Ní hionann ‘cat’ an scríbhneora agus ‘cat’ an chartúnaí

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Agus ár gcolúnaí ag plé le greannán, fuair sé amach go mbíonn saoirse stíle i bhfad níos mó ag an amharcealaíontóir ná mar a bhíonn ag an té a bhíonn ag brath ar fhocail amháin

Ní hionann ‘cat’ an scríbhneora agus ‘cat’ an chartúnaí

Agus mé ag fanacht ar scéala faoi úrscéal a chuir mé isteach sa saol mór ar thóir foilsitheora, agus gan é de mhisneach agam tabhairt faoi thogra mór nua ar eagla go mbeidh orm filleadh ar an úrscéal sin faoi dheifir, shocraigh mé díriú ar thogra beag atá ar siúl agam ar an taobh le tamall de bhlianta anuas: greannán aicsin.

Tá sé saghas greannmhar go mbeadh greannán idir lámha agam. Níl aon mhaith liom ag déanamh léaráidí. Ach tá neart bogearraí ann a ligeann duit léaráidí i stíl ghreannáin a dhéanamh de ghrianghraif. Am éigin le linn na paindéime bhí leadrán orm féin agus ar chara liom, thóg muid sraith grianghraf dínn féin a d’inseodh scéal, agus tá mé ag pleidhcíocht leis an scéal sin ó shin.

Níl an saothar le foilsiú. Níl ann ach caitheamh aimsire; cuimhneachán ar thréimhse dár saol a bheidh ann a chuirfidh mé féin agus mo chara ag gáire nuair a bheidh muid sean agus craptha.

Ach oscailt súl mhór mhillteach dom é, mar scríbhneoir nach mbíodh plé aige ach le focail, a bheith ag plé le meán nua: íomhánna.

Rud nár rith liom riamh, mar shampla, ná go mbíonn saoirse agus éagsúlacht stíle i bhfad níos mó ag an amharcealaíontóir ná mar a bhíonn ag an scríbhneoir.

Cinnte, is mór an difear idir stíl scríbhneoireachta Eithne Ní Ghallchobhair agus stíl scríbhneoireachta Choilm Uí Cheallacháin, gan ach beirt scríbhneoirí comhaimseartha Gaeilge a lua.

Ach dá dteastódh ó Eithne agus ó Cholm, nó ó Bhiddy nó Réaltán nó Cathal nó Micheál cur síos a dhéanamh ar chat, ní bheadh rogha acu ach úsáid a bhaint as an bhfocal céanna: cat.

Dá éagsúla ár gcuid stíleanna, ár gcuid seánraí agus ár gcuid téamaí, baineann scríbhneoirí uile na Gaeilge úsáid as na blocanna tógála céanna: stór focal na Gaeilge. Ní hamháin sin, tá muid ar fad srianta ag an ngramadach, ag an gcomhréir agus ag na nósanna úsáide céanna. Agus ar ndóigh tá an méid céanna fíor faoi scríbhneoirí i dteanga ar bith.

Cuir é sin i gcomparáid anois leis an tsaoirse a bhíonn ag an gcartúnaí. Níl cosúlacht ar bith idir Garfield (an cat is iomráití i saol na ngreannán, seans) agus Sylvester (an cat a bhíonn ar thóir Tweety) agus tá an cat greannáin is fearr liom féin, peata Gaston Lagaffe, go hiomlán éagsúil arís.

An ceacht mór eile a d’fhoghlaim mé ó bheith ag plé le greannán ná nach ionann an próiseas cruthaitheach i gcás an fhicsin scríofa agus i gcás na ngreannán. Sa leabhar scríofa, bíonn tús áite ag an bhfocal scríofa i gcónaí. Ní bhíonn léaráidí i bhficsean do dhaoine fásta ach go fíorannamh (eisceacht spéisiúil is ea Cré na Cille) agus nuair a bhíonn léaráidí i bhficsean don aos óg nó do dhéagóirí is ag tacú leis an téacs a bhíonn siad; ní hiad na pictiúirí ach na focail a insíonn an scéal.

Sna greannáin is fearr, dar liom, bíonn tús áite ag an íomhá, ní hamháin ar an leathanach féin ach sa phróiseas cruthaitheach. Nuair a chuirim tús le leathanach nua sa togra beag atá ar siúl agam, leagaim síos na pictiúirí ar dtús agus bím ag pleidhcíocht leo ar feadh i bhfad – á mbogadh thart, ag athrú na bhfrámaí, ag cur pictiúirí eile ina n-áit más gá – sula gcuirim isteach téacs ar bith.

Domsa, mar scríbhneoir gnáthleabhar (ceal téarma níos fearr), ceacht umhlaíochta de shaghas atá ann, uirlisí mo cheirde – na blocanna tógála sin a bhfuil oiread ceana agus measa agam orthu – a fheiceáil in áit thánaisteach. Uaireanta ní bhíonn smacht agam orm féin agus cuirim isteach balún cainte mór millteach, ach bíonn drochthoradh air i gcónaí: an rud is measa a d’fhéadfá a dhéanamh i ngreannán ná an rud a bhíonn soiléir ó phictiúr a mhíniú i bhfocail.

Fág freagra ar 'Ní hionann ‘cat’ an scríbhneora agus ‘cat’ an chartúnaí'