Ní hionann an lón póca scoile agus béile ar bith eile…

Cá bhfuil an páiste nach dtaitníonn sméara leo ach atá fiáin chuig cipíní cairéid? 

Ní hionann an lón póca scoile agus béile ar bith eile…

Ar chuala tú trácht riamh ar an lón pacáilte, nó an lón póca, más maith leat? Ní gnáthlón pacáilte atá i gceist agam, ach an lón póca scoile. 

Ní hionann an lón póca scoile agus lónta eile, ná ní hionann é agus aon bhéile eile a réitítear i dtithe ar fud na hÉireann, ná, go deimhin ar fud an domhain.

Is dócha go bhfuil a fhios agat céard é lón, ach níl aon dochar sainmhíniú a thabhairt ar an lón póca scoile. 

Is éard é ná béile úr a réitítear gach maidin is a chuirtear isteach i mbosca nó i máilín páipéir i rith an lae. Tráthnóna, leagtar ar ais sa gcistineach é. 

Ar maidin, cuirtear an bosca beag lóin isteach sa mála scoile agus tugtar é don pháiste ar an tuiscint go mbeidh cothú éicint ar fáil acu agus iad imithe ón mbaile, dá mbuailfeadh ocras iad. 

Ní hiad na tuismitheoirí amháin atá istigh ar an gcur i gcéill seo. Má théann tú go dtí suíomh idirlín Bhord Bia, feicfidh tú go molann siad lón sláintiúil a phacáil do pháistí scoile gach maidin. 

Tá léaráidí acu agus chuile shórt. Deir siad gur cheart lón a réiteach a thugann aird ar an bpirimid bia. Shíl mé ar dtús gur comhartha éigin reiligiúnda ón tsean-Éigipt a bhí sa bpirimid bia, ach bhí dul amú orm. 

Ní iairiglifí a bhí sna léaráidí beaga, ach áis fhísiúil a thugann tuiscint den chóimheas carbaihiodráití, próitéiní agus vitimíní ba cheart a bheith sa lón (bhuel, i ngach béile dáiríre, ach tá mé ag caint ar an lón faoi láthair). 

Ní hamháin go dtugann siad léaráidí, ach tá samplaí de ‘lón sláintiúil’ tugtha acu freisin. Dáiríre, ní fhéadfá aon locht a fháil ar na háiseanna iontacha atá ar fáil ar an suíomh. 

D’fhéadfá ceapaire ar arán donn a réiteach, mar shampla, agus cáis a chur ann agus, b’fhéidir, leitís nó cipíní cairéid a chur lena thaobh. Bheadh sé sin ina lón pirimide den chéad scoth. 

Gach lá, ag am éicint rúnda i rith an lae, bainfidh an páiste greim amháin as an lón pirimide, nó ‘ceapaire’ mar a thugtar air sa gcaint, agus socróidh siad nach dtaitníonn sé leo. Is cuma cén cineál ceapaire é. 

Má bhíonn an-ocras orthu, b’fhéidir go ndéanfadh siad iarracht rud éicint a mhalartú le páiste eile sa rang ar stocmhargadh an lóin scoile. Seans go mbeadh duine ann a mbeadh cíobhaí acu nó b’fhéidir sméara gorma. Ach cá bhfuil an duine nach dtaitníonn sméara leo ach atá fiáin chuig cipíní cairéid? 

Is dóigh nach gá dom a rá nach n-éiríonn leis an margadh, níl an ráta malairte ar chipíní cairéid ró-mhaith faoi láthair.

Gach tráthnóna, filleann an lón póca, agus greim amháin bainte as, ar an teach. Tá an lá caite ag na carbaihiodráití is ag na vitimíní ina bpaisinéirí i bhfolach i dtóin an mhála scoile. 

An bhféadfá a rá gur béile é mura n-itear é? An searmanas casta atá ann agus siombalachas ag baint leis? Ofráil do na déithe?

Fág freagra ar 'Ní hionann an lón póca scoile agus béile ar bith eile…'