid as a oifig.

Ag tagairt d’ábhar na litreach sin, dúirt Mac Con Iomaire le Tuairisc.ie go raibh “iontas” air “go bhféadfaí an oiread de mhíbhrí agus de mhíthuiscint” a bhaint as an méid a scríobh sé san alt leis ar an Irish Independent.

Thagair Mac Con Iomaire ina alt do dhá thuarascáil taighde le Ó Giollagáin agus Ó Curnáin ina dtugtar fianaise shochtheangeolaíochta faoi mheath na Gaeilge sa Ghaeltacht, ach ní ag cáineadh saothar na dtaighdeoirí a bhí sé, dar leis.

“Tá sé soiléir nach ag cáineadh cur chuige na staidéar féin a bhí mé, ach an bealach ina gcuireann páirtithe éagsúla torthaí staidéir dá leithéid i láthair,” a deir Mac Con Iomaire.

Maidir leis an gcomparáid a rinne údair na litreach idir an dearcadh, dar leo, a léiríonn Mac Con Iomaire ina alt agus an dearcadh a bheadh ag duine a shéanfadh go raibh a leithéid de rud ann agus an téamh domhanda, deir Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ go n-aithníonn sé na dúshláin roimh an nGaeilge sa Ghaeltacht.

Údar imní dó go dtabharfaí a mhalairt le fios.

“Maidir liom bheith ag séanadh staid na Gaeilge sa Ghaeltacht, tugaim le fios go soiléir san alt go bhfuil dúshláin ann i leith na Gaeilge sa Ghaeltacht, agus is cúis mhór imní dom go gcuirfí a mhalairt i mo leith. Ní hionann dearcadh dearfach agus séanadh,” a deir Rónán Mac Con Iomaire.

Deir sé gur cúis iontais dó go ndéarfaí faoina thuairimí go bhfuil siad ‘naïve’ agus ‘ill-informed’.

“Mar dhuine a rugadh agus a tógadh sa Ghaeltacht, atá ag tógáil a chlann le Gaeilge sa Ghaeltacht, atá ag tuairisciú ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta le beagnach scór blianta, agus atá anois ag feidhmiú le cúram na Gaeilge orm ag ardleibhéal bainistíochta in RTÉ, cuireann sé ionadh orm go mbeadh na húdair den tuairim go bhfuil mo chuid tuairimíochta ‘naïve’ agus ‘ill-informed’.

“Cé mar sin, seachas na húdair féin, atá i dteideal tuairim i leith staid na Gaeilge sa Ghaeltacht a thabhairt?”

Dúirt Mac Con Iomaire go mbeadh sé “contúirteach” gan aird a thabhairt ar statisticí taighde ach go raibh a chontúirt féin ag baint le neamhaird a dhéanamh “ar an saol taobh amuigh den tsaotharlann”.

Fág freagra ar '‘Ní hionann dearcadh dearfach agus séanadh’ – freagra tugtha ag Mac Con Iomaire ar údair litir ghearáin'

  • Conchúr Ó Giollagáin

    Obair páirce a rinneadh i measc an phobail i gcaitheamh roinnt blianta atá sa taighde. Sin é modh oibre coitianta na n-eolaíochtaí sóisialta. Iarraimid ar dhaoine atá ag trácht ar an taighde é a léamh https://www.cogg.ie/wp-content/uploads/iniuchadh-ar-an-gcumas-datheangach.pdf
    Conchúr Ó Giollagáin

  • sinead@hotmail.com

    molaim thú a chonchúir as an obair a rinne tú go dtí seo. lean ort agus ná bac leis na hegos in rte.

  • genotropin

    wonderful points altogether, you simply won a new reader.
    What could you recommend about your publish that you juust made some days ago?
    Any positive?